Cuireadh do chách chuig seoladh Taisce Chois Fharraige

Ar an suíomh slachtmhar www.taiscecf.ie tá sean-eolas agus eolas nua, chomh maith le pictiúir, taifeadtaí fuaime agus ábhar físe

Cuireadh do chách chuig seoladh Taisce Chois Fharraige

Róisín Ní Cheallacháin, Anna Nic Lochlainn agus Dearthóir an lógó Caitríona Ní Mhathúna

Tráthnóna amárach in óstán Chois Fharraige sna Forbacha a sheolfar Taisce Chois Fharrraige, cnuasach eolais faoi cheoltóirí, fonnadóirí, damhsóirí, seanchaithe agus scríbhneoirí Gaeltachta Chois Fharraige.

Ní díomhaoin a bhí an grúpa ógánach, Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i rith na dianghlasála mar bhí ceithre scór acu ag obair ar an togra seo agus tá eolas is saothar le 70 ealaíontóir as an gceantar sa gcnuasach seo acu go dtí seo. Na daoine óga sin agus a muintir a bhailigh an t-ábhar ar fad atá ar fáil ar an suíomh nua seo www.taiscecf.ie.

Ar an suíomh slachtmhar atá cruthaithe acu tá sean-eolas agus eolas nua, chomh maith le pictiúir, taifeadtaí fuaime agus ábhar físe. Tá míreanna breátha ceoil agus amhrán ar an suíomh. D’fhoghlaim na ceoltóirí óga píosaí a chum Johnny Óg Connolly, Neansaí Ní Choisdealbha agus Charlie Lennon agus bhí sé d’ádh orthu gur chas na máistrí sin in éineacht leo ar na taifeadtaí. Anuas air sin tá ceol croíúil ann ó Bhanna Céilí Loch Lurgan, grúpa ina bhfuil 14 déagóir ó na Forbacha agus Indreabhán.

Caitlín Ní Chualáin agus cuid dá clann Domhnall, Sorcha, Seaghan agus Cormac

Tá sraith míreanna nuathaifeadta ar an suíomh faoi cheol an mhileoidin agus is cinnte go gcuirfear an-suim iontu sin.

Tá na hamhráin le fáil ann freisin: ‘Eileanóir na Rún’ a thug Róisín Elsafty do na mná óga agus tá leagan fíorspeisialta de ‘An Cailín Fearúil Fionn’ ann agus é á chasadh ag trí ghlúin: buachaillí óga, déagóirí agus roinnt tuismitheoirí. Amhrán álainn eile é ‘Suaitheadh Farraige’ a chum Joe Steve Ó Neachtain agus atá á chasadh ag a chlann is a gharchlann.

Bhí meantóirí cumasacha ag an dream óg le comhairle agus stiúir a chur ar fáil nuair ba chall – Fearghas Mac Lochlainn, Caitlín Ní Chualáin, Luisne agus Aisling Ní Neachtain, Éilís Lennon, Nóirín Ní Ghrádaigh agus Róisín Elsafty.

Suíomh snasta, soiléir, spéisiúil é seo ar a bhfuil blas na hóige agus a bheidh ina acmhainn fhiúntach do mhuintir Chois Fharraige féin, d’fhoghlaimeoirí, do lucht taighde agus d’aon duine a ghránn an cultúr Gaelach. Níl anseo ach an tús agus beifear ag cúr leis go deo.

Ag 6.30pm amárach in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha a bheidh an suíomh nua á sheoladh agus tá cuireadh á thabhairt do phobal an cheantair a bheith i láthair ag an ócáid cheolmhar seo.

Gach eolas ag taiscecf@gmail.com

Colm, Ann Marie Ui Churraoin agus a gclann Deirdre, Colm Óg, Emma agus JImmy. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Fág freagra ar 'Cuireadh do chách chuig seoladh Taisce Chois Fharraige'