Cúigear imreoirí Gaeltachta i measc na n-ainmniúchán do ghradaim peile na bliana seo

Imreoirí de chuid Átha Cliath amháin atá san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ agus Stephen Cluxton, Con O’Callaghan agus Jack McCaffrey ainmnithe don onóir sin

Cúigear imreoirí Gaeltachta i measc na n-ainmniúchán do ghradaim peile na bliana seo

Con O’Callaghan le Tom O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá seans ag cúigear ó chumainn Ghaeltachta ar ghradaim peile All-Stars PwC i mbliana agus na hainmniúcháin fógartha ar maidin.

Tá 45 imreoir ó 11 contae ainmnithe don ghradaim. Beirt as an Daingean – Tom O’Sullivan agus Paul Geaney (Ciarraí) – beirt as Chill Charthaigh – Ryan McHugh, Patrick McBrearty (Dún na nGall) – agus Chris Barrett (Béal an Mhuirthead agus Maigh Eo) na fir a imríonn do chumainn Ghaeltachta atá ainmnithe.

Tar éis dóibh a n-ainm a chur sa Táin agus an cúigiú craobh as a chéile a bhuachan, is í foireann peile Átha Cliath a fuair an líon is mó ainmniúchán agus trí dhuine dhéag d’imreoirí na hardchathrach ainmnithe.

Imreoirí Átha Cliath amháin atá san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ chomh maith. Tá Con O’Callaghan ag iarraidh an gradam a bhuachan den chéad uair, mar atá Stephen Cluxton, cé go raibh sé ainmnithe roimhe seo. Tá McCaffrey ag iarraidh an gradam a thabhairt leis den dara huair agus é buaite cheana aige in 2015.

Tá naoi n-ainmniúcháin faighte ag Ciarraí tar éis dóibh dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Tá David Clifford agus Seán O’Shea i measc an naonúir sin agus tá an bheirt ógánach san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir Óg na Bliana’ chomh maith. Is é Rian O’Neill Ard Mhacha an tríú himreoir atá ainmnithe don onóir sin.

Agus craobh Uladh buaite acu, tá sé ainmniúchán faighte ag Dún na nGall, péire níos mó ná mar atá ag Maigh Eo, a shroich cluiche leathcheannais na hÉireann.

Trí ainmniúchán an taobh atá ag Tír Eoghain agus ag contae na Mí. Tá beirt ó Ard Mhacha agus beirt ó Ros Comáin ainmnithe chomh maith le duine amháin ón gCabhán, duine ó chontae an Chláir agus duine ó Chorcaigh.

Fógrófar na buaiteoirí ag deireadh na míosa seo chugainn agus beidh searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, an 1 Samhain.

Peil – 2019

Búl Báire

  1. Stephen Cluxton (Áth Cliath)
  2. Shaun Patton (Dún na nGall)
  3. Shane Ryan (Ciarraí)

Cosantóirí

  1. David Byrne (Áth Cliath)
  2. Jack McCaffrey (Áth Cliath)
  3. James McCarthy (Áth Cliath)
  4. Mick Fitzsimons (Áth Cliath)
  5. John Small (Áth Cliath)
  6. Paul Murphy (Ciarraí)
  7. Tadhg Morley (Ciarraí)
  8. Tom O’Sullivan (Ciarraí)
  9. Colm Boyle (Maigh Eo)
  10. Paddy Durcan (Maigh Eo)
  11. Chris Barrett (Maigh Eo)
  12. Stephen McMenamin (Dún na nGall)
  13. Ryan McHugh (Dún na nGall)
  14. Donal Keogan (An Mhí)
  15. Conor McGill (An Mhí)
  16. Conor Moynagh (An Cabhán)
  17. Ronan McNamee (Tír Eoghain)
  18. Niall Daly (Ros Comáin)

Fir Láir Páirce

  1. Brian Fenton (Áth Cliath)
  2. Michael Darragh Macauley (Áth Cliath)
  3. David Moran (Ciarraí)
  4. Aidan O’Shea (Maigh Eo)
  5. Jarlath Óg Burns (Ard Mhacha)
  6. Bryan Menton (An Mhí)

Tosaithe

  1. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)
  2. Brian Howard (Áth Cliath)
  3. Paul Mannion (Áth Cliath)
  4. Dean Rock (Áth Cliath)
  5. Con O’Callaghan (Áth Cliath)
  6. David Clifford (Ciarraí)
  7. Paul Geaney (Ciarraí)
  8. Seán O’Shea (Ciarraí)
  9. Stephen O’Brien (Ciarraí)
  10. Jamie Brennan (Dún na nGall)
  11. Michael Murphy (Dún na nGall)
  12. Paddy McBrearty (Dún na nGall)
  13. Cathal McShane (Tír Eoghain)
  14. Mattie Donnelly (Tír Eoghain)
  15. Conor Cox (Ros Comáin)
  16. Rian O’Neill (Ard Mhacha)
  17. Brian Hurley (Corcaigh)
  18. Jamie Malone (An Clár)

Imreoir na Bliana

  1. Stephen Cluxton (Áth Cliath)
  2. Jack McCaffrey (Áth Cliath)
  3. Con O’Callaghan (Áth Cliath)

Imreoir Óg na Bliana

  1. David Clifford (Ciarraí)
  2. Seán O’Shea (Ciarraí)
  3. Rian O’Neill (Ard Mhacha)

Fág freagra ar 'Cúigear imreoirí Gaeltachta i measc na n-ainmniúchán do ghradaim peile na bliana seo'