Creideann na heorafhanaicigh go mbeidh ‘gach rud ceart go leor ar an oíche’

I bhfírinne, ní naimhdeas don Bhreatain is bonn lenár gcreideamh ach dílseacht dhall don Eoraip

Creideann na heorafhanaicigh go mbeidh ‘gach rud ceart go leor ar an oíche’

Bheadh sé greannmhar murach gur scéal tromchúiseach é, ach ceithre bliana i ndiaidh reifreann an Bhreatimeachta tá an earnáil iompar earraí abhus ag éirí buartha faoi conas a chuirfear earraí na hÉireann go dtí margaí na Breataine agus na hEorpa.

Tá siad ag moladh don rialtas infheistíocht a dhéanamh i gcúrsaí infreastruchtúir, ceithre bliana ó bhí sé soiléir don dall go mbeadh a leithéid riachtanach.

Tá a fhios againn ar ndóigh cén fáth nach raibh aon deifir ar an lucht iompair: níor chreid siad go mbeadh aon Bhreatimeacht ann dáiríre.

Dúirt na polaiteoirí, na tráchtairí is na saineolaithe go léir an rud céanna, agus in ionad glacadh le cinneadh na Breataine imeacht ón Aontas Eorpach, bhí seachmall orainn ag ceapadh go gcuirfí an reifreann ar neamhní faoi mar a tharla anseo i gcás reifrinn Nice agus Liospóin.

Agus in ionad dul i mbun idirbheartaíochta díreach leis na Sasanaigh – i dtaobh na hiascaireachta, easpórtáil bhia go Sasana agus iompar earraí trí Shasana go dtí an mhór-toinn – d’fhág muid chuile rud faoin Aontas, is é sin faoi Michel Barnier.

Bhí agus tá sé riachtanach dúinne go mbeadh conradh maith trádála ann idir an Bhreatain agus an tAontas mar gheall ar thábhacht mhargadh Shasana dúinne, go háirithe do na hearnálacha dúchais. Ní hé an riachtanas céanna is mó a bhí in aigne Barnier.

Ach ag an bpointe seo ní maith na comharthaí maidir le haontú. Má bhí dualgas faoi leith ar Michel Barnier leas na hÉireann a chosaint mar chuid den idirbheartaíocht a rinne sé, tá ag teip go tubaisteach air.

Bhí sé sin soiléir ón tús. I dtús na gcainteanna, dúirt an tAontas sula bpléifí aon cheist eile go leagfaidís féin síos na téarmaí don phlé maidir le srian ar chúnamh stáit i Sasana d’ationsclú na tíre sin agus rochtain na hEorpa ar uiscí iascaireachta na Breataine.

Go deimhin ní fiú tada an Breatimeacht don Bhreatain mura mbeidh siad i gceannas ar a ngeilleagar féin, a gcuid iascairí san áireamh, mar atá, mar shampla, san Iorua.

Ach ní raibh Barnier sásta bogadh orlach maidir leis sin. Agus in ionad tabhairt faoi agus iarracht a dhéanamh straitéis idirbheartaíochta na hEorpa a athrú, ghlac rialtas na hÉireann leis go gcaithfeadh muid glacadh le seasamh ar bith a thógfadh an tAontas.

Taobh thiar den chinneadh glacadh go hiomlán le straitéis Barnier bhí creideamh láidir ann (agus tá go fóill is dócha) go ndéanfadh an Breatimeacht gan mhargadh an oiread sin dochair don Bhreatain, i gcomparáid leis an dochar a dhéanfaí don Eoraip, nach mbeadh de rogha ag na Sasanaigh ach géilleadh.

Ach léiríonn suirbhé nua nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.

Dar le leis an institiúid taighde eacnamaíochta Halle sa Ghearmáin, beidh níos mó ná 700,000 post i mbaol i gcomhlachtaí Eorpacha a chuireann earraí go dtí an Bhreatain faoi láthair – agus cuid mhaith acusan sa Ghearmáin féin.

Agus mar bharr ar an drochscéal, tá tuarascáil eile ann ón London School of Economics a deir go mbeidh titim 63% ar líon na n-earraí bia a allmhaireoidh Sasana. Ar ndóigh is ansin a théann móramh na n-earraí bia a chuireann muide thar lear.

Ach ná bac leis na sonraí. Creideann na heorafhanaicigh go mbeidh ‘gach rud ceart go leor ar an oíche’ mar go bhfuil grá faoi leith, mar dhea, ag an Aontas dúinn.

Tá go maith, ach sa bhfíorshaol ní mar sin atá. Ní cóir dúinn luí síos faoi néalta dílseachta don Aontas is ár leas eacnamaíoch féin a ligean go tóin poill.

Tuigim nach gcloisfear aon argóint ó na fanaicigh bunaithe ar na fíricí seo. Ní bheidh mar fhreagra acu ach maslaí, ag cur i mo leith go bhfuilim ag feidhmiú ar son na Breataine!

Ach maidir leis an easpa infreastruchtúir don earnáil iompair, nach é fírinne an scéil nach ndearna na húdaráis anseo aon iarracht an t-infreastruchtúr a fheabhsú toisc go rabhamar sásta feidhmiú ar aon lámh leis na Sasanaigh – an fhaid is a bhí siad san AE.

I bhfírinne, ní naimhdeas don Bhreatain is bonn lenár seasamh ach dílseacht dhall don Eoraip.

Ach tá leas eile i gceist ag Barnier. Ar dtús, sláine an mhargaidh onair a chosaint, fiú má bhíonn teorainn chrua ar oileán na hÉireann dá bharr againn. Agus an dara rud atá uaidh ná a thaispeáint nach mbeidh sé éasca ag aon tír eile imeacht ón Aontas, is go mbeidh pionós i gceist má dhéantar amhlaidh.

Nach é sin i ndáiríre a bhí taobh thiar den vóta san Eilvéis le déanaí nuair a ghéill siadsan don AE maidir le saorghluaiseacht?

Fág freagra ar 'Creideann na heorafhanaicigh go mbeidh ‘gach rud ceart go leor ar an oíche’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhféadfadh Eoin a bheith chomh fada ag slogadh siar bollscaireacht na mBrexiteers, go bhfuil sé dall ar a bhfuil ag tarlú i ndáiríre? Dá bhféadfadh sé a phúicín fritheurofhanacach a bhaint ar feadh píosa agus glacadh leis nach ar mhaithe le leas na hÉireann, thuaidh ná theas, atá Gove agus Johnston, b’fhéidir go dtuigfeadh sé gur fearr muinín a chur i Barnier faoi láthair. Sheas sé linn go dtí seo, rud nach bhféadfaí a rá faoi na rialtas Johnston, a bhfuil an oiread sin trust ag Eoin as. Níor mhiste do Eoin smacht a chur ar an gráin atá aige ar an AE. Glacaim leis go bhfuil cathú mór air de bharr gur thit an córas as a chéile a raibh sé féin chomh fanaiceach faoi. Ach ní leor é sin le bheith ag iarraidh go dtitfeadh an AE as a chéile, an brionglóid a bhíonn ag daoine cosúil le Eoin agus cuid is measa den eite dheis ar fud na hEorpa.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An ‘eorafhanaicigh’ iad gach duine nach gcreideann gur cheart dúinn imeacht as an Aontas Eorpach i dteannta ár sean-chairde as Eton atá ag rialú na Breataine faoi láthair?
    Ní féidir maslaí a cháineach (agus is ceart iad a cháineadh) agus ‘fanaicigh’ a thabhairt ar dhaoine nach n-aontaíonn leat san alt céanna!

  • John Sullivan

    Má chailleann na Breataine 63% d’earraí bia allmhairithe-65 milliún duine ar oileán tosaíonn siad ag scaoll ar dtús agus ansin ocras. Am don grán rósta.