Cúis cheiliúrtha ag Raidió Fáilte agus iad ag bogadh go dtí láthair nua go luath

Tá an stáisiún pobail Feirsteach a thug leis duais ag Féile na Meán Ceilteach in Llanelli le déanaí, ag súil le haistriú go dtí a bhfoirgneamh nua-thógtha go luath

Cúis cheiliúrtha ag Raidió Fáilte agus iad ag bogadh go dtí láthair nua go luath

Tá Raidió Fáilte, an stáisiún pobail Feirsteach a thug leis duais ag Féile na Meán Ceilteach in Llanelli le déanaí, ag súil le haistriú go dtí a bhfoirgneamh nua-thógtha go luath, foirgneamh a bhfuil £2 mhilliún á lua leis. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt stiúrthóir Raidió Fáilte, Fergus O’Hare gur “mór an spreagadh é don fhoireann ar fad” gur bronnadh an duais do ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ orthu ag an fhéile a bhí ar siúl sa Bhreatain Bheag an tseachtain seo caite.

“Tá muid an-sásta leis an duais. Fuair muid moladh ard ó na moltóirí agus sílim gurb é seo an chéad bhliain ar thuig siad an rud atá ar siúl ag an stáisiún ó thaobh na Gaeilge a athbheochan agus á cur chun cinn i measc an phobail,” a dúirt sé.

Dúirt O’Hare gur thiomnaigh sé an duais “do na hoibrithe ar fad” a bhíonn ag obair le Raidió Fáilte agus “do phobal na Gaeilge ar fud na tíre a bhíonn ag troid ar son na Gaeilge”.

Thug stiúrthóir an stáisiúin Gaeilge le fios go bhfuil Raidió Fáilte ag súil le bheith ag craoladh óna bhfoirgneamh nua-thógtha roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

Cuireadh tús leis an phróiseas pleanála cúig bliana ó shin agus fuarthas maoiniú don togra ó fhoinsí éagsúla, ina measc An Roinn Pobail agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Foirgneamh ceithre hurlár atá i gceist, a bheidh lonnaithe ag bun Bhóthar na bhFál. I measc na n-áiseanna a bheidh ar fáil ann beidh trí stiúideo raidió, caifé, oifigigh agus seomra léiriúcháin agus stiúideo ceoil ar leith.

“Beidh an Ghaeilge an-fheiceálach san fhoirgneamh nua agus beidh sé ina chomhartha go bhfuil an teanga láidir anseo sa Cheathrú Gaeltachta”, a dúirt stiúrthóir Raidió Fáilte, Fergus O’Hare.

Thosaigh Raidió Fáilte ag craoladh in 2006 ó Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich, ar Bhóthar na bhFál agus aistríodh an stiúideo in 2011 chuig Ionad an Dá Spuaic, Sráid Northumberland in iarthar na cathrach, áit a mbíonn Raidió Fáilte ag craoladh faoi láthair.

Faoi láthair, bíonn Raidió Fáilte ar fáil i gcathair Bhéal Feirste ar 107.1 FM ach thug stiúrthóir an stáisiúin le fios do Tuairisc.ie go bhfuil iarrachtaí ar bun acu chun limistéar craolta an stáisiúin a leathnú amach níos faide.

Fág freagra ar 'Cúis cheiliúrtha ag Raidió Fáilte agus iad ag bogadh go dtí láthair nua go luath'

  • Breathnóir

    Go n-éirí go geal leo.