Craobh nua de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann bunaithe i nGaeltacht na nDéise

Tiocfar le chéile ag a 4.00i.n. ar an Domhnach seo chugainn i Halla Cholmáin sa tSeanphobal agus clárófar baill nua ansin

u15CeiliBand

Tá craobh nua de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann bunaithe sa Rinn agus sa tSeanphobal i gContae Phort Láirge. Craobh Ghaeltacht na nDéise a bheidh mar ainm ar an mbrainse nua seo, atá díreach bunaithe ag grúpa tuismitheoirí ón gceantar.

“Ba mhaith linn go mbeadh seans ag páistí áitiúla a sheineann ceol a bheith páirteach sa ghréasán tacaíochta a thugann ballraíocht i gComhaltas Ceoltóirí Éireann do dhuine,” arsa Ciarán Ó Gealbháin, comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach an bhrainse nua.

“Tá an-chuid páistí sa cheantar seo ag foghlaim ceol traidisiúnta fé láthair agus le brainse áitiúil de Chomhaltas anseo againn anois, ciallaíonn sé nach mbeidh orthu taisteal rófhada chun páirt a ghlacadh i seisiúin agus in imeachtaí eile, mar go mbeidh siad á n-eagrú anso againn sa pharóiste.”

Tá sé i gceist ag Craobh Ghaeltacht na nDéise seisiún ceoil a bheith acu ar an dara Domhnach de gach mí, ag tosú ar an Domhnach seo chugainn, an 11 Deireadh Fómhair, i Halla Cholmáin sa tSeanphobal. “Beimid ag teacht le chéile ar a 4.00i.n. agus clárófar na baill nua ar dtúis,” arsa Mary Clancy, comhbhunaitheoir agus Leas-Cathaoirleach ar an mbrainse. “Ansan beidh seisiún ceoil dos na páistí agus céilí ina dhiaidh san. Beidh saorchead isteach agus beidh fáilte roimh gach ceoltóir go dtí an chéad seisiún seo”, a dúirt Clancy.

u12GrupaiCeoil

Níl sé i gceist ag Craobh Ghaeltacht na nDéise ranganna ceoil a eagrú. Míníonn Ciarán Ó Gealbháin gur áis a bheidh sa bhrainse do cheoltóirí teacht le chéile agus seinnt ag seisiúin cheoil agus ag imeachtaí eile de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, amhail an Fhleadh Cheoil. “Tá go leor múinteoirí ceoil ag múineadh réimse leathan uirlisí in iarthar Phort Láirge agus is féidir le baill a rogha rud a dhéanamh ó thaobh ranganna de,” a dúirt Ó Gealbháin.

Is féidir le daoine clárú mar dhaoine aonair (€6 don pháiste agus €12 do dhuine fásta), nó is féidir le teaghlach clárú ar chostas €20 sa bhliain. Ní gá do dhaoine ach teacht go dtí Halla Cholmáin ar an 11 Deireadh Fómhair, an fhoirm chlárúcháin a líonadh isteach agus an t-airgead ballraíochta a íoc. Má tá a thuilleadh cheisteanna ag éinne, is féidir teagmháil a dhéanamh le Rúnaí Chraobh Ghaeltacht na nDéise de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Yvonne Uí Chadhain, ar 087 4101718.

“Tá súil againn go mbeidh slua breá i láthair chun clárú ar an Domhnach  seo chughainn agus go mbeidh seisiún iontach againn”, a dúirt Ó Gealbháin. “Tá súil againn go dtiocfaidh forbairt ar an gCraobh de réir mar a raghaidh líon na mball i méid agus na blianta ar aghaidh. Mar sin, tagaigí amach ar an Domhnach, chun clárú le Craobh Ghaeltacht na nDéise agus bímis ag ceol!”

Fág freagra ar 'Craobh nua de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann bunaithe i nGaeltacht na nDéise'