Cosc ar dhosaen uibheacha? Brilléis faoin mBruiséil a chuir bonn faoin mBreatimeacht…

Bhí baint mhór i gcónaí ag miotais agus bréagthuairiscí le meon diúltach a bheith sa Bhreatain i leith an AE. An Breatimeacht an toradh…

Cosc ar dhosaen uibheacha? Brilléis faoin mBruiséil a chuir bonn faoin mBreatimeacht…

Tá an seans ag neartú in aghaidh an lae go gcuirfear moill fhada ar Bhreatimeacht nó go gcuirfear ar ceal é go hiomlán. Faraor, tá an chontúirt eile romhainn i gcónaí – Breatimeacht crua ar an 12 Aibreán, a dhéanfaidh díobháil as cuimse thall agus abhus.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil móramh seasmhach ann (idir 52 agus 55 faoin gcéad) in aghaidh an Bhreatimeachta, ach ní leor an t-athrú intinne sin chun brú a chur ar pholaiteoirí atá ina fhabhar. Ní leor mar fhianase é ach oiread chun toradh reifrinn eile a thuar.

Mar is eol d’Éireannaigh a bhíonn ag éisteacht le díospóireachtaí Westminster nó le tuairimíocht an phobail sa Bhreatain, tá dlúthbhaint ag aineolas agus míthuiscint leis an bplé. Cloistear caint go minic ar an mBruiséil amhail is gur rialtas ilnáisiúnta é an tAontas Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige an Bhreatain a chur faoi smacht.

Breathnaíonn go leor Sasanach ar an AE, ní mar eagraíocht a thugann deis do bhallstát a leas a chur chun cinn i gcomhar le ballstáit eile, ach mar chomhcheilg in aghaidh na Breataine. Ar chuma éigin, ceaptar nach bhfuil féinmheas, tírghrá ná neamhspleáchas i réim i dtíortha eile mar atá sa tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

D’fhéadfaí fáthanna an aineolais seo a phlé go deo. Ar ndóigh caithfear leithleachas – atá bunaithe ar thuairim go bhfuil tír amháin ar chéim níos fearr ná tíortha eile – a chur sa mheá. Ach is fiú cuimhneamh freisin ar an míthuiscint sa Bhreatain a chothaigh iriseoireacht chlaonta le leathchéad bliain.

D’fhoilsigh Coimisiún na hEorpa liosta ‘miotas’ faoin AE a foilsíodh i nuachtáin na Breataine in 2017. Ní miotais ach bréaga a thabharfadh ár bhformhór ar go leor de na scéalta ar an liosta, scéalta nach raibh oiread na fríde den fhírinne ag baint leo. 

De réir an liosta, atá ar fáil anseo thuairiscigh nuachtáin Bhreataineacha dá léitheoirí go raibh cosc ar na nithe seo a leanas beartaithe ag an AE:

Milseáin gan chlúdach.

Busanna dhá stór.

Cáis na Breataine.

Siopaí carthanachta.

Píb mhála 

Eitilt ar Ryanair i gcás oifigigh an AE.

Balúin do pháistí

Teastais bheireatais náisiúnta

Comórtais dairteanna i dtithe tábhairne.

Dosaen uibheacha a dhíol.

Agus mar sin de.

Tá cur síos iomlán sa bhunliosta féin ar na bréagthuairiscí inar tugadh le fios go raibh sé ar intinn ag an AE beartais sheafóideacha mar atá sonraithe thuas, agus go leor eile, a chur i bhfeidhm.

Tugtar cur síos leis i ngach cás ar an scéal fíor, a ndearnadh neamhaird de go minic i Londain.

Cé gur raiméis nó bréaga a bhí sa chuid is mó de na scéalta, bhí cuid acu bunaithe ar mholtaí nó ar ráitis a ndearnadh áibhéil mhínáireach fúthu. Tá an tAontas Eorpach chomh mór agus deis tuairimíochta ag an oiread sin coimisinéirí, coistí, ceannairí, agus polaiteoirí as gach cearn de nach mbíonn ábhar nuachta gann riamh.

Is féidir a bheith cinnte go mbeidh tuairimí conspóideacha á nochtadh gach lá beagnach sa Bhruiséil nó i bparlaimint nó i bpríomhchathair éigin eile. Cuimhnigh ar an gcaint ar an ‘Arm Eorpach’ a dúradh a bhí beartaithe roimh gach reifreann abhus ar cheisteanna a bhain leis an AE. Gan dabht, teastaíonn a leithéid ó pholaiteoirí Eorpacha áirithe. Ach ní hionann sin agus a rá go mbunófar a leithéid choíche.

Bhí taidhleoir Éireannach lonnaithe sa Bhruiséil tamall ó shin a raibh ardmheas air mar shaineolaí ar chúrsaí an AE.

Bhreathnaigh go leor iriseoirí air mar fhoinse iontaofa a bhí ábalta iad a threorú i dtreo na fírinne. Mura mbeadh aon bhunús le ráfla, nó dá mbeadh sé soiléir nach raibh seans ar bith ann go rachfaí chun cinn le beartas a moladh i gcáipéis Eorpach éigin, b’fhiú labhairt le mo dhuine chun teacht ar an bhfírinne.

Uaireanta, théadh comhfhreagraí Sasanach chun cainte leis, cé nár thug sé aird rómhinic ar an gcomhairle a fuair sé. Fiú dá ndéarfadh an taidhleoir Éirerannach leis gur dhóigh leis nach raibh scéal áirithe fíor in aon chor, chuireadh nuachtán an chomhfhreagraí an ‘scéal’ i gcló. 

Is é an Daily Telegraph an nuachtán a chuireadh an raiméis seo a scríobhadh an comhfhreagraí sin sa Bhruiséil i gcló.

Is é Boris Johnson an comhfhreagraí a bhí i gceist.

An Boris Johnson céanna arb é rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí mar chomharba ar Theresa May.

Fág freagra ar 'Cosc ar dhosaen uibheacha? Brilléis faoin mBruiséil a chuir bonn faoin mBreatimeacht…'