Cúig ghradam buaite ag scannán Gaeilge ag féile idirnáisiúnta

Tá moladh mór faighte ag Arracht go dtí seo agus bronnadh tuilleadh gradam ar an scannán ag Féile Scannán Idirnáisiúnta 'American Golden Picture'

Cúig ghradam buaite ag scannán Gaeilge ag féile idirnáisiúnta

Tá gradam don fhadscannán is fearr agus ceithre ghradam eile buaite ag scannán Gaeilge ag féile idirnáisiúnta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá moladh mór faighte ag Arracht go dtí seo agus bronnadh tuilleadh gradam ar an scannán ag Féile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

Bhuaigh an scannán gradaim don Fhadscannán is Fearr, don Stiúrthóir is Fearr (Tom Sullivan) don Cineamatagrafadóir is Fearr (Kate McCullough) don Aisteoir Óg is fearr (Saise Ní Chuinn) agus don Aisteoir is Fearr (Dónall Ó Héalaí).

Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar don scannán.

Arracht ar an dara scannán atá léirithe faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt.

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas le lucht déanta an scannáin as na gradaim is deireanaí seo a bhuachan.

“Tréaslaíonn TG4 le Arracht an t-aitheantas atá faighte aige ó lucht féachana idirnáisiúnta. Tá ábhar Gaeilge a sholáthar ar gach ardán i gcroílár fhís TG4 don lucht féachana agus cuirtear scannáin Ghaeilge de scoth ar fáil le maoiniú Cine 4.

Tá moladh mór faighte ag Arracht ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán Tallinn i mí na Samhna, moladh a thugann aitheantas do chumas agus do scileanna na foirne léiriúcháin i margadh closamhairc domhanda.”

Tá duaiseanna faighte cheana féin ag Arracht, léirithe ag Macalla Teo, ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mí an Mhárta agus ag Féile Scannán Ghlaschú.

Fág freagra ar 'Cúig ghradam buaite ag scannán Gaeilge ag féile idirnáisiúnta'