Cúig chluiche ceannais san Eoraip nach ndéanfaidh Liverpool dearmad go deo orthu

Agus foireann Jürgen Klopp ag dul chun páirce i gcluiche ceannais na Sraithe Europa anocht, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chluichí ceannais eile, idir mhaith agus olc, ina raibh Liverpool páirteach roimhe seo

Liverpool v AC Milan – Sraith na gCuradh 2005

Bua Liverpool i 2005. INPHO/Getty Images
Bua Liverpool i 2005. INPHO/Getty Images

Cosúil le Klopp anocht, bhí Rafa Benitez ina chéad shéasúr mar bhainisteoir ar Liverpool nuair a shroich an fhoireann cluiche ceannais Sraithe na gCuradh in 2005. Bhí scór bliain caite ón uair is deireanaí ar shroich siad an babhta céanna sa chomórtas sin, cluiche a chaill siad in aghaidh Juventus.

Bhí an chuma ar an scéal gur in ísle brí a chríochnóidís an oíche sin freisin agus iad 3-0 chun deiridh ag leath ama ach tháinig siad ar ais i gceann de na cluichí sacair is dochreidte a bhí ann riamh. Bhí siad ar cothrom taobh istigh de shé nóiméad ag tús an dara leath agus ba é Jerzy Dudek laoch Liverpool ina dhiaidh sin mar go ndearna sé cúpla sábháil den scoth in am breise agus ó chiceanna éirice Milan.

Liverpool v Borussia Mönchengladbach – Corn na hEorpa 1977

Bliain tar éis dóibh Corn UEFA a bhuachan don dara huair, shroich Liverpool cluiche ceannais Chorn na hEorpa faoi cheannas Bob Paisley. Amhail Liverpool an lae inniu, bhí cluiche ceannais caillte ag foireann Paisley cheana féin an séasúr sin nuair a fuair Manchester United an ceann is fearr orthu sa Chorn FA díreach ceithre lá sular thug siad aghaidh ar Borussia Mönchengladbach sa Róimh.

Ba léir nár gur a dteip i gcoinne United isteach rómhór orthu, áfach. Chuir cúl Terry McDermott chun cinn iad agus 28 nóiméad imeartha agus faoin am ar cuireadh críoch leis an imirt, bhí bua 3-1 ag na Sasanaigh agus Corn na hEorpa tugtha ar ais chuig Learpholl acu den chéad uair.

Liverpool v Deportivo Alavés – Corn UEFA 2001

Robbie Fowler agus imreoirí Liverpool ag ceiliúradh i 2001. INPHO/Allsport
Robbie Fowler agus imreoirí Liverpool ag ceiliúradh i 2001. INPHO/Allsport

An uair is deireanaí go raibh Liverpool i gcluiche ceannais an chomórtais seo, bhí foireann Gerard Houllier ag iarraidh a dtríú corn a bhuachan an séasúr sin agus an Corn FA agus Corn na Sraithe buaite cheana féin acu. Deportivo Alavés na Spáinne a bhí rompu agus cé go raibh Liverpool mar rogha láidir na coitiantachta, níor ghéill Alavés gan troid a dhéanamh.

Bhí Liverpool 3-1 chun cinn ag leath ama ach d’fheabhsaigh na Spáinnigh chun an scór a chothromú. Cé gur chuir Robbie Fowler a fhoireann chun cinn arís agus 20 nóiméad fágtha, chinntigh cúl Jordi Cruyff, agus an t-am beagnach caite, go mbeadh am breise ag teastáil. Ní raibh fágtha ach ceithre nóiméad den am breise sin nuair a scinn cic saor Gary McAllister de chosantóir Alavés, Delfi Geli, agus chríochnaigh an liathróid san eangach chun an bua a thabhairt do Liverpool.

Liverpool v Roma – Corn na hEorpa 1984

go raibh siad ag imirt Roma ina staid féin, bhí Liverpool muiníneach go maith roimh chluiche ceannais Chorn na hEorpa 1984. Bhí an tsraith agus Corn na Sraithe tugtha leo i Sasana ag Liverpool roimhe sin agus bhí siad sa tóir ar bhua i gCorn na hEorpa don cheathrú huair taobh istigh d’ocht mbliana.

Níor thóg sé ach 13 nóiméad ar Liverpool smacht a fháil ar an imirt le cúl ó Phil Neal, ach bhí Roma ar ais ar comhscór roimh leath ama. Bhí an chuid eile den chluiche cothrom go maith agus gá le ciceanna éirice sa deireadh an chéad uair ar tharla a leithéid i gcluiche ceannais an chomórtais. Is í cleasaíocht an chúl báire, Bruce Grobbelaar agus a chosa spaigití, a thug an buntáiste do Liverpool, nuair a d’aimsigh Alan Kennedy cúl an bhua ar deireadh.

Liverpool v Juventus – Corn na hEorpa 1985

Staid Heysel i 1985. INPHO/Getty Images
Staid Heysel i 1985. INPHO/Getty Images

Ní dea-chuimhní ar fad atá ag Liverpool ar chluichí ceannais inar ghlac siad páirt iontu agus, cé gur chaill siad in aghaidh AC Milan i Sraith na gCuradh in 2007, níl aon amhras ach go raibh cluiche ceannais 1985 ar cheann de na laethanta ba dhorcha i stair an chumainn. Cé go dtagann gliondar ar lucht tacaíochta an chumainn aon uair a luaitear Istanbul, is a mhalairt atá fíor nuair a luaitear Heysel.

Maraíodh 39 duine sa phlódú a tharla tar éis do lucht tacaíochta Liverpool balla a leagan.

D’aimsigh Michel Platini cic éirice do Juventus chun an cluiche a bhuachan do na hIodálaigh ach ba mheasa a raibh i ndán do Liverpool mar cuireadh cosc orthur páirt a ghlacadh i gcomórtais Eorpacha ar feadh sé shéasúr.

Fág freagra ar 'Cúig chluiche ceannais san Eoraip nach ndéanfaidh Liverpool dearmad go deo orthu'