Ní ar Ursula von der Leyen a bhí an milleán gur fhógair sí drochmhargadh le Donald Trump.
B’áiféiseach é mar fhógairt agus iad ag labhairt le chéile, ní in Washington ná sa Bhruiséil, ach ar ghalfchúrsa Trump in Albain.
Is tábhachtaí, áfach, an comhaontú féin ná a róumhlaíocht agus gnó polaitiúil á dhéanamh aici in ionad príobháideach gnó.
Tá an comhaontú á chosaint ó shin ag an Taoiseach agus ag ceannairí Eorpacha eile ar an mbonn gur fearr drochmhargadh ná éiginnteacht agus cogadh trádála. Is lag an chosaint í, go háirithe má chuimhnítear ar a ndúirt urlabhraithe an Choimisiúin go minic leis an scríbhneoir seo agus le hiriseoirí eile sa tréimhse réamhThrumpúil.
‘Cuimhnigh i gcónaí,’ a dúirt siad linn, ‘gur fathach trádála agus rialála é an tAontas Eorpach. Níl a neart polaitiúil agus míleata chomh láidir áfach ná ina ghaobhar.’
Is follas don saol anois, áfach, nach bhfuil fiú tionchar eacnamaíochta an AE chomh láidir agus a maíodh go dtí seo tar éis d’Ursula von der Leyen géilleadh ar ár son don bhulaí sa Teach Bán.
Ní ghearrfaidh an tAontas taraif ar bith ar earraí ó na Stáit ach íocfar taraif 15 faoin gcéad ar earraí ón AE a easpórtálfar chun na Stát Aontaithe.
Ní foláir gealltanais Eorpacha eile (a bhain le ceannach gáis agus trealaimh mhíleata agus infheistíocht Eorpach sna Stáit) a chur san áireamh freisin. Gan trácht ar bhun-laige an chomhaontaithe: ní comhaontú i scríbhinn é in aon chor ach comhráiteas ar léir an dainséar go n-athróidh Trump a bhrí ar ball.
Ach arís ní ar uachtarán an Choimisiúin ná ar phríomh-idirbheartaí an AE, Maroš Šefčovič atá an locht.
Bhain rialtas na hÉireann agus rialtais na mballstát an bonn de chomhsheasamh an Aontais. Ar an gcéad dul síos agus iad ag easaontú faoi na frith-tharaifí ba chóir a chur i bhfeidhm dá n-ardódh Trump taraifí ar earraí Eorpacha.
Ar an dara dul síos agus iad ag iarraidh go seachnófaí frith-tharaifí áirithe ar fhaitíos go gcuirfí as dá n-easpórtálacha féin: fíon na Fraince mar shampla nó uisce beatha na hÉireann nó gluaisteáin na Gearmáine.
Ní mar Aontas Eorpach aontaithe mar sin a tugadh aghaidh ar bhagairtí Trump ach mar dhream a bhí níos cosúla rómhinic le tréad caorach gan comhthuiscint ar a leas coiteann. Is deacra gan dabht comhstraitéis trádála faoi bhrú a chur i bhfeidhm idir tíortha daonlathacha (i gcomparáid leis an tSín).
Is follas do rialtais ar fud an domhain anois an teip agus a toradh: fuair Trump an ceann is fearr ar an Aontas Eorpach. Tá a laige thrádála chomh follasach gur léir an cur síos is oiriúnaí ar an AE: an tAontas Easaontaithe.
Chuir an státrúnaí Meiriceánach Henry Kissinger ceist leathmhagúil fadó: “más mian liom labhairt leis an Eoraip, cé air a nglaofaidh mé?” Tá an cheist chomh hábhartha anois agus a bhí sna 1970idí, agus an freagra chomh doiléir agus a bhí an uair sin.
Má chuirtear an teip Eorpach is deireanaí le hais mórtheipeanna eile an AE le tamall anuas, is deacair freagra láidir a thabhairt ar cheisteanna ábhartha eile.
An féidir a bheith mórtasach dáiríre as ballraíocht in eagraíocht a thugann tacaíocht, le gníomh nó le neamhghníomh, don chinedhíothú i nGaza atá ar bun ó 2023 ag Iosrael – tír atá á harmáil fós ag ballstáit éagsúla?
Nár léirigh an bac a chuir an Ghearmáin agus an Iodáil i rith na seachtaine ar pháirt-chealú chonradh taighde an AE (ar a dtugtar Horizon) le hIosrael nach mian le ballstáit mhóra fiú mionteachtaireacht mhíshásaimh a eisiúint ainneoin an áir gan stad?
An féidir a bheith bródúil as eagraíocht a chuir deireadh le tarrtháil daoine sa Mheánmhuir (ina raibh cabhlach na hÉireann páirteach) agus a rinne margadh suarach leis an Libia a rinne neamhaird ar mharú agus ar chiapadh teifeach sa tír sin?
Nach bhfuil spleáchas míleata na hEorpa ar na Stáit Aontaithe agus neamhthoil an AE smachtbhannaí éifeachtacha a chur i bhfeidhm in aghaidh na Rúise náireach, breis agus trí bliana tar éis d’fhórsaí Rúiseacha tús a chur lena mór-ionradh ar an Úcráin?
Nach léir d’Éireannaigh, go háirithe, nár éirigh leis an AE margadh chomh bog leis an Ríocht Aontaithe a fháil, ainneoin an Bhreatimeachta – margadh a thabharfaidh buntáiste beag ach suntasach (taraif a deich faoin gcéad seachas 15 faoin gcéad) d’easpórtálaithe an Tuaiscirt?
Dúirt Jean Monnet, duine de bhunaitheoirí an Chómhargaidh, a dtugtar an tAontas Eorpach anois air, gur trí bhíthin géarchéimeanna a thógfaí é. Dúirt sé freisin gur ar an tslí ina réiteofaí na géarchéimeanna a bheadh toradh na hoibre ag brath.
Is bocht agus is baolach don AE go léir toradh na hoibre le tamall, agus is tearc na fáthanna gur féidir a bheith bródúil as saoránacht san Aontas.
Ba chóir go bhfoghlaimeodh rialtais na tíre seo agus gach rialtas san AE ceacht mar sin féin ón drochmhargadh a fógraíodh ar ghalfchúrsa Turnberry. Bí cinnte go bhfuil an ceacht soiléir taobh amuigh den Aontas, sa tSín go háirithe.
Beidh brú ar gach rialtas san Aontas Easaontaithe a leas náisiúnta féin a chur chun cinn agus rialacha an chórais trádála idirnáisiúnta á dtreascairt ag Trump. Is fusa tairbhe náisiúnta ná tairbhe idirnáisiúnta a mholadh do vótálaithe.
Is soiléire ná riamh áfach ciall an tseanfhocail – ní neart go cur le chéile – san AE go háirithe.
Fág freagra ar 'Cuir i gcuimhne dúinn arís é, a Ursula – an fáth gur chóir a bheith bródúil as an Aontas Easaontaithe?'