Cruinniú faoi Bhliain na Gaeilge 2018 ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ‘Bliain na Gaeilge’ a cheiliúradh an bhliain seo chugainn mar chuid de Chomóradh 125 Bliain Chonradh na Gaeilge

Cruinniú faoi Bhliain na Gaeilge 2018 ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu

Beidh an chéad chruinniú ag Grúpa Oibre Bhliain na Gaeilge, meitheal a chuir Conradh na Gaeilge ar bun le himeachtaí Bhliain na Gaeilge 2018 a eagrú, ar siúl inniu i mBaile Átha Cliath.

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ‘Bliain na Gaeilge’ a cheiliúradh an bhliain seo chugainn mar chuid de Chomóradh 125 Bliain Chonradh na Gaeilge.

Cuireadh tús leis an bpleanáil don bhliain cheiliúrtha anuraidh agus reáchtáladh seisiún pleanála i mí Mheán Fómhair. Tá an Conradh ag iarraidh ar eagraíochtaí agus daoine aonair imeachtaí a eagrú ar fud na hÉireann i gcaitheamh na bliana seo chugainn, mar chuid den cheiliúradh.

Tá an Conradh ag iarraidh nasc a dhéanamh idir Bliain na Gaeilge 2018 agus an clár nua ‘Éire Ildánach’ a d’fhorbair an rialtas, tionscadal a d’eascair as an gclár comórtha Éire 2016 a tháinig chun deiridh Oíche Chinn Bhliana. Tá súil ag an gConradh cuid den mhaoiniú a bheidh ar fáil as seo go ceann cúig bliana ó Éire Ildánach a fháil dá chomóradh féin.

Deir an eagraíocht go dtabharfaidh ‘Bliain na Gaeilge’ aitheantas “don dul chun cinn ar fad atá déanta ag gach grúpa le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn”. Maítear gur “deis ollmhór” a bheidh anseo an teanga a chur chun cinn “i slí nua-aoiseach, dhearfach”.

Táthar ag súil go mbeidh gach scoil, coláiste tríú leibhéal, grúpa teanga agus údarás áitiúil, thuaidh agus theas, páirteach sa cheiliúradh. Táthar ag súil chomh maith go nglacfaidh eagraíochtaí amhail CLG agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann páirt sa cheiliúradh agus go gcuirfidh grúpaí eile “nach mbíonn aitheanta leis an nGaeilge de ghnáth”, leithéidí IBEC agus Gasóga na hÉireann, suim sa phlean.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie go bhfuil ionadaithe ó 50 eagraíocht cláraithe leis an ngrúpa oibre cheana féin agus go bhfuil spéis léirithe ag leithéidí RTÉ agus BBC a bheith páirteach le Bliain na Gaeilge.

“Tá meascán maith de ghrúpaí atá ag plé leis an nGaeilge tar éis spéis a léiriú ann agus iad ag breathnú air mar dheis an Ghaeilge a cheiliúradh. An rud atáimid ag iarraidh a chur chun cinn ná a léiriú go bhfuil láidreacht sa Ghaeilge agus dea-scéalta ann fúithi 125 bliain i ndiaidh thús na hathbheochana.”

Cuireadh tús le Bliain na Gaeilge 2013 le ceiliúradh mór sa Daingean i nGaeltacht Chiarraí Oíche Chinn Bhliana 2012. Dúirt de Spáinn go bhfuil súil ag an gConradh tús spleodrach eile mar é a chur le Bliain na Gaeilge 2018.

Ní raibh ceachtar den dá rialtas sásta tacaíocht a thabhairt don bhliain cheiliúrtha ceithre bliana ó shin, ach dúirt de Spáinn gur “rud píolótach” a bhí i gceist an uair sin, agus gur ceiliúradh mór oifigiúil a bheidh i gceist an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cruinniú faoi Bhliain na Gaeilge 2018 ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu'