Cuireadh tugtha don Aire Tithíochta teacht go Corca Dhuibhne chun ‘teip’ an chórais phleanála a phlé

Dúirt an Teachta Dála Brendan Griffin sa Dáil go mbíonn sé ‘i bhfad ródheacair’ ar dhaoine óga na Gaeltachta cead pleanála a fháil, tigh a cheannach nó tigh a fháil ar cíos

Cuireadh tugtha don Aire Tithíochta teacht go Corca Dhuibhne chun ‘teip’ an chórais phleanála a phlé

Dúradh sa Dáil aréir go raibh ag teip ar an gcóras pleanála ó thaobh na Gaeltachta, mhuintir na Gaeltachta agus na teanga agus gur measa an cás i gCiarraí ná aon cheantar eile.

Thug an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Brendan Griffin, a d’ardaigh an cheist, cuireadh don Aire Tithíochta teacht go dtí Corca Dhuibhne chun labhairt le daoine faoi na fadhbanna a bhíonn acu leis an gcóras pleanála tithíochta.

“Tá stádas speisialta ag teastáil uainn do dhaoine ón tuath atá ag lorg ceadanna pleanála ina gceantair dhúchais ach, go háirithe, do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge acu sa Ghaeltacht mar tá an córas tithíochta atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag teip, ag teip do na daoine áitiúla agus chomh maith leis sin don teanga,” a dúirt Griffin.

“Táim ag lorg freagraí ar na ceisteanna seo. Tá fadhb an-mhór ann agus tá a lán daoine buartha. Tá an Stát ag cur a lán airgid isteach sa teanga ach ag an am céanna níl na daoine áitiúla in ann fanacht ina gceantar dúchais agus tá an teanga ag imeacht leo freisin.”

Dúirt an Teachta Dála do Chiarraí go raibh “fadhbanna móra” ag daoine óga na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí tithíochta agus go mbíonn sé “i bhfad ródheacair” cead pleanála a fháil, tigh a cheannach nó tigh a fháil ar cíos. Dúirt sé go raibh an scéal amhlaidh go háirithe i nGaeltacht Chiarraí mar gheall ar áilleacht an cheantair agus líon mór na dtithe saoire ann.

“Chomh maith leis sin, tá na praghsanna ar sheantithe ró-ard don chuid is mó de na daoine sa cheantar de bharr daoine atá ag teacht isteach chun tithe saoire a cheannach agus ón méid airgid atá ag dul ar thithe téarma gearr ar an margadh anois freisin.”

Idir 2015 agus 2021 ceadaíodh 101 iarratas pleanála i gceantair Ghaeltachta Chontae Chiarraí agus diúltaíodh 26 iarratas sa tréimhse chéanna.  Dúirt Breandan Griffin gur diúltaíodh ceann de gach ceithre iarratas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus nach raibh ach diúltú amháin i gceist nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Bhí figiúirí á lorg ón gComhairle Contae aige, a dúirt sé, maidir le líon na ndaoine nár bhac fiú cead pleanála a lorg mar go ndúirt oifigigh phleanála leo “nach raibh aon seans acu”.

Dúirt Griffin go gcaithfí smaoineamh ar dheontais a thabhairt isteach do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach den chéad uair agus dúirt sé go bhféadfaí ráta cánach níos ísle a ghearradh ar dhaoine a dhíolann tithe le Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht.

“B’fhéidir go bhféadfaimis buntáiste cánach a thabhairt do na húinéirí a dhíolann na tithe seo do dhuine atá ag iarraidh teach a cheannach den chéad uair, go háirithe daoine óga le Gaelainn sa Ghaeltacht,” arsa Griffin.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Anne Rabbitte, a d’fhreagair an cheist thar ceann an Aire Stáit don Rialtais Áitiúil agus Pleanála Peter Burke, go raibh grúpa oibre bunaithe chun cás na Gaeltachta sa chóras pleanála a scagadh.

Dúirt sí go raibh an Roinn Tithíochta meáite ar a chinntiú go mbeadh beartais agus córais na n-údarás áitiúil “oiriúnach” don Ghaeltacht. Dúradh, áfach, go bhfuil an tAire den tuairim go bhfuil dóthain maoirseachta á déanamh ar chúrsaí ag an mBord Pleanála agus Oifig na nOibreacha Poiblí agus gurb iad na húdaráis áitiúla is fearr chun an córas pleanála a chur i bhfeidhm don Ghaeltacht.

Dúirt Rabbitte go raibh oifigigh ón Roinn Tithíochta agus ó Roinn na Gaeltachta ag obair le chéile maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus go raibh cruinniú ann an mhí seo caite chun “dlús a chur leis an obair atá ar bun”.

Tá ionadaithe ó chomhairlí contae Chorcaí, Chiarraí, na Mí agus Phort Láirge tagtha os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a phlé.

Fág freagra ar 'Cuireadh tugtha don Aire Tithíochta teacht go Corca Dhuibhne chun ‘teip’ an chórais phleanála a phlé'