Cruinniú idir an tAire Dlí agus Cirt agus muintir mná a éigníodh i gCorca Dhuibhne curtha ar ceal

Tá achomharc á dhéanamh ag Conor Quaid ón nDaingean a ciontaíodh as bean óg a éigniú 

Cruinniú idir an tAire Dlí agus Cirt agus muintir mná a éigníodh i gCorca Dhuibhne curtha ar ceal

Tá cor eile sa chonspóid faoi chás éignithe a tharla sa Daingean i gCorca Dhuibhne, cás atá go mór i mbéal an phobail le roinnt seachtainí anuas de bharr raic faoi theistiméireachtaí carachtair.

Tuairiscítear inniu go bhfuil achomharc á dhéanamh ag Conor Quaid, an fear óg ón nDaingean a ciontaíodh as bean a éigniú ina teach féin ar an mbaile trí bliana ó shin. De bharr an achomhairc sin tá cruinniú a bhí beartaithe idir muintir na mná agus an tAire Dlí agus Cirt curtha ar ceal.

Gearradh téarma príosúin ocht mbliana, ar cuireadh 18 mí de ar fionraí, ar Conor Quaid (26) sa Phríomh-Chúirt Choiriúil coicís ó shin as an mbean óg, ar cara de chuid a theaghlaigh í, a éigniú i mí an Mheithimh 2018. 

Rinne Quaid cinneadh an tseachtain seo achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe.

Tuairiscítear sa nuachtán Kerry’s Eye go raibh socrú déanta ag an Aire Helen McEntee bualadh le teaghlach na mná an tseachtain seo chugainn ach gur cuireadh an cruinniú ar ceal inné.

Is mian le muintir na mná úsáid na dteistiméireachtaí carachtair i gcásanna cúirte a phlé leis an Aire agus iad ag moladh nach gceadófaí a leithéid feasta i gcásanna a bhaineann le hionsaithe gnéis. 

Tá go leor tacaíochta léirithe don bhean agus dá muintir ó labhair siad amach faoin gcás an tseachtain seo caite. 

Dúirt an teaghlach go raibh siad féin agus an bhean óg buartha faoi theistiméireacht charachtair a thug ball de CLG an Daingin agus daoine eile ar son Conor Quaid tar éis dó a chiontaithe.

Dúirt John Diony O’Connor, atá anois ina leas-Chathaoirleach ar an gcumann áitiúil, go raibh dea-cháil ar Quaid agus gur réitigh sé go maith i gcónaí le traenálaithe agus le himreoirí eile nuair a bhíodh sé ag imirt don Daingean faoi aois.

Bhí tábhairneoir áitiúil, Tom Geaney, iarsháirsint sa Gharda Síochána, John Cahill, agus daoine eile ina measc siúd a thug teistiméireachtaí carachtair sa chás.

Agus téarma príosúin gearrtha ar Conor Quaid sa chás, scríobh muintir na mná chuig cumann an Daingin agus chuig CLG Chiarraí ag iarraidh fáil amach ar ghlac siad leis an tacaíocht a bhí léirithe d’fhear a bhí ciontaithe as bean a éigniú. Dúirt siad go raibh an chlann uile trína chéile ag an méid a bhí le rá ag O’Connor.

I bhfreagra a sheol sé chucu, rinne rúnaí CLG Chiarraí, Peter Twiss, comhbhrón ó chroí leis an mbean agus leis an gclann as an méid a bhí fulaingthe acu. Dúirt sé, áfach, nach thar ceann CLG an Daingin a tugadh an teistiméireacht a bhí i gceist agus nár tugadh le fios inti gur tuairimí an chumainn a bhí ann. Ní raibh O’Connor ina leasChathaoirleach ar an gcumann nuair a thug sé an teistiméireacht anuraidh.

Dúirt máthair na mná le Kerry’s Eye go raibh teagmháil déanta aici le cumann CLG an Daingin ag iarraidh orthu deontas a thabhairt d’Ionad Éigeandála um Éigniú Chiarraí. Dúirt sí go gcaithfeadh an cumann agus CLG Chiarraí ráiteas a dhéanamh agus a léiriú cá seasann siad maidir leis an scéal.

Dúirt bainisteoir Ionad Éigeandála um Éigniú Chiarraí, Vera O’Leary go raibh an eagraíocht sásta oiliúint íogaireachta a chur ar fáil saor in aisce d’oifigigh CLG ar fad sa chontae.

Fág freagra ar 'Cruinniú idir an tAire Dlí agus Cirt agus muintir mná a éigníodh i gCorca Dhuibhne curtha ar ceal'