Cuairt ar chró na gcearc i lár chathair Bhaile Átha Cliath

Agus tú ar cuairt ar fheirm Airfield is deacair a shamhlú go bhfuil tú i gceann de bhruachbhailte cáiliúla Bhaile Átha Cliath agus ionad mór siopadóireachta trasna an bhóthair uait

Cuairt ar chró na gcearc i lár chathair Bhaile Átha Cliath

Le teann fiosrachta agus toisc sceitimíní a bheith orainn ar fad faoi bheith ag tabhairt cuairt ar chró na gcearc, bhíomar luath. Ag 9.30 a.m. díreach osclaíodh geataí na feirme. Ag a deich a chlog agus slua deas bailithe, idir dhaoine fásta agus pháistí, leaindeáil bean óg ag an gcró agus buicéad ina glaic aici.

Ba ghearr ina dhiaidh sin go raibh deich gcinn d’uibheacha deasa – bán, donn agus corrcheann gorm – sa mbuicéad aici agus iad ar a mbealach chuig caifé na feirme.

Agus muid timpeallaithe ag páirceanna glasa, garrantaí glasraí, bláthanna fiáine, ainmhithe feirme den uile chineál, ba dheacair a shamhlú go rabhamar i gceann de bhruachbhailte cáiliúla Bhaile Átha Cliath – Dún Droma. Go deimhin, bhíomar trasna an bhóthair ón ionad mór siopadóireachta.

Is í feirm Airfield nó ‘Airfield Estate’ an t-aon fheirm oibre atá fágtha sa gcathair. Nuair a bhog mise go Baile Átha Cliath sna nóchaidí, bhí feirm eallach gar dom ar Ascaill Carysfort. Creidim go raibh ceann nó dhó eile scaipthe timpeall na cathrach. Ach tá siad uilig slogtha anois ag eastáit tithíochta, árasáin agus monarchana. Is é an t-iontas é go maireann Airfield beo i gcónaí.

Fágadh Airfied le huacht ag muintir na hÉireann i 1974, nuair a bhásaigh an duine deireanach de mhuintir Overend, ar leo an áit ón tús. Agus cé gur tháinig brú ar an gclann i gcaitheamh na mblianta an talamh a dhíol le tógálaithe agus forbróirí, sheas siad an fód agus de réir a chéile, chuireadar leis an talamh go dtí go raibh beagnach 40 acra acu.

Dlíodóir ab ea Trevor Overend ach chuir sé féin agus a bhean Lily tús leis an bhfeirm ag deireadh 1894. Ba í Lily a chuir dlús faoin bhforbairt agus a choinnigh an obair ar siúl ann. Ach bhí suim mhór aici freisin i gcúrsaí sláinte agus leighis.

Saolaíodh triúr iníonacha dóibh ach fuair duine acu bás agus í bliain d’aois. Bhí os cionn 20 bliain idir na hiníonacha Letitia agus Naomi ach bhíodar an-ghar dá chéile i gcónaí. Níor phósadar agus d’fhanadar ar an bhfeirm (nuair nach rabhadar ag taisteal an domhain).

Bhíodh aithne ag chuile dhuine i ndeisceart Bhaile Átha Cliath orthu agus iad ag tiomáint thart ina gcuid carranna ardnósacha. Bhí Rolls-Royce ag Letitia agus dúradh go ndearna sí féin agus Naomi cúrsa cothabhála cairr ar feadh míosa i Derby, Sasana sular thóg sí an carr ar láimh. Bhí sé de cháil ar Letitia go raibh sí in ann an t-inneall a bhaint as a chéile, píosa ar phíosa, agus é a chur ar ais le chéile arís.

Ach bhí suim ar leith acu sa bhfeirm. Thógadar tréad eallach ‘Jersey’ toisc gur acu a bhí an bainne ab fhearr. Sa lá inniu, tá eallach Jersey fós in Airfield agus ceangal fola acu leis an eallach a bhíodh ag na deirfiúracha.

Tar éis ár gcoinne leis na cearca, ar aghaidh linn go dtí an teach déiríochta agus na Jerseys.

Ag leathuair tar éis a deich tháinig an fhoireann isteach, ghlanadar an áit ó bhun go barr agus ghlanadar na hainmhithe.  Le meaisín a rinneadh an bleán agus bhí iontas ar éadan na ngasúr nuair a thugadar faoi deara an bainne ag brúchtaíl amach as na píopaí.

Nuair a bhí Letitia agus Naomi beo, thugaidís cuireadh do pháistí na háite teacht isteach agus siúl thart ar an bhfeirm. Sa lá inniu, bíonn fáilte ar leith roimh pháistí – cead acu méar a leagan ar na huibheacha, cloigne na laonna a chuimilt, breathnú ar bhleán na mbó. Agus ina dhiaidh sin, tugtar blaiseadh beag den bhainne (atá paistéartha) do chuile dhuine acu.

Deirtear nach aon iontas é nach mbíonn a fhios ag páistí cá as a dtagann bainne, uibheacha, feoil, srl, toisc nach bhfeiceann siad aon chuid díobh á dtáirgeadh taobh amuigh den ollmhargadh.

Leagtar an-bhéim in Airfield ar eolas, ar léachtaí, ar imeachtaí a chuireann le heolas faoi chúrsaí feirmeoireachta. Go deimhin, agus tú ag siúl thart, feicfidh tú póstaeir bheaga eolais ar na páirceanna ag inseacht duit faoi leasú, faoin bhféar, faoi na glasraí, faoi na hainmhithe éagsúla agus an fáth a gcoinnítear iad.

Ní mórán feirmeacha a choinníonn ‘Jerseys’ anois toisc nach soláthraíonn siad an t-uafás bainne. Ach is ar mhaithe le caighdeán an bhainne féin a choinnítear in Airfield iad. Agus toisc go bhfuil ceangal díreach idir tréad an lae inniu agus an tréad a bhíodh ag na deirfiúracha.

Cheannaigh mé lítear bainne roimh imeacht dom. Tá dath sórt buí air agus gach cosúlacht air go bhfuil sé lán le huachtar. Níor chuala Letitia trácht ar ‘low-fat’ riamh ina saol.

Áis iontach í seo do lucht na cathrach. Is beag a cheap mé agus mé ag bailiú uibheacha as cró na gcearc, agus ag tabhairt isteach an channa stáin bainne ón áit ar fhág ‘Jimmy The Mill’ é ag an ngeata, go mbeinn ag íoc as  na rudaí céanna a dhéanamh lá éigin.

Ach sin mar atá an saol anois. Agus níl teacht ag gach éinne ar na háiseanna seo – bídís saor in aisce nó le fáil ar phraghas an ticéid. Tá stair náisiúnta agus stair áitiúil ag baint le feirm na Overends.

Coinnítear cartlann na clainne san Ollscoil i Maigh Nuad.

Tá gach rud a bhain lena saol – an fheirmeoireacht, an taisteal, an obair charthanachta a rinne siad, coinnithe acu. Caithfidh sé gur léargas ar leith é ar an saol i nDún Droma thart ar dheireadh an 19ú aois agus an chéad leath den 20ú aois.

Ach is féidir blaiseadh den saol agus den stair áirithe a bhain leo a fháil ach cuairt lae a thabhairt ar Eastát Airfield. Nuair a bheas na ba blite agat agus na huibheacha bailithe, féadfaidh tú stopadh ag an teach leis an Rolls agus an Austin a fheiceáil agus tá bialann ann má bhíonn ocras ort.

Fág freagra ar 'Cuairt ar chró na gcearc i lár chathair Bhaile Átha Cliath'

  • Máiread

    Blas na Bhflaitheas

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tháinig cáilin as an mbaile mór chuig feilm i gContae Mhaigh Eo uair amháin. Chonaic sí cearc ag breith uibhe. “Ní íosfaidh muide ach uibheacha siopa níos mó,” a dúirt sí.