Cuirfear ceisteanna faoin nGaeilge ort sa Daonáireamh inniu, cad a léireoidh na freagraí?

Leathbhealach tríd an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tabharfaidh Daonáireamh 2022, atá le líonadh againn inniu, léargas dúinn ar staid na himeartha ag leatham

Cuirfear ceisteanna faoin nGaeilge ort sa Daonáireamh inniu, cad a léireoidh na freagraí?

Foilsiú na dtorthaí ó Dhaonáireamh 2016 an chéad uair a raibh deis ann a fháil amach an raibh An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ag obair nó nach raibh. Leagadh síos spriocanna sonracha sa Straitéis 20 Bliain:

(i) go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ann faoi 2030

(ii) go mbeadh líon na ndaoine ‘le eolas acu ar an nGaeilge’ méadaithe go dtí dhá mhilliún faoi 2030

(iii) go mbeadh ardú 25% ar ‘líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá’

Bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ní raibh ag éirí leis an Straitéis 20 Bliain na spriocanna sin a bhaint amach. Is ag dul ar gcúl seachas ag dul chun cinn a bhíothas bunaithe ar gach slat tomhais.

Bliain 2011 2016
Líon le Gaeilge 1,774,437 1,761,420
Go Laethúil TACO* 77,185 (4.35%) 73,803 (4.19%)
Go Laethúil sa Ghaeltacht TACO* 23,175 (24.0%) 20,586 (21.4%)

Foinse: Daonáireamh 2016.*Taobh Amuigh den Chóras Oideachais

Leathbhealach tríd an Straitéis 20 Bliain, tabharfaidh Daonáireamh 2022, atá le líonadh againn inniu, léargas dúinn ar staid na himeartha ag leatham. Conas mar atá ag éirí leis an Straitéis 20 Bliain in 2022? Ba cheart go mbeadh na torthaí agus freagra na ceiste sin againn roimh dheireadh na bliana 2023.

Ar feadh na mblianta ní raibh ach ceist shimplí amháin sa Daonáireamh faoin nGaeilge – an bhfuil tú ábalta Gaeilge a labhairt? B’ábhar dóchais i gcónaí an líon ard a dúirt go raibh Gaeilge acu ach tuigeadh go raibh difríocht ollmhór idir an líon daoine a dúirt sa Daonáireamh go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt agus líon na ndaoine a bhí ábalta Gaeilge a labhairt i bhfírinne. Rud amháin is ea é a rá sa Daonáireamh go bhfuil tú ábalta Gaeilge a labhairt, rud eile é a bheith in ann comhrá simplí a dhéanamh i nGaeilge.

Nóta: Is é atá i gceist le líon na gcainteoirí laethúla agus seachtainiúla Gaeilge ná líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais

Dul chun cinn mór a bhí ann nuair a cuireadh ceist bhreise den chéad uair i 1996 ar na daoine a bhí ag maíomh go raibh Gaeilge acu. Iarracht a bhí sa cheist nua  fáil amach cé chomh minic is a d’úsáid daoine an teanga. Bhí na torthaí spéisiúil. As an 1,430,205 a dúirt go raibh Gaeilge thug 353,663 le fios go mbíodh sí á húsáid gach lá acu. Sách maith a déarfadh duine ach nuair a chuathas ag tochailt níos doimhne sna figiúirí fuarthas amach gur in aois scoile a bhí 80% de na cainteoirí laethúla. Bhí siad ag foghlaim na Gaeilge ar scoil agus gan aon rogha acu mar sin ach í a labhairt gach lá. I 1996 ní raibh ach 70,950 cainteoir laethúil  i measc daoine fásta (19 mbl.+), nó beagán faoi bhun 3% den daonra fásta.

Athraíodh an cheist arís sa bhliain 2006 le fáil amach cé mhéad duine a bhí ag úsáid na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, na Cainteoirí TACO, mar a thugaimse orthu. I nDaonáireamh 2006 mhaígh 1,656,790 duine go raibh Gaeilge acu ach ní raibh ach 72,148 acu ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais. Dúirt 60% de na Cainteoirí Gaeilge nár úsáid siad riamh í nó gur go hannamh a labhair siad í.

Tá eireaball curtha leis an gceist faoin nGaeilge ar cheistneoir 2022, sa mhéad is go n-iarrfar ar an té atá ag maíomh go bhfuil Gaeilge aige ‘cé chomh maith is a labhraíonn tú í?’. ‘An-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘go dona’, an rogha.  Seo é an chéad bhliain an cheist seo a bheith ann le tuairim a fháil faoi chaighdeán na Gaeilge atá á labhairt i measc an phobail.

Ach chaill lucht an Daonáirimh deis ceist shimplí eile a chur le fáil amach cé mhéad duine a labhraíonn Gaeilge sa mbaile. Nuair a fhoilseofar torthaí an Daonáirimh beidh a fhios againn cé mhéad duine a úsáideann Fraincis sa mbaile, nó Polainnis nó Rúisis srl mar go gcuirtear an cheist ‘An labhraíonn tú teanga seachas Béarla nó Gaeilge sa bhaile?’ Agus má labhraíonn iarrtar ort cén teanga í sin. Dá gcuirfí an cheist ar bhealach difriúil – an labhraíonn tú teanga seachas Béarla sa bhaile? –bheadh na freagraí spéisiúil ó thaobh na Gaeilge de agus bheadh na torthaí an-úsáideach don phróiseas pleanála teanga.

Léirigh torthaí an Daonáirimh a tógadh in 2016 go raibh cúrsaí ag dul sa treo mícheart. Beifear ag faire amach an bhfuil an taoide casta, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an phleanáil teanga faoi lánseol.

Bhí Daonáireamh anuraidh (2021) sa Tuaisceart agus beidh na torthaí ag teacht amach níos deireanaí  mbliana. Cuireadh ceisteanna faoin nGaeilge sa daonáireamh sin chomh maith agus iarradh ar dhaoine iad féin a mheas maidir lena gcumas sa nGaeilge agus san Ultais. Iarradh ort i gCeist 17 an raibh tú in ann Gaeilge a thuiscint, a labhairt, a léamh, a scríobh nó an amhlaidh nach raibh aon chumas aige sa Ghaeilge. Iarradh chomh maith ort cé chomh minic is a d’úsáid tú an Ghaeilge: go laethúil, go seachtainiúil, níos annaimhe ná go seachtainiúil nó riamh.

Ar ndóigh tá easpa cruinnis ag baint leis na figiúirí daonáirimh faoin nGaeilge mar is féintuairisciú atá i gceist agus glactar leis go mbíonn áibhéil ar bun ag daoine faoina gcumas Gaeilge agus faoi chomh minic is a labhraíonn í. Mar sin féin tá na figiúirí úsáideach mar gur féidir comparáid a dhéanamh idir ceantair éagsúla agus, níos tábhachtaí ná sin, is féidir an scagadh a dhéanamh ar na patrúin thar thréimhse ama, féachaint an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh nó a mhalairt.  Bheadh sé níos úsáidí fós dá mbeadh na ceisteanna céanna á gcur ar dhaoine i dTuaisceart Éireann agus sa bPoblacht.

Fág freagra ar 'Cuirfear ceisteanna faoin nGaeilge ort sa Daonáireamh inniu, cad a léireoidh na freagraí?'

  • CeC

    “an labhraíonn tú teanga seachas Béarla sa bhaile?”

    Sea bheadh an cheist sin go maith, ach ag an am céanna bíonn smaointí difriúla ag daoine cad is ‘labhairt teanga’ ann. Deireann mo mhuintir féin ‘dún an doras’ agus ‘cupán tae’ agus déarfaidís go labhraíonn siad Gaeilge, ach ní bheidís in ann comhrá a dhéanamh ná comhrá a thuiscint thar ‘conas tá tú, go maith, grma’.

    Is dócha gurb iad seo na laigí a bhaineann le Daonáireamh.

    Mar sin féin, bhí mé an-shásta an cheist ‘‘cé chomh maith is a labhraíonn tú í?’ ann. Beidh na torthaí sin ana-shuimiúil, cé go bhfuil aithne agam ar dhaoine a déarfadh go bhfuil Gaeilge glan foirfe acu cé nach bhfuil siad in ann Radio na Gaeltachta a thuiscint! Táim féin in ann í a thuiscint, agus déarfainn go bhfuil mo chuid Gaeilge truamhéalach ar fad!