Craoltóir de chuid an BBC le ‘ceacht’ a fháil beo ar an aer i ndiaidh conspóid teanga

Tabharfar ceacht Breatnaise do Jeremy Vine ar a chlár raidió Lá Fhéile Dáithí i ndiaidh dó cainteoirí Breatnaise a mhaslú anuraidh

Craoltóir de chuid an BBC le ‘ceacht’ a fháil beo ar an aer i ndiaidh conspóid teanga

Tá craoltóir aitheanta de chuid an BBC chun ‘ceacht’ teanga a fháil beo ar an aer mar leorghníomh as cainteoirí Breatnaise a mhaslú.

Gheall an craoltóir Jeremy Vine go bhfoghlaimeodh sé beagán Breatnaise de bharr conspóid a bhain le mír faoin teanga a craoladh ar a chlár ar BBC Radio Two anuraidh.

Le linn an chláir áirithe sin, mhaígh duine a ghlaoigh isteach gur teanga “gránna” í an Bhreatnais agus go mbíonn lucht na Breatnaise ag Béarlóireacht eatarthu féin i dtithe tábhairne nó go dtagann strainséir ina measc.

Lean conspóid mhór an mhír go háirithe nuair a craoladh an chaint fhrithBhreatnaise arís mar chuid de chlár eile inar caitheadh súil siar ar 2018.

Ba sa díospóireacht faoin scéal ar na meáin shóisialta a chuir Vine a chos ann.

Nuair a dúradh gurb ionann labhairt na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus labhairt na Fraincise sa Fhrainc, dúirt an craoltóir ar Twitter,  “Is France in the UK?”.

Chuir Vine a tvuít ar ceal ina dhiaidh sin, ghabh sé leithscéal agus mhaígh sé gur baineadh míbhrí aisti. Ní raibh sé i gceist aige aon duine a mhaslú, a dúirt sé.

Is é an gníomhaí teanga Aran Jones a bheidh i mbun an cheachta Bhreatnaise le Jeremy Vine ar an 1 Márta, Lá Fhéile Dáithí.

Dhein Jones teagmháil le Vine i ndiaidh na conspóide agus scríobh sé alt faoin scéal dar teideal ‘Why we shouldn’t shout at Jeremy Vine’.

Dúirt Jones gur chóir do lucht na Breatnaise, oiread is féidir, cairdeas a dhéanamh le daoine le go dtuigfidís cás an chainteora Bhreatnaise.

“Seo smaoineamh daoibh – b’fhéidir dá gcaithfimis níos mó ama ag scaipeadh an ghrá, ag déanamh cairdis agus ag roinnt ár dteanga agus ár gcultúr sainiúil iontach, b’fhéidir ansin go mbeadh níos lú cosanta le déanamh againn orainn féin ar ionsaithe,” arsa Aran Jones.

Fág freagra ar 'Craoltóir de chuid an BBC le ‘ceacht’ a fháil beo ar an aer i ndiaidh conspóid teanga'