Cúige Mumhan fós san iomaíocht agus an lucht leanúna ag filleadh

Is mó an chaint a dhéanfar maidir le hardú srianta an Covid-19 agus filleadh an lucht leanúna ag cluiche Chúige Laighean anocht ach tá seans fós ag Cúige Mumhan má bhuann siad a gcluiche siúd

Cúige Mumhan fós san iomaíocht agus an lucht leanúna ag filleadh

Pictiur: INPHO/James Crombie

Cé go mbeidh Babhta 6, an babhta deiridh de Chorn an Bhogha Ceatha an limistéir seo á imirt an deireadh seachtaine seo, tá an rás chuig barr an tábla thart. Roimh chluichí an deireadh seachtaine seo, bhí Glaschú ar bharr an tábla le 19 pointe ach gan aon seans acu feabhsú mar nach bhfuil aon chluiche le himirt acu an deireadh seachtaine seo.

Treviso a bhí sa dara háit ar 18 pointe agus na Muimhnigh sa tríú háit le 15 pointe. Fágann sin seans ag na Muimhnigh 19 nó fiú scór pointe a aimsiú, sin má thugann siad bua nó ceann le pointe bónais abhaile leo ón Iodáil anocht, Dé hAoine, agus iad i gcoinne Zebre, foireann nár bhuaigh oiread agus cluiche amháin féin sa gcomórtas seo.

Sa gcás go gcaillfeadh Treviso i gcoinne na nOspreys sa gcluiche a bhí le himirt amárach, is iad na Muimhnigh a bheadh sa gcluiche ceannais.

Sin mar a bhí cúrsaí go dtí gur cuireadh cluiche an lae amárach idir Ospreys agus Treviso ar ceal de bharr Covid-19 a bheith i gcampa na Breataine Bige. Bronnadh an cluiche ar na hIodálaigh agus na ceithre phointe atá ag dul leis sin.

Fágann sin gurb iad Treviso a bheas ar bharr an tábla le 24 pointe ag deireadh Bhabhta 6, is cuma céard a tharlóidh in aon chluiche eile.

Nach aisteach an mac an saol – níor bhuaigh Treviso oiread agus cluiche amháin féin sa gcomórtas Pro 14 atá thart.

Beidh Cúige Laighean agus na Dragons ag imirt san RDS anocht ach is cuma cén toradh a bheas ansin. Níl ach deich bpointe slánaithe ag curaidh an Pro 14 agus fiú má thugann siad bua le pointe bónais leo ón gcoimhlint seo beidh siad fós i bhfad ó bharr an tábla. Tá mise ag tuar bua baile do na Laighnigh i gcluiche gur mó an chaint a dhéanfar maidir le hardú srianta an Covid-19 agus filleadh an lucht féachana ná ar an imirt agus ar an toradh.

Anocht freisin cuirfidh Cúige Mumhan chun páirce san Iodáil agus iadsan i gcoinne Zebre, foireann atá ar íochtar an tábla. Tá mise ag tuar bua le pointe bónais do na Muimhnigh, toradh a ardóidh chuig scór pointe iad, ach fós taobh thiar de Treviso.

Mura mbeidh áit sa gcluiche ceannais i ndán d’aon fhoireann ón tír seo, níor mhiste liomsa gur ag Treviso a bheadh an onóir sin.

Mar eolas, cé go bhfuil na cúig chluiche réamhbhabhta imeartha ag Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh, theip orthu dóthain pointí a fháil le háit a bhaint amach ag barr an tábla agus tá a séasúr sin thart ón tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan fós san iomaíocht agus an lucht leanúna ag filleadh'