‘Cuirimis faoi cheilt gur mná sinn agus gheobhaimid foilsitheoir’

Ba mhinic bac ar mhná ábhar dá gcuid féin a fhoilsiú agus deirfiúracha Brontë ag cur peann le pár

‘Cuirimis faoi cheilt gur mná sinn agus gheobhaimid foilsitheoir’

‘Más féidir linn a chur faoi cheilt gur mná sinn agus ainmneacha cleite a úsáid, gheobhaimid foilsitheoir’.

Is mar sin a labhair Anne Brontë lena deirfiúr, Emily, le cur ina luí uirthi gurbh fhiú dóibh a gcuid ábhar breactha a roinnt leis an saol. Bhí an tríú deirfiúr, Charlotte, i mbun pinn ag an am freisin agus The Professor á scríobh aici.

Ghéill Emily agus Charlotte d’Anne sa deireadh, ar an gcoinníoll go n-úsáidfidís ainmneacha cleite chun a mbaineannacht a chur faoi cheilt. Ba de threabhchas Uí Phronntaigh i gCúige Uladh muintir Brontë, sloinne a thagann ón mbriathar ‘pronn’, an seanleagan Ultach de ‘bronn’, agus ní beag an méid a bhronn siad triúr ar léitheoirí litríocht an Bhéarla. 

Sheol siad dréachtaí dá gcuid saothar chuig Smith, Elder & Co. i Londain agus bhain siad leas as na hainmneacha cleite ‘Acton, Currer & Ellis Bell’. B’ionann na chéad litreacha sna hainmneacha sin agus an chéad litir ina n-ainm agus a sloinne féin.

Bhí an foilsitheoir, George Smith, thar a bheith tógtha leis an ábhar ach i litir a scríobh sé thar   n-ais chucu roinnt míonna ina dhiaidh, thagair sé do ráfla a bhí tosaithe ag foilsitheoir eile, Thomas Newby, nach raibh ach duine amháin ag scríobh na saothar ar fad agus nach raibh ach an t-aon údar amháin i gceist i ndáiríre, seachas triúr.

Bhí Charlotte spréachta nuair a léigh sí an méid sin agus b’fhacthas di nach raibh ach réiteach amháin ar an scéal: chaithfeadh na mná iad féin a chur in iúl agus in aithne don fhoilsitheoir i Londain ina gcruth daonna.

Chuir Charlotte i gcion ar Anne dul in éineacht léi ach dhiúltaigh Emily. Bhí margadh déanta acu triúr roimhe sin nach gcuirfidís in iúl don domhan mór cérbh iad féin agus theastaigh ó Emily fanacht dílis don mhargadh sin.

Seacht n-uaire déag a thóg sé ar Charlotte agus ar Anne Londain a bhaint amach ó Yorkshire. ‘Cé sibh féin?’, a deir an foilsitheoir leo nuair a bhain siad a oifig amach. ‘Is mise Currer Bell agus seo í mo dheirfiúr, Acton Bell. Tá ár ndeirfiúr eile, Ellis Bell, sa bhaile in Yorkshire’, a deir Charlotte leis.

‘Ní fhéadfadh sé gur tusa an t-údar breá sin, Currer Bell’, a deir an tUasal Smith le Charlotte. ‘An amhlaidh nach bhféadfadh?’, arsa Charlotte leis. ‘Cén fáth?’ Toisc gur bean mé? Toisc an chanúint atá orm?’.

Thuig an foilsitheoir sara i bhfad go raibh na mná lándáiríre agus gurb í an fhírinne a bhí acu. ‘Bhuel, is mór an phribhléid bualadh libh sa deireadh thiar’, a deir an foilsitheoir ó chroí leo, agus athrú poirt aige.

Thug sé timpeall na cathrach iad an tráthnóna sin féin agus cuireadh in aithne d’uaisle Londan iad sara raibh an lá caite. Nuair a thit an oíche, cuireadh lóistín den scoth ar fáil dóibh. D’fhill siad ar a ndeirfiúr, Emily, lá arna mhárach agus iad ríméadach.

Lá le de na laethanta agus iad amuigh ag siúl sa ghort in éineacht le cara leo, d’fhéach an cara suas sa spéir. ‘Féachaigí ar an spéir!’, ar sise de gheit leo. D’fhéach. Céard a bhí ann ach trí ghrian díreach os a gcionn! ‘Is ionann iad agus sibhse’, arsa an cara leo.

Má bhí solas agus sonas ina saol an t-am sin, ní raibh scáil an dorchadais i bhfad uathu. Chomh maith lena n-inscne, is é an chúis eile ar theastaigh uathu ainmneacha cleite a úsáid ná a ndeartháir, Branwell, a bhí i ngreim ag an ól.

Ba é mian a chroísean a bheith ina scríbhneoir ach ní raibh aon toradh ar a chuid iarrachtaí, de réir dealraimh. Dá mbeadh a fhios aige go raibh ag éirí lena dheirfiúracha sa cheird sin, bhrisfeadh sé a chroí agus d’ólfadh sé níos troime fós. Níor theastaigh ó na mná go bhfulaingeodh sé mar sin.

Má bhí rath orthu sa mhéid sin, fuair an t-ól an ceann is fearr ar Branwell mar sin féin agus cailleadh é i Meán Fómhair na bliana 1848.

Fuair Emily fuacht ar a shochraid agus cailleadh í féin le heitinn trí mhí ina dhiaidh sin, ar an 19 Nollaig, 1848. Tríocha bliain d’aois a bhí sí.

Chuir Seán Ó Ciosáin Gaeilge ar mhórshaothar Emily, Wuthering Heights, sa bhliain 1934 , ach is fiú a rá gur chum sí cuid de na dánta ba bhreátha riamh sa Bhéarla, an tseoid No Coward Soul is Mine ina measc.

Ní heol dom gur cuireadh Gaeilge ar aon cheann de na dánta sin. Ba cheart go gcuirfí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar scéal agus ar shaothair dheirfiúracha Brontë anseo

Fág freagra ar '‘Cuirimis faoi cheilt gur mná sinn agus gheobhaimid foilsitheoir’'