‘Caithfidh páistí na mbocht a bheith eisceachtúil nó ádh thar an gcoitiantacht a bheith orthu.’
Na ciorruithe is deireanaí a d’fhógair Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann a tharraing an cáineadh. Ciorruithe iad a bhuailfidh na daltaí scoile is goilliúnaí sa réigiún agus a muintir.
Liosta le háireamh iad na scéimeanna breise atá á gcealú sna ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste toisc go bhfuil an rialtas Caomhach diongbháilte go gcuirfear stop le róchaiteachas abhus.
Tá gach cosúlacht ar an scéal nach mbeidh an Roinn Oideachais in ann ach an tseirbhís is lú a éilíonn an dlí a sholáthar agus tá a fhios ag an saol go gciallaíonn sé sin gurb í an aicme is boichte a bheidh thíos leis.
D’uireasa feidhmeannas in Stormont tá buiséad don bhliain reatha 2023-2024 le fógairt go luath ag Chris Heaton-Harris, an Státrúnaí, agus an tAire Steve Baker. Rinne Stormont róchaiteachas £300 milliún anuraidh agus deir an Státrúnaí go gcaithfear na cuntais a chomhardú.
Idir sin agus an ráta boilscithe 10% is léir go bhfuil bonn teann faoi na leidí gur buiséad ‘brúidiúil’ a bheas ann. Seans gur teaictic é freisin chun brú a chur ar an DUP filleadh ar Stormont ach thug Jeffrey Donaldson an chluas bhodhar dó go dtí seo.
Ní thig le páistí na mbocht neamhaird a dhéanamh dá bhfuil ar siúl. Ag deireadh an téarma seo cuirfear stop leis an Scéim Tacaíochta Scoile do pháistí faoi mhíbhuntáiste.
Sa bhliain reatha seo fuair timpeall 500 scoil maoiniú idir £1,000 agus £33,000 bunaithe ar líon na ndaltaí agus an riachtanas, costas £9 milliún ar fad. Bhí an scéim oscailte do scoil ar bith ina bhfuil 37% de na páistí i dteideal béilí saor in aisce – iad sin sna ceantair is boichte.
Bhain príomhoidí leas as an airgead ar bhealaí éagsúla, de réir na riachtanais ba mhó a bhí ag a gcuid daltaí. Chuir go leor bricfeasta ar fáil, seirbhís chomhairleach do dhaoine le fadhbanna, teiripe urlabhra agus clubanna staidéir. Dhéanfadh ceann ar bith de na seirbhísí sin difríocht mhór do pháiste. Cé a bheadh in ann foghlaim agus é/í ocrach nó nuair atá sé deacair staidéar a dhéanamh sa bhaile?
Mar bharr ar an donas tá stop curtha freisin leis an scéim chothaithe do na laethanta saoire. Níl ach cúpla bliain caite ó náiríodh na Caomhaigh agus gurbh éigean dóibh liúntas bia na saoire a cheadú do na daltaí is boichte. Tá deireadh curtha leis sin anois. Tá scéim na leabhar saor is aisce do leanaí nuabheirthe caite i dtraipisí freisin mar atá maoiniú do sheirbhís chomhairleach meabhairshláinte do pháistí.
Tá Oifig Thuaisceart Éireann (roinn Heaton-Harris) ag leagan béime air go bhfaigheann daoine abhus 21% níos mó per capita ón sparán poiblí ná mar a fhaigheann daoine i Sasana. Ní leithscéal ar bith é sin don gcineál cruatain atá a bhagairt acu. Bíonn éagothroime i gcónaí idir an riachtanas i gceantair bhochta agus cinn atá níos fearr as.
Rinneadh faillí san infreastruchtúir abhus ar feadh na mblianta. Is fíor nach ndeachaigh Stormont i ngleic leis na heasnaimh le cúig bliana fichead agus go bhfuil drochbhail ar sheirbhísí poiblí go ginearálta. Tá gá le caiteachas caipitil chun na fadhbanna sin a fhuascailt. Tá sé thar am athchóiriú a dhéanamh ar chúrsaí sláinte, oideachais agus seirbhísí eile ach ní le satailt ar na boicht a dhéanfar é.
Tá an ghné aicmeach de na ciorruithe sin scanrúil éagórach. Is furasta a rá gur seirbhísí sa mbreis ar an dualgas reachtúil iad seo nó gurb iad na húlla ar an gcraobh is ísle is gaire do lámh iad. Ach tá sé sin róshimplí.
Labhraíonn polaiteoirí faoi aidhmeanna uaillmhianacha, faoi dheiseanna do gach saoránach chun barr a chumais a bhaint amach. Baothchaint í sin nuair is é brí na bpolasaithe a chuirtear i bhfeidhm go mbeidh constaicí le sárú ag an duine is goilliúnaí nach mbeidh ar an mheánaicme ná lucht rachmais a dhul i ngleic leo choíche.
Mar a dúirt ceannaire cheardchumann múinteoirí i Sasana, Mary Bousted, is í ar chuairt anseo, is é toradh na bpolasaithe nach mbainfidh ach páiste bocht ‘eisceachtúil’ nó duine a mbeidh an t-ádh dearg air barr feabhais amach.
Fág freagra ar 'Cruatan na dTóraithe – buiséad ‘brúidiúil’ á thuar'