Corp mná as Inis Oírr aimsithe amach ó chósta Chois Fharraige

Bhí bád tarrthála oileáin Árann agus bád Dhúlainn chomh maith le tumadóirí an chabhlaigh páirteach sa chuardach a bhí ar siúl ó chuaigh an bhean ar iarraidh óna teach in Inis Oírr inné

Corp mná as Inis Oírr aimsithe amach ó chósta Chois Fharraige

Thángthas tráthnóna ar chorp na mná as Inis Oírr a chuaigh ar iarraidh maidin inné agus a rabhthas á cuardach ó shin.

Tháinig an Garda Cósta ar chorp na mná, a thuairiscítear a bhí 70 bliain d’aois, nuair a chonaic criú an héileacaptair tharrthála Rescue 115, a tháinig as an tSionainn, é sa bhfarraige dhá mhíle amach ón Lochán Beag i gCois Fharraige i gConamara.

Bhí bád tarrthála oileáin Árann agus bád Dhúlainn chomh maith le tumadóirí an chabhlaigh páirteach sa chuardach a bhí ar siúl ó chuaigh an bhean ar iarraidh óna teach in Inis Oírr inné. Thóg bád tarrthála Dhúlainn corp na mná as an uisce agus tugadh go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh é ar bhád tarrthála Inis Mór.

Oifigigh an Gharda Cósta i bhfo-ionad tarrthála mara oileán Dairbhre i gCiarraí a rinne an cuardach a stiúradh.

Fág freagra ar 'Corp mná as Inis Oírr aimsithe amach ó chósta Chois Fharraige'