Cuarbhóthar an leigheas ar ‘phlúchadh’ chathair na Gaillimhe, a mhaítear

Inniu a thosaigh an éisteacht phoiblí faoi na pleananna do chuarbhóthar chathair na Gaillimhe an N6 (GCRR)

Cuarbhóthar an leigheas ar ‘phlúchadh’ chathair na Gaillimhe, a mhaítear

Maíodh ag éisteacht phoiblí faoin gcuarbhóthar atá molta do chathair na Gaillimhe gurb é an bóthar sin an leigheas is fearr ar fhadhb tráchta na cathrach agus go gcuideodh sé chomh maith leis an taisteal inmharthana.

Inniu a thosaigh an éisteacht phoiblí faoi na pleananna do chuarbhóthar an N6 (GCRR) agus Arup, an comhlacht innealtóireachta atá taobh thiar den phlean, ag tabhairt freagra ar an 296 aighneacht a fuarthas ina thaobh.

Is é a bheadh sa chéad chuid den  chuarbhóthar atá á mholadh ná carrbhealach singil 5.6 ciliméadar ar fhad a thosódh dhá chiliméadar taobh thiar de Bhearna i nGaeltacht Chonamara agus a chríochnódh ag Bóthar Bhaile an Mhóinín. Ó sin ar aghaidh bheadh 11.9 ciliméadar de charrbhealach dúbailte soir go dtí Cnoc Mhaoil Drise mar a gceanglófaí an cuarbhóthar leis an N6.

Dúirt an t-innealtóir Mike Evans ó Arup gur minic an Ghaillimh “ina lánstad ar fad” de dheasca na tráchta.

Dúirt sé go raibh an fhadhb tráchta ag “plúchadh” na cathrach agus ag cur isteach ar shaol daoine sa chathair. Dúirt sé chomh maith go gcailltear na milliúin euro gach bliain mar gheall ar an bhfadhb tráchta agus go raibh an fhadhb ag cur bac ar fhorbairt eacnamaíochta na cathrach.

Bhí breis agus 300 duine i láthair in Ostán an G ar an gcéad lá den éisteacht a mhairfidh suas le hocht seachtaine agus a bheidh ar cheann de na héisteachtaí pleanála is faide dá raibh ann riamh.

296 aighneacht faoin gcuarbhóthar curtha faoi bhráid lucht pleanála níl ach 16 acu sin ar a shon.

Ar na húdair imní a léirítear sna haighneachtaí tá ceisteanna faoi a riachtanaí agus atá an bóthar agus an tionchar a bheadh aige ar an bpobal, ar an timpeallacht, ar ghnóthaí, ar thithe, ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ar Ráschúrsa na Gaillimhe.

Faoin bplean don bhóthar leagfaí 44 tigh agus chuir 28 d’úinéirí na dtithe sin aighneachtaí faoi bhráid lucht pleanála. Meastar go mbeadh tionchar ag an bplean chomh maith ar 500 úinéir talún agus ar 11 gnó.

Fág freagra ar 'Cuarbhóthar an leigheas ar ‘phlúchadh’ chathair na Gaillimhe, a mhaítear'