Cuirfear deireadh anocht le séasúr Chúige Uladh nó Chúige Chonnacht

Níl aon dabht ach go bhfuil borradh faoi Chúige Uladh faoi láthair ach tá seans ag foireann Andy Friend tuisle a bhaint astu

Cuirfear deireadh anocht le séasúr Chúige Uladh nó Chúige Chonnacht

Is oth liom a mheabhrú daoibh go gcuirfear deireadh anocht le séasúr Chúige Uladh nó Chúige Chonnacht ach a gcríochnóidh an chéad chluiche ceathrú ceannais den séasúr seo.

Is cinnte go bhfuil na hUltaigh breá sásta gur acusan atá an buntáiste baile arís anocht. Seo é an ceathrú cluiche baile as a chéile san URC ag na hUltaigh agus bhí an bua acu i chuile cheann acu. Níor chaill siad cluiche URC ar bith ón 17 Feabhra i mbliana.

Níl aon dabht ann ach go bhfuil borradh fúthu faoi láthair, ach níl foireann Andy Friend gan seans. Sular chaill Cúige Chonnacht (29-27) i gcoinne Ghlaschú sa gcluiche réamhbhabhta deiridh den URC coicís ó shin, chláraigh siad sé bhua as a chéile, péire acu sin as baile. Ní bheidh siad gan dóchas ná muinín agus iad ag dul chun páirce i bPáirc Kingspan.

Is fiú a mheabhrú freisin gur thug na hUltaigh an lá leo (22-20) an babhta deiridh ar chas na foirne seo ar a chéile ar an 23 Nollaig seo caite, cluiche a imríodh i nGaillimh.  Tá athrú mór ar imirt na gConnachtach ón lá sin.  Níl sé éasca toradh a thuar, seachas a rá nach féidir an buntáiste baile atá ag na hUltaigh a chur as an áireamh. Dála an scéil má chailleann Connachta anocht, beidh deireadh le ré Andy Friend i gceannas ar an gCúige.

Amárach tabharfaidh Cúige Laighean, foireann nár chaill ach cluiche amháin in aon chomórtas ó thús an tséasúir seo faoi Sharks na hAfraice Theas. Níl Leo Cullen ag cur a chéad rogha imreoirí chun páirce, é ag súil go bhfuil dóthain taithí agus tallainne sa meascán imreoirí atá fós ar thóir áit ar phainéal Chúige Laighean i gcoinne La Rochelle do Chraobh Chorn na gCuradh faoi cheann coicíse.

Beidh sé ag iarraidh chuile leas a bhaint as an mbuntáiste baile agus as na deacrachtaí a chothaíonn an turas fada d’fhoirne na hAfraice Theas agus iad ag imirt sa limistéar seo. Is cinnte gur roimh na Sharks is mó atá dúshlán an deireadh seachtaine seo thairis aon fhoireann eile. Is deacair bua a thuar do na cuairteoirí.

Chomh luath agus a bheas an cluiche sin thart cuirfidh Cúige Mumhan chun páirce i nGlaschú i gcoinne fhoireann an bhaile sin. Ní raibh ach aon áit amháin ar an tábla idir na foirne seo ag deireadh an ochtú réamhbhabhta déag den URC, Glaschú chun cinn sa gceathrú háit. Bhí bua maith (35-17) ag Glaschú ar na Scarlets i gComórtas an Dúshláin seachtain ó shin, cluiche a bheas mar réiteach maith dóibh do choimhlint an lae inniu.

Ní hamháin sin ach thug Glaschú bualadh (38-26) do na Muimhnigh agus iad ag imirt i bPáirc Thuamhan ag deireadh mhí Márta, toradh a chuirfeas tuilleadh lena gcuid muiníne roimh chluiche an lae inniu. Mar sin féin, cheartaigh na Muimhnigh go leor de na deacrachtaí a tháinig chun solais sa gcluiche úd i gcoinne Ghlaschú, rud a chinntigh go raibh bua acu i gcluiche amháin san Afraic Theas agus iad cothrom i gcluiche eile ó shin, éacht d’aon fhoireann ó limistéar eile. Is deacair buntáiste an bhaile a chur de leataobh, ach ní féidir sprid ná stair na Mumhan a chur de leataobh ach oiread.

I gCape Town a bheas an cluiche ceathrú ceannais eile á imirt amárach idir na curaidh na Stormers agus na Bulls. Tá mise ag dul le foireann an bhaile, na Stormers, sa gceann seo.

Fág freagra ar 'Cuirfear deireadh anocht le séasúr Chúige Uladh nó Chúige Chonnacht'