Crochfar soilse na Nollag go cinnte…lá éigin…

Tá comórtas na maisiúchán faoi lán seoil ó lár mhí na Samhna is tá faitíos orm gur gearr go nglaofar na húdaráis orainn as an easpa soilse ar aghaidh an tí

Crochfar soilse na Nollag go cinnte…lá éigin…

Trí dhoras síos uainn, tá Santaí bréige dhá throigh ar airde ag seinm Oíche Chiúin ar an bhfidil le trí seachtaine anuas is tá trí seachtaine eile fágtha go Nollaig. Níl a fhios agam an seasfaidh mé é.

Ní raibh a fhios agam ar dtús gur ón Santaí beag corrach a bhí an ceol ag teacht. An raibh mé ag cloisteáil rudaí nach raibh ann? Nó an raibh tinnitis na Nollag orm théis a bheith dhá uair an chloig istigh san ionad siopadóireachta agus na hamhráin Nollag á gcasadh ar lúb? Nó an é go raibh Xmas FM ina cheolán i mo chluasa?

Seans gur aníos ón scoil a bhí an ceol ag teacht agus cleachtí cóir ar bun d’Aifreann na Nollag. D’ardaigh mo chroí aige sin nó go ndearna mé suntas d’easpa na bhfeadóg stáin sa gceol. Ní ceachtar acu a bhí ann, ach Santaí beag leathbheo ar an bhfidil is na nótaí ag imeacht go taibhsiúil lá agus oíche.

Is é an róbat Santaí an leasú is deireanaí ar an bpaca maisiúchán ar an tsráid. Tá comórtas na maisiúchán faoi lán seoil ó lár mhí na Samhna is tá faitíos orm gur gearr go nglaofar na húdaráis orainn as an easpa soilse ar aghaidh an tí.

Is breá liom na maisiúcháin ar na tithe eile, ach tá pé géin sa DNA a spreagann duine an teach a chlúdach le soilse Nollag ar iarraidh ionam féin.

An lá cheana a thóg muid anuas an sreangán cnámharlach a chroch muid d’Oíche Shamhna. Bhí brath orm hataí beaga Santaí a tharraingt orthu le péint is go ndéanfadh siad cúis don Nollaig ach dúirt na gasúir liom go mbeadh sé sin ‘dorcha’ só d’fhág mé an plean sin ar leataobh.

Ní hé nach bhfuil aon iarracht bheo déanta agam. Thóg mé amach an sreangán soilse Nollag a bhí againn anuraidh an lá cheana, ach ní sreangán é níos mó ach cnap mór de shnaidhm.

Thriail mé breab a thabhairt don Bheainín le go scaoilfeadh sise an tsnaidhm, thairg mé €5 di. D’oibrigh sé ar feadh píosa ach nuair a bhí uair an chloig caite aice leo is gan mórán dul chun cinn déanta d’éirigh sí amach agus dhiúltaigh sí leanúint ar aghaidh ar an bpá suarach.

Shíl mé mbeadh seans éigin agam leis an mBabaí ansin agus thairg mé €5 dhó dá mbainfeadh sé na snaidhmeanna as an sreangán soilse. Bhreathnaigh sé ar an gcnap soilse, ‘Meh!’ a deir sé, ‘Ní fiú é.’

‘Céard fútsa?’ a d’fhiafraigh mé den Chailín Mór Beag, an t-aon seans a bhí fágtha, ‘sílim go bhfuil tusa an-mhaith ag scaoileadh snaidhmeanna.’

‘Tá a fhios agam go bhfuil tú ag déanamh plámás liom, Mamaí,’ a deir sí go soiniciúil.

‘Is an bhfuil aon mhaith sa  bplámás?’ a d’fhiafraigh mé di go dóchasach.

‘Níl,’ a d’fhreagair sí.

Seans gur snaidhm soilse a bheidh againn ag luascadh ar aghaidh an tí i mbliana in áit sreangáin.

Réiteoidh mé an scéal inniu, dháiríre, nó amárach, amárach ar a dheireanaí. B’fhéidir ar an deireadh seachtaine, lá éigin ar an deireadh seachtaine crochfaidh muid na soilse. Cinnte.

Fág freagra ar 'Crochfar soilse na Nollag go cinnte…lá éigin…'