Cuireann ‘Spotify’ cuimhní saoil an scríbhneora as a riocht

An tseachtain seo: as cuimhní a chruthaítear ficsean, ach ficsean a bhíonn sna cuimhní sin feasta

Cuireann ‘Spotify’ cuimhní saoil an scríbhneora as a riocht

Seans go n-aithneoidh léitheoirí a bhaineann úsáid as an aip cheoil Spotify an feiniméan aisteach seo: moltaí ceoil a chuireann do chuimhní ar d’óige féin as a riocht.

Céard atá i gceist agam?

Gach seachtain, cruthaíonn Spotify seinnliosta duit dar teideal ‘Discover Weekly’: traiceanna a cheapann an aip a thaitneoidh leat, rogha a bhunaítear ar cheol ar éist tú leis cheana. 

Le deireanas, bím ag éisteacht go minic le ceol as an tréimhse inar fhás mé aníos, deireadh na 1980í agus tús na 1990í. Eurythmics, Depeche Mode, Pet Shop Boys, an cineál sin ruda. An lá cheana, mhol Spotify dom éisteacht le banna synthpop as an nGearmáin, Alphaville  (iad siúd a chas ‘Big in Japan’ agus ‘Forever Young’).

Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus thosaigh mé ag éisteacht le Alphaville. An chéad rud eile, lá breá agus mé ag dul siar ar bhóithrín na gcuimhní, rug mé ar smaoineamh aisteach a bhí tar éis sleamhnú isteach i m’aigne: ‘ah, nuair a bhí mé óg agus soineanta agus ag éisteacht le Alphaville thuas i mo sheomra…’

Fan soicind, a dúirt mé liom féin, cén tseafóid atá ort? Ní éisteá le Alphaville riamh agus tú óg. Ní raibh a fhios agat gurbh ann don bhanna sin, fiú amháin!

Bhí Spotify tar éis mo chuid cuimhní ar m’óige féin a chur as a riocht. Go gairid tar éis dom teacht ar an tuiscint sin, rith sé liom go dtarlaíonn an rud céanna agus mé ag scríobh.

Baineann Spotify úsáid as algartam uilechumhachtach chun ceol nua a mholadh duit, bunaithe ar cheol ar éist tú leis cheana. Ar an gcaoi chéanna a fheidhmíonn samhlaíocht an scríbhneora. Déanann sí creach ar chuimhní arb ann dóibh dáiríre agus cuireann sí in oiriúint iad do scéal ficseanúil. Ach leis sin, cuireann sí cuimhne an scríbhneora as a riocht. Tar éis tamaill, ceapfaidh sé gurb é an leagan den chuimhne a scríobh sé síos a tharla, seachas an bhunchuimhne a spreag an leagan ficseanúil. 

An lá cheana, bhí argóint agam le cara de mo chuid. Blianta fada ó shin, tharla eachtra eadrainn a spreag an gearrscéal Faoin gcrann pequi i mo chnuasach Gonta. Ag dul siar ar mhionsonraí na heachtra sin a bhí muid agus chuir mo chara ar mo shúile dom go raibh ord na n-imeachtaí éagsúla trína chéile agam.

Dúirt mé leis dul i dtigh diabhail, go raibh mé lánchinnte gur agamsa a bhí an ceart. Ach ansin, rith sé liom gur ormsa a bhí an dul amú dáiríre. Agus an gearrscéal sin á scríobh agam breis is ocht mbliana ó shin, d’athraigh mé ord na n-imeachtaí éagsúla san eachtra toisc gur fheil sé sin don scéal. 

Ghabh mé mo leithscéal le mo chara agus mhínigh dó gur ar mo pheann a bhí an locht. 

Fág freagra ar 'Cuireann ‘Spotify’ cuimhní saoil an scríbhneora as a riocht'