Cosa i dtaca ag an DUP agus Corbyn ‘breá sásta’ bualadh le May le labhairt faoi Bhreatimeacht níos boige

‘Más mall is mithid’ arsa Comhordnaitheoir Breatimeachta an AE faoi iarracht Theresa May teacht ar chomhaontú traspháirtí faoin mBreatimeacht ach ní hé gach duine a bhí sásta le fógra an Phríomh-Aire

Cosa i dtaca ag an DUP agus Corbyn ‘breá sásta’ bualadh le May le labhairt faoi Bhreatimeacht níos boige

Ní hé gach duine a bhí sásta aréir le fógra Theresa May gurb é an straitéis is déanaí aici i dtaobh an Bhreatimeachta ná dul i mbun cainte le Jeremy Corbyn agus an DUP ba ghéire ina gcáineadh ar an bPríomh-Aire.

I ráiteas a chuir an páirtí aontachtach amach aréir dúradh go raibh “láimhseáil thruamhéalach” déanta ag May ar an idirbheartaíocht leis an AE agus nárbh “aon iontas” dá réir é go raibh an Breatimeacht anois “a chur amach ar fhochonradh chuig Jeremy Corbyn”.

Rinne baill den ERG agus Breatimeachtóirí diongbháilte eile cáineadh géar freisin ar chur chuige nua May. Dúirt Boris Johnson gurb é is dóichí anois go mbeadh polasaí trádála agus cumachtaí eile de chuid na Breataine á dtabhairt ar lámh go dtí lucht na Bruiséile. Fáilte theoranta a chuir lucht an AE roimh an bhfógra.

“Más mall is mithid,” arsa Guy Verhofstadt, Comhordnaitheoir Breatimeachta an AE. Dúirt Verhofstadt gur “dea-scéal” é go raibh comhaontú traspháirtí á lorg ag May faoi dheireadh.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn go mbeadh sé “breá sásta” bualadh le Theresa May chun a mholadh go dtiocfaí ar chomhghéilleadh maidir le plean  nua Breatimeachta a phlé.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May tráthnóna inné go raibh fúithi síneadh ama eile leis an mBreatimeacht a lorg chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach le Páirtí an Lucht Oibre.

Dúirt May go raibh seo á dhéanamh aici mar “ghníomh” ar mhaithe le fuascailt a fháil ar “an tsáinn” ina bhfuil a tír agus ar an “aighneas” atá inti.

Fágann an cur chuige nua seo gur dóichí anois go mbeidh Rialtas May sásta tacaíocht a thabhairt do Bhreatimeacht a bheadh níos boige.

Dúirt Jeremy Corbyn aréir go rachadh sé i mbun cainteanna in iarracht plean nua Breatimeachta a aontú.

“Buailfimid leis an bpríomh-aire. Aithnímid go bhfuil beart déanta aici. Aithním an dualgas atá orm seasamh ar son na ndaoine a vótáil don Lucht Oibre agus na daoine nár vótáil don Lucht Oibre sa toghchán deiridh ach a dteastaíonn uathu cinnteacht agus cosaint a fháil maidir lena bhfuil i ndán dóibh, agus is ar an mbonn sin a bhuailfimid léi agus a bheidh na cainteanna eadrainn,” arsa Jeremy Corbyn.

Dúirt May dá n-éireodh léi a leithéid de phlean a aontú go gcuirfí faoi bhráid na parlaiminte é le go mbeadh vóta faoi in éineacht le scata roghanna Breatimeachta eile féachaint cén rogha is mó a mbeadh tacaíocht na parlaiminte aici.

Dúirt sí gurbh amhlaidh go dtabharfadh an Rialtas reachtaíocht isteach chun feidhm a thabhairt don rogha sin.

Tá síneadh ama leis an mBreatimeacht ceadaithe cheana ag an Aontas Eorpach go dtí an 12 Aibreán agus dá mbeadh ceann eile le ceadú chaithfeadh an Bhreatain plean eile a chur faoi bhráid an Aontais roimh an lá sin.

Dúirt May i ndiaidh cruinniú rialtais in Westminster a mhair seacht n-uaire an chloig gur cheart gur síneadh “gearr” a bheadh in aon síneadh ama eile.

Dúirt sí go gcaithfí feidhm a thabhairt don reachtaíocht dheireanach Bhreatimeachta roimh an 22 Bealtaine chun nach mbeadh ar an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha.

“Bhí mé thar a bheith soiléir faoi i gcónaí go n-éireodh linn san fhadtréimhse rath a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh ach b’fhearr fágáil agus margadh againn.

“Dá bharr sin teastóidh síneadh ama eile uainn ar Airteagal 50 – ceann atá chomh gearr agus is féidir agus nach seasfaidh ach go dtí go mbeidh glactha againn le margadh.

“Agus ní foláir dúinn a bheith soiléir faoi cad chuige a leithéid de shíneadh – lena chinntiú gur ag fágáil in am trátha agus faoi dhea-eagar a bheimid.

“Ní féidir a bheith ag tarraingt na gcos ar feadh i bhfad eile leis an díospóireacht agus an t-aighneas seo,” arsa Theresa May.

 

Fág freagra ar 'Cosa i dtaca ag an DUP agus Corbyn ‘breá sásta’ bualadh le May le labhairt faoi Bhreatimeacht níos boige'