COVID-19: Oktoberfest ar ceal sa Ghearmáin agus léargas ar fáil ar shrianta fadtéarmacha

Tá cosc fógartha sa Danmhairg ar aon teacht le chéile níos mó ná 500 duine go dtí an 1 Meán Fómhair ar a laghad

COVID-19: Oktoberfest ar ceal sa Ghearmáin agus léargas ar fáil ar shrianta fadtéarmacha

Tá léargas ar fáil i roinnt de na tíortha is túisce atá ag scaoileadh cuid de shrianta Covid-19 ar na beartais fhadtéarmacha ar dócha go mbeidh gá leo chun an galar a choinneáil faoi chois.

Sa Ghearmáin, mar a bhfuil cead tugtha do shiopaí beaga oscailt arís, tá Oktoberfest, an fhéile phobail is mó ar domhan curtha ar ceal. Bhí an fhéile sa Bhaváir a mbíonn na milliúin cuairteoirí ag freastal uirthi gach bliain, le bheith ar siúl idir an 19 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair. Seo an chéad uair ón dara cogadh domhanda nach mbeidh Oktoberfest ar siúl.

Tá cosc ar aon ócáidí móra sa Ghearmáin go dtí deireadh mhí Lúnasa.

Fógraíodh sa Danmhairg, ceann de na tíortha is luaithe a thug an dianghlasáil isteach, go mbeadh cosc ar aon teacht le chéile níos mó ná 500 duine go dtí an 1 Meán Fómhair ar a laghad.

Tá an Danmhairg ar cheann de na tíortha a bhfuil súil ghéar á coinneáil ag na húdaráis sláinte anseo orthu féachaint conas a éireoidh leis an maolú atá á dhéanamh de réir a chéile ar na srianta dianghlasála iontu.

Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron. Pictiúr: An tAontas Eorpach

Deir staidéar nua a rinneadh sa Fhrainc go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair tite ó 3.3 go dtí 0.5 ó tugadh isteach na srianta dianghlasála ar an 17 Márta. Tá geallta ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron go ndéanfar cuid de na srianta a mhaolú ar an 11 Bealtaine ach go mbeidh cosc go dtí lár mhí Iúil ar a laghad ar ghrúpaí móra daoine a bheith ag teacht le chéile ag féilte, sa phictiúrlann, san amharclann nó in áiteanna poiblí. Deir lucht an taighde nua sa Fhrainc gurb amhlaidh gur éirigh chomh maith sin leis na srianta cosc a chur ar scaipeadh an ghalair gur baolach nach féidir an dara ráig de Covid-19 a sheachaint.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, deir an tUachtarán Donald Trump go bhfuil faoi stop a chur le hinimircigh teacht go dtí an tír agus go ndéanfaidh sé sin ar mhaithe leis an gceann is fearr a fháil ar an víreas agus jabanna a chosaint.

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins tá breis is 2.5 milliún cás den ghalar deimhnithe sa domhan agus breis is 170,000 duine curtha den saol aige.

Bhain 42,000 de na básanna sin le Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Tá Rialtas na hIodáile, an tír is measa san Eoraip atá buailte ag an bpaindéim, chun plean a fhógairt an tseachtain seo maidir le maolú de réir a chéile a dhéanamh ar na srianta dianghlasála. 421 bás a d’fhógair an Iodáil inné, ardú 21 ón lá roimhe agus tháinig laghdú den chéad uair ar líon na ndaoine a bhfuil sé deimhnithe an galar a bheith orthu.

24,114 duine atá curtha den saol san Iodáil de thoradh an ghalair.

Tuairiscíodh i Singeapór go raibh brúisc sa líon cásanna den ghalar agus 1,426 cás nua deimhnithe, an líon is mó a fógraíodh aon lá go dtí seo. Fuair cur chuige Shingeapór i leith an ghalair an-mholadh go dtí seo. Fágann an bhrúisc sa líon cásanna, a mbaineann a bhformhór le hoibrithe imirceacha, go bhfuil síneadh míosa curtha leis an dianghlasáil go dtí an 1 Meitheamh.

Fág freagra ar 'COVID-19: Oktoberfest ar ceal sa Ghearmáin agus léargas ar fáil ar shrianta fadtéarmacha'