Croitheadh bainte as muintir baile Gaeltachta ag troideanna fíochmhara sráide

Scaipeadh go forleathan ar na meáin shóisialta míreanna físe d’ógánaigh ag ionsaí a chéile ar Shráid na Trá

Croitheadh bainte as muintir baile Gaeltachta ag troideanna fíochmhara sráide

Tá croitheadh bainte as muintir bhaile Gaeltachta an Daingin ag físeáin atá á scaipeadh de throideanna fíochmhara a tharla ar shráideanna an bhaile le linn an deireadh seachtaine.

Scaipeadh go forleathan ar na meáin shóisialta míreanna físe d’ógánaigh ag ionsaí a chéile ar Shráid na Trá.

Tarraingíodh buillí agus i gceann de na míreanna tá an chuma air gur shatail fear amháin ar dhuine eile agus é leagtha chun talún.

Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána go bhfacadar na físeáin seo atá á scaipeadh agus go bhfuil fiosrúchán ar siúl acu go fóill.

Deir daoine as an áit gurb é an foréigean seo an sampla is measa d’iompar frithshóisialta a chonacthas ó athosclaíodh an baile.

I bhfíseán eile feictear ógánaigh agus iad ag iarraidh bacainn a bhaint anuas, bacainn a chuir an Chomhairle Contae ansin chun daoine a choimeád amach san oíche ó bhotháin soláthair bia amuigh faoin aer.

Dúirt Nuala Moore, bean atá ina cónaí i gcomharsanacht Shráid na Trá, le nuachtán an Kerryman, nach bhfaca sí a leithéid d’iompar ar an tsráid sin riamh ina saol agus a bhí ann le cúpla seachtain.

“Tá mise i mo chónaí ar Shráid na Trá le 50 bliain agus 37 bliain caite agam ag obair i dtithe tábhairne. Tá an clampar seo ar siúl gach uile oíche agus ag a 11pm a thosnaíonn sé seachas ag a dó a chlog ar maidin.

“Tá rud éigin nach bhfuil ceart. De ghnáth teaghlaigh a d’fheicfeá amuigh ag siúlóid ag a 11.00 agus ag a 11.3o san oíche, seachas iompar nach gcuidíonn leis an turasóireacht.

“Ceapann daoine gurb é an torann atá ag cur as dúinne anseo ach ní hé. Tá taithí mhaith againne ar imeachtaí a bheith ar siúl ar Shráid na Trá, ar dheirí seachtaine gnóthacha saoire bhainc is regattaí agus níl aon locht againn ar an torann.”

Luadh cúrsaí a bhaineann le hathoscailt an bhaile mar chúis leis an bhfadhb.

Síleann John ‘Benny’ Moriarty, a bhfuil tábhairne aige ar an tsráid, gur ‘fánach’ na heachtraí foréigin mar a léiríodh sna físeáin a tharlaíonn agus mura mbeifí stuama faoin scéal go bhféadfaidís tarlú arís.

“Ba é an bheart stuama le déanamh seirbhísí laistigh agus lasmuigh a athoscailt ag an am céanna. Dá ndéanfaí amhlaidh ní bheadh an méid sin eachtraí mar seo ag tarlú go poiblí. Toradh ar pholasaí é seo. Cuireann tú beart éigin i bhfeidhm agus dá bharr tarlaíonn rud éigin,” arsa John ‘Benny’ Moriarty leis an Kerryman.

Dúirt Pat Fenton a bhfuil bialann Fenton aici ar Shráid na Faiche gurbh éigean di féin fios a chur ar na Gardaí oíche Dé Sathairn.

“Bhí mé sceimhlithe faoinár sábháilteacht agus chuir an mí-iompar ar an tsráid isteach go mór orainn,” a dúirt Pat Fenton. “Níl a fhios agam cad tá ag tarlú. Riamh anall bhíodh deoch ag daoine ar Shráid na Faiche agus ansin thugaidís a n-aghaidh ar an bPríomhshráid. Ach go tobann tá siad ag réabadh leo síos [i dtreo Shráid na Faiche].”

Dheimhnigh Cumann Gnó an Daingin go mbeidh an scéal á phlé acu leis na Gardaí agus le Comhairle Contae Chiarraí.

Tá sé ráite ag an gComhairle Contae gurb é cúram an Gharda Síochána iompar frithshóisialta a rialú ach go ndúntar botháin bhia faoin aer na Comhairle san oíche agus go bhfuil comharthaí crochta acu ag meabhrú do lucht scléipe go bhfuil daoine ina gcónaí sna háiteanna ina bhfuil suíocháin.

“Cuireadh an-fháilte roimh na botháin/haonaid nua agus cuireadh ar fáil iad mar chuid den pholasaí náisiúnta áiseanna a chur ar fáil le go bhféadfadh daoine dul amach ag ithe lasmuigh i rith an tsamhraidh,” a dúirt urlabhraí na Comhairle Contae.

Fág freagra ar 'Croitheadh bainte as muintir baile Gaeltachta ag troideanna fíochmhara sráide'

  • Art

    Fadhbanna iomparaíocht na nGardaí i gcéist sa Daingean

  • Cluain Sceach

    An Daingean (i.e. Dingle) == Gaeltacht ???