Cúig cinn d’fholúntais ar Bhord TG4 le fógairt

Tá an dara tréimhse ar Bhord TG4 curtha isteach ag cathaoirleach an Bhoird Siún Ní Raghallaigh agus ceathrar eile

Cúig cinn d’fholúntais ar Bhord TG4 le fógairt

Tá cúig cinn d’fholúntais ar Bhord TG4 le fógairt go luath, ina measc folúntas do Chathaoirleach.

Tá na folúntais ann toisc a dtréimhse ar na mbord a bheith curtha isteach ag cúigear, an cathaoirleach Siún Ní Raghallaigh, Des Geraghty, Michelle Ní Chróinín, Mairéad Ní Cheoinín agus Micheál Seoighe.

Chaith na comhaltaí dhá théarma cúig bliana ar an mbord.

Ghabh Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont buíochas leo: 

“Tá go leor bainte amach ag TG4 ó cuireadh tús le tréimhse an bhoird seo agus táimid an-mhórálach as an dul chun cinn atá déanta ag TG4 chun muinín an rialtais ionainn a mhéadú lenár straitéis lucht féachana agus fáis.” 

“Ghabh sé buíochas ar leith leis an gCathaoirleach Siún Ní Raghallaigh, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an stáisiúin chomh maith. 

Ghabh na comhaltaí boird buíochas le Alan Esslemont, le foireann TG4 agus leis na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a dhéanann formhór na gclár ar sceideal TG4. 

11 comhalta a bhíonn ar Bhord TG4 in éineacht leis an Ard-Stiúrthóir agus ionadaí foirne. An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann na ceapacháin.

Athcheapadh na comhaltaí Frank Reidy agus Bríd Ní Fhachtna ar an mbord in 2020. Is iad na comhaltaí eile atá ar an bord faoi láthair ná Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc, Siobhán Ní Ghadhra, Acadamh an Atlantaigh, Darach Ó Tuairisg, Fíbín, agus ionadaí fhoireann TG4, Seán Ó Domhnaill.

Déanfar na folúntais a fhógairt ar stateboards.ie.

Fág freagra ar 'Cúig cinn d’fholúntais ar Bhord TG4 le fógairt'