Cruacheist í conas déileáil leis an mbuille síceolaíoch a thugann teorainn i Muir Éireann d’aontachtaithe

D’ainneoin scéal chailleach an uafáis a bheith déanta astu tá na fadhbanna praiticiúla a bhaineann leis an bPrótacal inréitithe go héasca más é toil na bpáirtithe é

Cruacheist í conas déileáil leis an mbuille síceolaíoch a thugann teorainn i Muir Éireann d’aontachtaithe

Tá an plé faoin bPrótacal iarBhreatimeachta ar siúl arís an tseachtain seo. Seachtain eile den scéal céanna, seans. Dé hAoine buailfidh Maros Šefčovič, leasuachtarán an Aontais Eorpaigh, agus an Tiarna David Frost, aire an Bhreatimeachta, le chéile chun measúnú a dhéanamh ar obair na bhfeidhmeannach ón dá thaobh.

Comhartha sóirt ar an bpróiseas is ea é gur beag dóchas a léiríonn aon duine go gcloisfear fógra dearfach i ndiaidh a gcruinnithe.

Chualathas sa gCúirt Achomhairc an tseachtain seo an cás aontachtach go gcaithfear an Prótacal a chealú toisc go sáraíonn sé Acht an Aontais. Rinne ceannaire an TUV, Jim Allister, iarcheannaire an DUP, Arlene Foster, agus aontachtaithe eile achomharc in aghaidh rialú ard-chúirte go raibh an Prótacal dleathach agus gur threise é ná foráil sa tseanreacht ó 1801.

Ag an am céanna bhí bailchríoch á cur ar a n-aighneacht in aghaidh an Phrótacail ag an Ord Oráisteach agus na mílte ainmneacha curtha lena n-achainí, a thabharfar don bPríomh-Aire Boris Johnson, a dúirt siad. Bhí Jeffrey Donaldson ag fanacht le scéal ó Johnson nó ón Tiarna Frost agus é ag iarraidh eití éagsúla a pháirtí féin a bhreith leis, iad sin a bheadh sásta le leasuithe ar an bPrótacal agus iad sin a éilíonn cealú as éadan.

Ní raibh aon chaint ag ceannaire an DUP faoina bhagairt a chomhlíonadh agus a airí a aistarraingt as Stormont.

Ní ribín réidh é an cúrsa do Donaldson. Ní mhaithfeadh an pobal d’éinne Stormont a scrios tráth a bhfuil an phaindéim Covid-19 rábach ach tá dream dílseoirí an-mhíshásta nach bhfuil beart de réir a bhriathair déanta ag ceannaire an DUP agus Stormont tréigthe aige. Tuairiscíodh go raibh buíon bheag dílseoirí ag bagairt foréigin roimh Nollaig muna scriosfaí an Prótacal, cuid acu ag caint ar a bhfrustrachas le heaspa gnímh an DUP.

Cháin Jeffrey Donaldson an foréigean in aghaidh an Phrótacail a chonacthas i gcúpla babhta de chíréibeacha agus ionsaithe ar bhusanna i gcaitheamh na bliana, é ag rá gurb é a fheachtas polaitiúil an bealach chun a gcuspóir a bhaint amach. Dá mhéid dá ndeir na polaiteoirí go bhfuil an prótacal doghlactha i bhfoirm ar bith is ea is mó an chontúirt go ngabhfaidh dream beag i muinín aindlí.

Cruacheist is ea í gan dabht conas déileáil leis an mbuille síceolaíoch a thugann teorainn i Muir Éireann d’aontachtaithe. An bhfuil sé thar chumas rialtas Boris Johnson deimhnithe a thabhairt dóibh a chuirfeadh ar a suaimhneas iad? Nó an bhfuil sé sin dodhéanta i bhfianaise iarmhairtí an Bhreatimeachta?

D’ainneoin scéal chailleach an uafáis a bheith déanta astu tá na fadhbanna praiticiúla a bhaineann leis an bPrótacal inréitithe go héasca más é toil na bpáirtithe é. Is minic na fadhbanna sin áirithe le deich mí – cógais leighis, seiceáil earraí nach mbeadh á seachadadh thar teorainn ó dheas, tástáil agrabhia go príomha.

Ar éigean a chualathas smid faoi bhuntáistí an Phrótacail. Go dtí le déanaí, chuir an bhéim ar dhochar scéal an tsochair as a riocht. Anois táthar ag díriú ar an insint a bhaineann leis ‘an craiceann is a luach’ a bheith ar fáil do mhuintir an Tuaiscirt.

Is eol anois go bhfuil lucht easpórtála abhus thar a bheith sásta leis na deiseanna a thug an Prótacal dóibh agus ag cur fainic ar aontachtaithe agus ar an Tiarna Frost gan an feabhas ina ngnóthaí a bhaint díobh. Ina theannta sin deir lucht déantúsaíochta gur eol dóibh go bhfuil suim mhór ag gnólachta idirnáisiúnta infheistíocht a dhéanamh abhus chun a theacht i dtír ar an dá mhargadh atá ar fáil do Thuaisceart Éireann, an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Tá cuid den dearfacht sin feicthe cheana féin. Le déanaí d’fhógair an comhlacht cógaisíochta idirnáisiúnta Almac, a bunaíodh in Craigavon, áit a bhfuil a cheanncheathrú, go mbeadh sé ag baint leas as ‘buntáiste’ an Phrótacail chun forbairt mhór a dhéanamh abhus. ’Sé a phlean 1,000 post sa bhreis a sholáthar sna trí bliana seo romhainn. D’fhógair an comhlacht Ardagh atá lonnaithe in Lucsamburg infheistíocht £27 milliún i monarcha a dhéanfaidh cannaí le haghaidh deochanna; 170 post nua atá beartaithe acusan.

Ní beag sin, ach deir lucht gnó go mbeadh i bhfad níos mó sochair le baint as stádas déach Thuaisceart Éireann ach seasmhacht a bheith cothaithe ag an bpróiseas fadálach idir Frost agus Šefčovič.

Fág freagra ar 'Cruacheist í conas déileáil leis an mbuille síceolaíoch a thugann teorainn i Muir Éireann d’aontachtaithe'