Corp fir faighte i log le taobh an bhóthair i gConamara

Thángthas ar chorp fir sa gharraí taobh leis an mbóthar L1200, trasna ón teach tábhairne Tigh Terry

Corp fir faighte i log le taobh an bhóthair i gConamara

Thángthas ar chorp fir i log ar thaobh an bhóthair in Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara tráthnóna.

Trasna an bhóthair ón teach tábhairne An Chéibh, nó Tigh Terry, a thángthas ar chorp an fhir.

Meastar go bhfeadfadh go raibh an corp ann ón oíche aréir.

Bhí na gardaí agus otharcharr ar an láthair tráthnóna.

Fág freagra ar 'Corp fir faighte i log le taobh an bhóthair i gConamara'