Cothrom an lae seo 75 bliain ó shin a saoradh campa géibhinn Auschwitz – ná déanaimis dearmad go deo

Agus uafás champa Auschwitz á thabhairt chun cuimhne inniu ba chóir dúinn smaoineamh ar an uafás a chothaíonn an ghráin agus ar na botúin a dhéantar nuair nach bhfoghlaimíonn muid ceachtanna na staire

Cothrom an lae seo 75 bliain ó shin a saoradh campa géibhinn Auschwitz – ná déanaimis dearmad go deo

Cothrom an lae seo 75 bliain ó shin, ar an 27 Eanáir 1945,  a saoradh campa géibhinn Auschwitz sa bPolainn. Meastar gur bhásaigh suas le 1.1 milliún duine ar fad le linn iarrachtaí na Naitsíoch deireadh a chur leis na Giúdaigh agus mionlaigh eile in Auschwitz.

Ní féidir na híomhánna uafáis den mhéid a tharla in Auschwitz a ligean i ndearmad nuair a fheiceann tú iad.

Níor chóir go bhféadfaí an ghráin, an ciníochas agus an t-olc a bhí taobh thiar de na heachtraí a tharla ansin a ligean i ndearmad ach an oiread.

Tá maithe agus móruaisle ó thíortha ar fud an domhain ag cruinniú ag an láthair sa bPolainn chun comóradh a dhéanamh ar an uileloscadh.

Beidh daoine ansin a bhí sna campaí agus ar éirigh leo teacht as agus níor chóir dearmad a dhéanamh go deo ar a scéal siúd.

Caithfear cuimhneamh freisin ar an mborradh atá in athuair faoin ngráin chiníoch, agus go háirithe an frith-Ghiúdachas.

Thug gobharnóir stát Nua-Eabhrac sceimhlitheoireacht ar na hionsaithe a rinneadh sa Stát sin ag deireadh na bliana seo caite inar ionsaíodh agus sádh Giúdaigh cheartchreidmheacha. Ní raibh san ionsaí i Monsey, ar ndóigh, ach an ceann is déanaí i sraith ionsaithe ar Ghiúdaigh sna Stáit Aontaithe.

I mí Aibreáin seo caite maraíodh raibí in California. Sé mhí roimhe sin maraíodh aon duine dhéag in Pittsburgh in eachtra lámhaigh. Thug méara Nua-Eabhrac le fios go le déanaí go raibh póilíní i mbun fiosraithe faoi ocht gcinn d’ionsaithe a bhí dírithe ar Ghiúdaigh in aon seachtain amháin.

Ní fada ó shin ó rinneadh ionsaí sa Ríocht Aontaithe ar ghnóthaí Giúdacha agus sionagóg i Londain. Péinteáladh réalta Dháibhí agus 9/11 ar na foirgnimh. Tagairt a bhí sa dáta sin do Kristallnacht, oíche an 9 Samhain 1938 nuair a rinneadh ionsaí ar Ghiúdaigh sa Ghearmáin.

Is léir go bhfuil an frithGhiúdachas ag teacht chun cinn arís sa saol. Bhí an bealach ar  dhéileáil páirtí an Lucht Oibre sa mBreatain leis an ábhar lárnach sa bhfeachtas olltoghcháin ansin le gairid agus an drochláimseáil a rinneadh ar an scéal luaite ar cheann de na cúiseanna go raibh daoine chomh mór sin in aghaidh Jeremy Corbyn.

Faraor tá an ghráin agus an ciníochas ag neartú ar fud an domhain agus ní in aghaidh na nGiúdach amháin é. Tá na hionsaithe sin níos follasaí faoi láthair, ach tá an borradh faoin bhfrith-Ioslamachas agus an fhrith-Chríostaíocht chomh nimhneach agus chomh forleathan céanna. Ag deireadh na bliana seo caite, mharaigh Ioslamach ceartchreidmheach, Usman Khan, beirt in ionsaí i Londain.

Níl ar chumas cheannairí dhomhan an Bhéarla dul i ngleic leis an ráig chiníoch seo mar go gcothaíonn siad féin naimhdeas agus gráin. Tá an náisiúntacht á cothú agus á cur chun cinn ar mhaithe le mianta polaitiúla, beag beann ar an dochar a dhéanann siad. ‘Get Brexit Done’ an port a bhuaigh an toghchán do Boris Johnson. ‘Keep America Great’ a bheidh ag Donald Trump i mbliana. Agus gan aon chuimhneamh acu ar an dochar a dhéanann an cineál sin reitrice.

Agus uafás champa Auschwitz á thabhairt chun cuimhne inniu ba chóir dúinn smaoineamh ar an uafás a chothaíonn an ghráin agus ar na botúin a dhéantar nuair nach bhfoghlaimíonn muid ceachtanna na staire.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo 75 bliain ó shin a saoradh campa géibhinn Auschwitz – ná déanaimis dearmad go deo'

  • An Teanga Bheo

    Ag cothú deilgilt idir cine a bhíonn mianta polaitiúla go minic

  • Niall na Naoi bPiontaí

    N’fheadar cád é an deireadh atá i ndán le linn na rudaí uafásacha seo, faraor….