Cuirfidh Ciarraí agus Maigh Eo cruacheisteanna ar a chéile

D’fhéadfadh Ciarraí agus Maigh Eo a bheith in adharca a chéile i mí Iúil na bliana seo ach a n-imreofar cluiche ceannais na hÉireann

Cuirfidh Ciarraí agus Maigh Eo cruacheisteanna ar a chéile

Is deacair do chuid againn a bhfuil dul amach éigin againn ar an gcaidreamh cráite idir Ciarraí agus Maigh Eo, a chreidiúint go bhfuil dhá bhliain déag ó bhuaigh Ciarraí go deireanach ar a bhfód féin i dTrá Lí nó i gCill Airne ar Mhaigh Eo. Is amhlaidh atá, áfach, agus níl ansan ach ceann des na tréithe a mheallfaidh na sluaite go Páirc Aibhistín de Staic tráthnóna, ainneoin na doininne. 

B’fhéidir, leis, go bhfuil mealladh éigin ag baint leis an dtuiscint go bhféadfadh an dá fhoireann seo bheith in adharca a chéile i mí Iúil na bliana seo ach a n-imreofar cluiche ceannais na hÉireann. San earrach a thosnaíonn aislingí agus caithfear bheith ag tnúth le laethanta geala an tsamhraidh nuair ná fuil puinn gealais eile sa tsaol idir aimsir abhus agus ainnise san Úcráin.

Toisc go bhfuil an dá fhoireann ar comhtharrac i mbarra sraithe, tabharfaidh cluiche an tráthnóna inniu éachtaint eile dúinn ar an ndul chun cinn nó a mhalairt atá déanta ag an dá bhuíon agus iad ag stócáil chun na craoibhe. 

Freagrófar ceisteanna áirithe ón dá thaobh, ceisteanna ar nós- an bhfuil an doimhneas ina bpainéal is a taibhsítear do mhuintir Mhaigh Eo? Tá breis is tríocha imreoir curtha chun páirce i gceithre chluiche sraithe ag James Horan go nuige seo ach níl tástáil cheart déanta ar dhintiúirí Mhichael Plunkett, Jordan Flynn agus Aidan Orme mar shampla. Ba cheart go ndéanfaí an tástáil sin tráthnóna agus beidh tuairim níos fearr againne agus ag Horan an iad seo na himreoirí a bhfuil an deiliús agus an clóchas iontu chun tabhairt fén nGaillimh i ndeireadh an Aibreáin.

Gan ach aon chúl amháin géillte ag Ciarraí sa tsraith go dtí seo, agus san féin géillte go doicheallach ó chic éirice in aghaidh Mhuineacháin, beidh fonn ar chosantóirí Chiarraí cruacheisteanna a chur ar thosaithe Mhaigh Eo- leithéidí Ryan O’Donoghue agus Diarmuid O’Connor, beirt atá á n-iompar le cheithre chluiche anuas. Bhí cad é gol agus gíoscán fiacal i Maigh Eo nuair a gortaíodh Tommy Conroy i dtosach na bliana ach tá O’Donoghue agus O’Connor ag bláthú ina éagmais agus beidh a ndóthain cúraim ar bheirt Chorca Dhuibhne, Tom O’Sullivan agus Brian Ó Beaglaoich (más iad a bheidh á bhfaire) iad a cheansú tráthnóna. Chuige sin atá cluichí ar nós cluiche an tráthnóna seo ann. Ceistiú, cruachtaint agus cnuasach eolais do laethanta eile níos faide anonn. 

Maidir le Ciarraí agus a nDiarmuid O’Connor siúd, chaithfidis bheith sásta leis an mianach atá á nochtadh go dtí seo sa tsraith ag fear na nGaeil. Leis na foirne atá á roghnú ag Jack O’Connor agus a chriú ó thús na bliana, bhí cuma ana-shocair, ana-sheanabhunaithe orthu agus gan puinn nuaíochta ag baint le cur i láthair ná le leagan amach na foirne. Is léir go bhfuil fís ana-shoiléir ag bainistíocht Chiarraí maidir leis an leagan amach atá uatha ón bhfoireann. Ní raibh, dá réir sin, ach an áirithe sin rudaí le foghlaim uatha ón bhfeachtas sraithe. Is cosúil go bhfuil dian-fhoghlaim déanta i gceard na cosanta agus gan an báide fánach sin géillte go dtí seo ach is amuigh i lár a’ gharraí atá an fhoghlaim cheart á déanamh. 

Tá an tuairim ann go bhfuil, ainneoin an méid atá nochtaithe go dtí seo aige, i bhfad níos mó i nDiarmuid O’Connor. Má tá agus má leanann sé air, b’fhéidir go bhfuil sé in am ag lucht leanúna Chiarraí glacadh leis gurb é siúd an ceann feadhain i lár páirce agus tosnú ag lorg a ghiolla. Seans go bhfuil sé mós luath bheith ag caint mar sin ach bhí blúire den ‘anois nó riamh’ ag baint le feachtas Chiarraí ó thús na bliana. Arís, tástálfaidh Mattie Ruane dintiúirí an Chonchúraigh go maith tráthnóna agus faoin dtráth is go mbeidh sé cuardaithe go maith, beidh ceannaire nó ceanrachán déanta d’fhear Thrá Lí.  

Is é an rud deireanach go mbeadsa ag faire tráthnóna air ná an chodarsnacht nó an chosúlacht idir ról Stephen Coen Mhaigh Eo agus Thadhg Morley Chiarraí. Seo beirt imreoir diongbháilte go bhfuil a ndóthain caide imeartha acu faoin dtráth seo chun go mbeadh léamh maith acu ar an imirt agus ar cathain is fearr cúlú agus cathain is fearr scaoileadh fén bpáirc aníos. Tá an chuma ó thús an fheachtais sraithe go bhfuil treoracha áirithe tugtha do Coen agus do Morley agus go dtí seo, ach go háirithe, tá ag éirí leo na treoracha san a leanúint agus an ról atá leagtha amach ag a máistrí a chomhlíonadh. Beidh babhtaí tráthnóna, áfach, go gcaithfidh an bheirt acu an múnla a bhriseadh, an cornasc a scaoileadh agus imirt as a stuaim féin, gan treoir, gan scriopt. Beidh éachtaintí ins na paistí imeartha scaoilte sin ar a bhfuil i ndán níos déanaí i mbliana. Éachtaintí agus tuiscintí ar fiú a chur i dtaisce agus foghlaim uatha.

Sea, beidh an aimsir lofa agus, dála an chluiche in aghaidh Átha Cliath an mhí seo caite, fanfaidh an té is patuaire sa lucht leanúna ón dá thaobh ins na tithe tábhairne i dTrá Lí ag faire ar an gcluiche ar a dteilifís toisc bogadh bheith déanta ag leathghalún pórtair agus cluiche rugbaí na sé náisiún ar a bhfonn fiaigh agus féachana. 

Caillfear rud éigin sa tigh tábhairne ach n’fheadar an cuma? 

Tá seans go gcífimid a chéile arís.

Fág freagra ar 'Cuirfidh Ciarraí agus Maigh Eo cruacheisteanna ar a chéile'