‘Craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta’ – buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha

Bronnfar Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana ar an gcraoltóir spóirt Micheál Mac Donnchadha

‘Craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta’ – buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha

Tá Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh i mbliana ar Mhicheál Mac Donnchadha, an craoltóir spóirt aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúradh i ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge inniu go raibh an gradam, a thugann aitheantas do shaothar saoil, á bhronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha mar gheall ar an chraoltóireacht spóirt a rinne sé in earnáil na cumarsáide Gaeilge “thar thréimhse fada blianta”.

Thosaigh Micheál Mac Donnchadha, arb as an Cheathrú Rua i gConamara dó, ag obair ar bhonn páirtaimseartha le RTÉ Raidió na Gaeltachta i samhradh na bliana 1972, an bhliain ar bunaíodh an stáisiún. 

Chaith sé os cionn 30 bliain ag tuairisciú faoi chúrsaí spóirt ar Raidió na Gaeltachta ar na cláracha Spórt an Lae agus Spórt an Domhnaigh

Dúirt lucht an Oireachtais gur thuill Mac Donnchadha “lucht leanúna dílis dá chuid chlár” agus go raibh “ardmheas air mar gheall ar an gcúram a rinne sé i gcónaí do chluichí na gclubanna”.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, gur “cúis áthais” a bhí ann don Oireachtas buaicghradam na bliana seo a bhronnadh ar “craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta”.

“Ba phléisiúr é a bheith ag éisteacht lena shaibhreas teanga agus lena chur i láthair deisbhéalach.  Bhí rian a phaisin don spórt agus do chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, Comórtas Peile na Gaeltachta,  ach go háirithe, le brath go sonrach ina chuid clár,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Mhicheál Mac Donnchadha ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais atá ar siúl in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin an 29 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar '‘Craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta’ – buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha'