Scríofa ag Julia Donaldson agus leagan Gaeilge le Cúnla ní Bhraonáin Morris
Maisithe ag Hannah Shaw
Foilsithe ag Futa Fata
Chuir teideal an leabhair seo leabhar eile i gcuimhne dom – An Tíogar a Tháinig Chun Tae – agus cé nach bhfuil aon ghaol eatarthu, chuir sé ag machnamh mé faoin leabhar sin agus faoin méid spraoi agus gáire a thug sé dom is mé i mo pháiste. Bhí mé ag súil le go leor ón leabhairín beag seo ón tús, mar sin!
Nuair a deirim leabhairín, sin atá i gceist agam go díreach – leabhar beag nach bhfuil mórán níos mó ná an gnáthghrianghraf a bhíodh againn agus mé óg – agus atá ag filleadh ar an saol, de réir dealraimh, a bhuí le Gen Z.
Tá an leabhar foirfe, mar sin, do pháistí, nó do dhuine fásta atá ag iompar cupán tae, leanbh nó mála scoile i lámh amháin agus an leabhar seo sa lámh eile. Is breá liom cé chomh bog is atá an clúdach; d’fhéadfainn lámh a leagan air arís is arís eile agus an sásamh céanna a fháil uaidh gach uair.
Scríofa ag Julia Donaldson, tá an leabhar aistrithe go Gaeilge ag Cúnla ní Bhraonáin Morris agus is é seo an chéad leabhar a d’aistrigh siad riamh. Tá an scéal soléite ach saibhir ag an am céanna, agus rud a thug mé faoi deara ná go bhfuil sé briste suas ina chaibidlí an-ghearra, cosúil le plaicíní.
Is mór an t-ugach é seo do pháistí a bhíonn ag streachailt leis an léitheoireacht, bíodh siad ina léitheoirí drogallacha nó ag streachailt le disléicse, mar is féidir leo caibidil a léamh gan an iomarca stró ná dua. Mar a tharlaíonn, sin an aidhm a bhí ag Barrington Stoke nuair a d’fhoilsigh siad é den chéad uair.
Ní mór freisin moladh a thabhairt do na léaráidí, tá siad thar a bheith gleoite agus beoga. Tarraingíonn siad súil an léitheora ó leathanach go leathanach, rud a chuireann go mór leis an eispéireas léitheoireachta, go háirithe do pháistí óga.
Ach anois, an scéal. Is cailín óg í Nuala atá tar éis fógra a chrochadh ag rá go bhfuil teach saoire do pheataí oscailte aici don samhradh. I dteach a máthar, dar ndóigh. Agus, mar a bheifeá ag súil leis, ceann de na peataí a fhanann sa teach saoire seo ná an nathair! Tá neart eachtraíochta sa scéal seo, agus neart mothúchán freisin – peataí ag dul ar iarraidh, peataí ag déanamh an iomarca gleo, peataí i mbun cleasaíochta.
An carachtar is fearr liom féin ná Anraí, an t-éan cainteach dána a fhágann Bean de Búrca le Nuala fad is atá sí ar saoire. Déanann Anraí aithris, ní hamháin ar na daoine sa scéal, ach ar na hainmhithe eile freisin agus tá ról nach beag aige sa scéal. Is féidir leis An bhfaca tú mo Shéamuisín? a chasadh, creid é nó ná creid!
Bí cinnte na jócanna faoi nathracha nimhe atá ar chúl an chlúdaigh tosaigh a léamh – tá sé éasca iad a chailleadh. Tá an leabhairín seo spraíúil agus mealltach ón tús agus rachaidh sé i bhfeidhm ar idir óg is aosta. Bhí mise den tuairim go raibh nathracha nimhe in ainm is siossss a ligean astu nó plaic a bhaint asat ach tá críoch álainn, chroíúil leis an scéal seo, agus fágann sé gach rud mar is ceart.
Fág freagra ar 'Críoch álainn le leabhairín atá spraíúil mealltach ó thús'