An tríú cuireadh le tabhairt d’Aire na Gaeltachta teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tar éis di diúltú do dhá cheann eile

Deir an tAire Catherine Martin go bhfuil dualgais na Gaeilge agus na Gaeltachta tarmligthe chuig an Aire Stáit Jack Chambers ach deir Cathaoirleach an choiste go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh an tAire Sinsearach os a gcomhair

An tríú cuireadh le tabhairt d’Aire na Gaeltachta teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tar éis di diúltú do dhá cheann eile

Tá an tríú cuireadh le tabhairt d’Aire na Gaeltachta teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tar éis di diúltú faoi dhó roimhe seo teacht os a chomhair.

Tá an coiste ag iarraidh an tAire Catherine Martin a cheistiú maidir le leithdháileadh an airgid a bhronnann an Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta ar chúrsaí Gaeilge.

Tá diúltaithe ag an Aire Martin teacht os comhair an choiste, áfach, agus ráite aici nach bhfuil freagracht uirthi faoi chúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta agus na dualgais sin tarmligthe chuig an Aire Stáit Jack Chambers, a deir sí.

Iarradh ar an Aire Martin teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dtús mhí Dheireadh Fómhair, roimh fhógairt Bhuiséad 2022, agus tugadh cuireadh eile di ina dhiaidh sin teacht os comhair an choiste roimh na Nollag.

Níor thug an tAire Martin freagra ar bith ar an gcéad chuireadh ó Chathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go dtí go ndeachaigh an coiste i dteagmháil léi arís.

Tugadh cuireadh eile don Aire Martin mí na Samhna tar éis do bhaill an choiste a aontú go raibh sé tábhachtach don chuntasacht phoiblí agus trédhearcacht an Rialtais go dtiocfadh an tAire sinsearach os a gcomhair chun an t-ábhar ar phlé.

Dhiúltaigh an tAire Martin arís teacht os comhair an choiste, áfach, agus dúirt go raibh na cumhachtaí maidir leis na hábhair a thagann faoi chúram an choiste, sin iad cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge, tarmligthe go hoifigiúil chuig an Aire Stáit Jack Chambers. Dúradh go mbeadh an tAire Stáit Chambers sásta teacht os comhair an choiste chun an leithdháileadh a phlé.

Aontaíodh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais an tríú cuireadh a chur chuig an Aire Martin agus súil ann go dtiocfadh sí os comhair an choiste sa bhliain nua.

Dúirt Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, nach raibh sé ceart ag an Aire Sinsearach i Roinn na Gaeltachta diúltú teacht os comhair an choiste agus í ag rá nach bhfuil sí freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Tá an tAire Stáit Chambers in ann a rá linn cá dtéann an t-airgead nuair a fhaigheann an Roinn é ach an cheist a bhí againne, agus d’aontaigh na baill ar fad a bhí ag an gcruinniú faoiseo, gur chóir dúinn ceist a chuir uirthi faoi conas a dheintear an cinneadh faoin chéatadán a fhaighean an Ghaeilge i gcomparáid leis an gcuid eile den Roinn,” a dúirt an Teachta Ó Snodaigh.

Dúirt sé go mbíonn an tAire Martin ag maíomh go minic faoin obair a dhéanann sí ar son na Gaeilge agus gur uirthi atá an freagracht maidir le cinntí a dheintear ina Roinn.

“Ní féidir léi a rá nach bhfuil sí ag déileáil leis an nGaeilge. Léirigh an pictiúr a chuir sí amach ar na meáin shóisialta leis an mBille Teanga go bhfuil ról aici maidir leis an nGaeilge agus go mbíonn sí ag maíomh as an ról sin

“Tá sise mar Aire Sinsearach. In ainneoin go bhfuil na dualgais laethúla ar an Aire Stáit Chambers, tá freagracht sa deireadh thiar thall uirthise.”

Agus í ag labhairt ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais an mhí seo caite, dúirt an tAire Martin gur “onóir as cuimse” a bhí ann a bheith ina hAire Sinsearach don Ghaeltacht agus go “leanfaidh” sí uirthi “ag troid ar son na Gaeilge gach aon lá” ina roinn féin agus ag bord an Rialtais.

Fág freagra ar 'An tríú cuireadh le tabhairt d’Aire na Gaeltachta teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tar éis di diúltú do dhá cheann eile'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Sin Aclaíocht agus Solúbthacht polaitiúil i Rialtas duit.
    An lá ciúin:
    “Táim ag seachadadh Ceannaireacht – féach ar an máistir i mbun a cheirde!”
    Lá na Gaoithe:
    “Tá dul amú ort. Níl mise freagrach ar sin ar chor ar bith- téigh i dteagmháil le mo dhuine thall ansin.”