Cúig rud a d’fhoghlaim muid faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó cháipéisí an stáit…

Bhí roinnt scéalta suimiúla a raibh baint acu leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht sna cáipéisí stáit ar deineadh scagadh orthu ar  ‘Siar 20 Bliain’ ar TG4 idir dhá Nollaig

Cúig rud a d’fhoghlaim muid faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó cháipéisí an stáit…

Stádas na Gaeilge

Bhí deis ann an stádas oifigiúil oibre a baineadh amach don Ghaeilge in 2007 a fháil ag tús na nóchaidí, de réir na gcáipéisí stáit a bhí faoi rún go dtí i mbliana.

Léirítear sna cáipéisí stáit a scaoileadh le déanaí go raibh faoin rialtas stádas a lorg don Ghaeilge san Aontas Eorpach tríocha bliain ó shin, ach nach ndearna siad beart de réir a mbriathair nuair a tháinig an crú ar an tairne ag cruinniú mullaigh i mí na Nollag 1993.

Cinneadh go dtiocfadh méadú ar an Aontas Eorpach sa bhliain 1992 agus go mbeadh an tSualainn, an Ostair agus an Fhionlainn ag glacadh ballraíochta ann. Bhí na heagrais Ghaeilge den tuairim gur deis iontach a bheadh ann stádas oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge nuair a ghlacfaí leis an tSualainn, an Ostair agus an Fhionlainn i 1992.

Chuir Ceannasaí Ghael Linn, Dónall Ó Móráin, cáipéis faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Eachtracha ina raibh cur síos ar an spreagadh a thabharfadh stádas don Ghaeilge don teanga.

Sa deireadh níor luadh cás na Gaeilge agus bronnadh stádas ar an bhFionlainnis agus an tSualainnis gan aon phlé ná díospóireacht.

“In the circumstances we did not have the negotiating base on which to develop a case for the improvement of the status of Irish,” a scríobh Rúnaí Cúnta na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Noel Fahy ag an am. Thug Fahy le fios gur ghlac an Tánaiste John Wilson leis an moladh faoi stádas na Gaeilge nuair a cuireadh faoina bhráid ar dtús é.

Dúirt Dónall Ó Móráin leis an Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, Tom Kitt, gur “cailleadh deis iontach chun an fhaillí a chur ina ceart”.

 

Iarracht Mac Aonghusa a ruaigeadh

Léirítear i gcáipéisí stáit eile gur deineadh iarracht i 1992  Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Proinsias Mac Aonghusa a bhriseadh as a phost.

Ina cholún ar an nuachtán Anois, d’achainigh Mac Aonghusa ar dhaoine Iarthar Bhéal Feirste vóta a chaitheamh in olltoghchán Westminster do Gerry Adams Shinn Féin seachas d’iarrthóir an SDLP, an Dr Joe Hendron.

De réir na gcáipéisí bhí an ghoimh ar an Aire Stáit don Chomhshaol, Mary Harney (PD) faoi achainí Mhic Aonghusa.

“Mr Mac Aonghusa’s position as Chairman of Bord na Gaeilge, which receives about £1.5m of state funds, and exists to promote Irish as a living language, is completely untenable and is a gross insult to the countless true lovers of Irish language and culture.”

Dúirt Harney go raibh cosc faoi Alt 31 Gerry Adams a chur faoi agallamh ar na meáin chraolta agus nach raibh ciall ar bith leis go mbeadh cathaoirleach ar bhord stáit “urging electoral support for the same Mr. Adams”.

Mhaígh sí nach raibh i gcolún nuachtáin Mhic Aonghusa ach ‘provo speak’.

Thug Mac Aonghusa freagra ar an gcáineadh in aitheasc a thug sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an bhliain sin. Thagair sé ina chuid cainte do na ‘slíomadóirí’ a bhí ina gceannairí bréagacha ar Éirinn.

Léiríonn miontuairiscí cruinnithe rialtais gur phléigh an rialtas cúpla uair cás Mhic Aonghusa.

Ag cruinniú rialtais an 17 Samhain, 1992 cinneadh an craoltóir Micheál Ó Muircheartaigh a cheapadh ina Chathaoirleach nua ar Bhord na Gaeilge.

 

Cuidiú Haughey do Charna

Tá eolas i gcáipéisí eile faoin méid a rinne an Taoiseach Charles Haughey i 1989 chun an tIonad Taighde Muireolaíochta i Maínis, Carna i gConamara a tharrtháil.

Bhí fógra scoir tugtha d’fhoireann na saotharlainne ach i 1989 chuir Roinn an Taoisigh plean le chéile chun an áit a shábháil.

I mBealtaine na bliana 1988 scríobh an tOllamh Pádraig Ó Céidigh ó Roinn na Zó-Eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, litir chuig an Taoiseach Charles Haughey faoi chás an ionaid a bhí ar tí a bheith dúnta agus fógra scoir tugtha don fhoireann seachtair a bhí ag obair ann.

Rinne Roinn an Taoisigh moladh láithreach lena chinntiú nach ndúnfaí an t-ionad. Dúradh go bhféadfaí an tsaotharlann thabhairt faoi Fhoras na scáth Fhoras na Mara, eagraíocht nua a bhí le bunú agus go gcuirfí maoiniú breise ar fáil.

Tá fáil I gcáipéisí eile ar scéal faoin mbaol go mba ghá ball de bhord Údarás na Gaeltachta a bhriseadh as a chúram.

Ar an 15 Samhain 1993, scríobh Rúnaí Roinn na Gaeltachta, Tadhg Ó hÉalaithe, chuig an Ard-Aighne ag lorg comhairle faoi ‘AB’, duine d’ainmnigh Aire na Gaeltachta ar bhord na heagraíochta fiontraíochta. I gCúirt Dúiche an Chlocháin Léith ordaíodh go gcuirfí AB go príosún toisc nár íoc sé fiacha £5,000 le hollmhargadh an Cope ar an mbaile. De réir Acht Údarás na Gaeltachta 1979 – bheadh ball boird dícháilithe dá gcuirfí i bpríosún é .

Ba í comhairle an Ard Aighne nach raibh aon ghá ‘AB’ a bhriseadh as a chúram. Cé go raibh ordú tugtha ag an mBreitheamh go ngabhfaí ‘AB’ agus go gcuirfí i bpríosún é, níorbh ionann é sin agus téarma príosúin a bheith gearrtha air.

 

Moill ar TnaG

Léiríonn meamram a cuireadh faoi bhráid an Rialtais I 1993 go raibh amhras ann faoi struchtúr a bheadh ag an stáisiún teilifíse Gaeilge a raibh caint ann faoina bhunú.

Gheall an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, Michael D Higgins, go rachadh an stáisiún nua TnaG  i mbun craoltóireachta ag deireadh na bliana 1994 ach bhí imní air go gcuirfeadh reachtaíocht nua a bhí le réiteach moill ar chúrsaí. Mhol Higgins go dtabharfaí ordú aireachta go mbunódh RTE comhlacht nua i gcomhar le Bord na Gaeilge ar mhaithe leis an stáisiún nua a bhunú.

Ach léirigh Oifig an Ard-Aighne amhras faoin gcur chuige sin agus caitheadh an plean i dtraipisí. Oíche Shamhna 1996 a thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh.

Fág freagra ar 'Cúig rud a d’fhoghlaim muid faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó cháipéisí an stáit…'