Ryan Manning
Tá sé beagnach cinnte nach mbeidh Ryan Manning ag imirt níos mó le Galway United i 2015 agus roinnt clubanna Sasanacha ag iarraidh an Gaillimheach a mhealladh.
De réir na scéalta, is iad QPR agus Tottenham is mó a bhfuil suim acu an t-imreoir, 18, a thabhairt anonn.
Bhí ról cinniúnach ag Manning i séasúr na Gaillimhe, iad ag cáiliú don Phríomhroinn i ndeireadh báire. Tá geansaí na hÉireann caite ag an tosaí cumasach seo le foirne faoi-17 agus faoi-19 chomh maith.
Eddie Dunbar
Gan é ach 18, ainmníodh Eddie Dunbar mar Rothaí na Bliana ag gradaim Cycling Ireland an mhí seo caite. Bhí an-bhliain ag an gCorcaíoch, é ag buachan craobhacha náisiúnta sa triail ama agus ar an mbóthar.
Tar éis a ghaiscí ar fad, thosaigh an geallghlacadóir Paddy Power ag tabhairt corrlach ar cén uair a bhuafadh Dunbar an Tour de France. Tá praghas de 150/1 air an rás a bhuachan roimh 2025, nó 50/1 é a bhuachan ag am ar bith ina shaol.
Shínigh Dunbar d’fhoireann Shasanach, NFTO, agus beidh sé san iomaíocht i Sasana agus ar fud na hEorpa i 2015.
Sycerika McMahon
Tharraing McMahon ár n-aird ar dtús i 2012, nuair a cháiligh sí do na Cluichí Oilimpeacha gan í a ach 17. Ó chríochnaigh na cluichí i Londain, bhí cúpla bliain ciúin aici, agus í ag freastal ar an ollscoil sna Stáit Aontaithe.
Mar sin féin, beidh muid ag súil le rudaí móra ón Ultach i 2015. Anois agus na Cluichí Oilimpeacha i Rio ag teannadh linn, beidh McMahon ag iarraidh cailiú dóibh chomh luath agus is féidir. Le Craobh an Domhain ar súil sa Rúis i mí Iúil, beidh an cailín óg meáite ar shárthaispeántas a thabhairt uaithi ansin.
Donie Breathnach
Tá athruithe móra taghta ar fhoireann iomána Phort Láirge le cúpla bliain anuas agus cuid de na himreoirí is mó a raibh taithí acu ag éirí as. Tar éis do Shane Walsh, Séamus Prendergast agus Stephen Molumpy an painéal a fhágáil, tá áiteanna le líonadh sna tosaithe.
Coinnigh súil ar Dhonie Breathnach do cheann de na háiteanna sin. Tar éis a phrintíseacht a dhéanamh leis an bhfoireann faoi-21, tá deis ag iománaí na Gaeltachta áit ar an bhfoireann sinsear a bhaint amach do 2015. Beidh cuimhne ar fead i bhafad ar an gcúl breá sin a scóráil sé dá chumann áitiúil agus níl aon amhras ach go bhfuil scil ag an bhfear seo.
Caolin Blade
D’aimsigh Blade dhá úd agus thug sé leis gradam laoch na himeartha sa chéad chluiche a thosaigh sé do Chonnachta an mhí seo caite. Scóranna cinniúnacha a fuair sé in aghaidh Bayonne sa Fhrainc agus ba é Blade a shábháil fir Pat Lam sa deireadh.
Tugadh Blade isteach ar phainéal Chonnacht anuraidh tar éis dó seal a thabhairt leis na Connacht Eagles agus geansaí na hÉireann a chaitheamh leis na foirne náisiúnta faoi-18 agus faoi-19. Cé go bhfuil Kieran Marmion ag dul go maith mar leathchúlaí clibirte Chonnacht, feicfidh muid i bhfad níos mó de Blade i 2015.
Fág freagra ar 'Cúigear lúthchleasaithe arbh fhiú súil a choinneáil orthu i 2015'