Cuireann caint ar ráitis ‘tone-deaf’ m’fhuil ag fiuchadh

‘Stop ag clamhsán is bí ag tóraíocht margaí’ an moladh a bhí ag polaiteoir amháin do dhaoine. Ba bhocht an chomhairle í

Cuireann caint ar ráitis ‘tone-deaf’ m’fhuil ag fiuchadh

B’fhéidir gur ar mo chluasa atá sé, ach cheap mé gur chuala mé Aire Sóisearach an Roinn Airgeadais Seán Fleming ag rá ’Après moi le déluge’ an lá cheana is an t-ardú ar an gcostas maireachtála á phlé sa Dáil.

‘Stop ag clamhsán is bí ag tóraíocht margaí,’ a deir sé ina dhiaidh sin, nó rud éigin fíorchosúil leis, is é ag tarraingt ar spiorad Louis XV na Fraince ina óráid.

Tuairiscíodh sna páipéir ina dhiaidh sin gur ráiteas ‘tone-deaf’ a bhí déanta aige. Céard sa diabhal a chiallaíonn an frása sin?

Níl mé in ann an páipéar a oscailt na laethanta seo gan a fheiceáil go bhfuil a leithéide seo nó a leithéide siúd ‘tonbhodhar’. Cuireann sé m’fhuil ag fiuchadh agus gal ag teacht amach as mo chluasa nuair a fheicim é.

Céard é an difríocht idir ráiteas atá ’tonbhodhar’ agus ráiteas atá lagmheasartha, ar nós cuma liom, mífhreagrach nó gránna? Is í an fhírinne ná nach bhfuil aon difríocht eatarthu agus is leithscéal as dhrochiompar chuile ráiteas acu.

Ghabh Fleming leithscéal ó shin as an méid a dúirt sé sa Dáil. Má ghabh féin, is bocht an léiriú é an méid a dúirt sé ar dhearcadh an té atá in ainm is cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i mbaol an bhochtanais mar gheall ar na harduithe ar an gcostas maireachtála.

Léirigh figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig ardú 5.5% ar an gcostas maireachtála in Éirinn idir mí na Nollag 2020 agus Nollaig 2021. Ciallaíonn sé go n-íocfá €105.52 in 2021 ar chiseán earraí a chosain €100 an bhliain roimhe.

Mar shampla, tháinig ardú 5.3% ar im, 6.4% ar pasta, is ardú 3.5% ar chirceoil. Ar an iomlán meastar gur ardú €15 atá tagtha ar an méid a íocfaidh tú ar do shiopadóireacht sheachtainiúil. Is ionann sin agus ardú €780 sa mbliain.

Ní mórán é sin má tá tú ar €1,000 glan sa tseachtain, mar atá Fleming de réir na dtuairiscí, ach is mór an méid é má tá tú ar €366 glan sa tseachtain mar atá 20% d’oibrithe na tíre.

Agus céard faoin gcomhairle a thug sé do dhaoine éirí as an gclamhsán agus margaí a thóraíocht? An bhfuil daoine atá ar ioncam íseal in ann é sin a dhéanamh dháiríre i gcás na rudaí riachtanacha?

Cuimhnigh ar dtús ar na héilimh atá againn ar fad, an chéad cheann acu ná bia. Dar le Fleming, nach bhféadfá a ghabháil ag siopadóireacht thart agus laghdú a dhéanamh ar chostas do chuid siopadóireachta?

Ní mé an tAire Sóisearach sa Roinn Airgeadais ná tada mar sin, ach ghabhfainn i mbannaí air go bhfuil chuile dhuine atá ar ioncam íseal in Éirinn ag siopadóireacht i Lidl nó Aldi cheana féin. Má tá a leithéid i ngar dóibh.

Céard a dhéanfaidh tú mura bhfuil a leithéid in aice leat? Sin é an uair a ghabhfaidh tú isteach i do charr agus a gabhfaidh tú ag siopadóireacht thart. Ó, níl aon charr agat? Céard faoin mbus? Sea, ach níl tú in ann chuile shórt a iompar abhaile? Bhuel, múineann gá seift.

Tá an bia socraithe anois againn, foscadh an chéad cheann eile. Ardú 10% ar an meán atá ar chostas cíosa in Éirinn le bliain anuas, is í an ceathrú tír is daoire ar chíos san Eoraip.

Má tá tú ar an meánphá in Éirinn tá tú ag caitheamh isteach is amach ar 40% de do phá ar chíos. Más ar phá íseal atá tú, tá thart ar 60% de do phá imithe ar chíos sula gceannaíonn tú aon rud eile.

Ní raibh ar fáil sa tír ar fad ach 1,416 áit ar cíos ar an gcéad lá de mhí na Samhna 2021 de réir tuairisc ráithiúil Daft.ie. Ba é an líon ba lú áiteanna a bhí ar fáil ar cíos ó thosaigh siad ag coinneáil figiúirí sa mbliain 2006. Deir tuairisc Daft.ie gur 50,000 ionad nua ar cíos atá ag teastáil. 10,644 a tógadh in 2021 de réir an CSO.

Ach bí ag tóraíocht. Níl tú in ann siopadóireacht thart nuair nach bhfuil na háiteanna ar fáil, a deir tú? Cuir ort do chaipín, cuimhneoidh tú ar rud éigin.

Fág freagra ar 'Cuireann caint ar ráitis ‘tone-deaf’ m’fhuil ag fiuchadh'