Corcaigh, Port Láirge agus Áth Cliath faoi bhrú cheana féin

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí móra i gcraobhacha iomána Laighean agus na Mumhan tráthnóna

Corcaigh, Port Láirge agus Áth Cliath faoi bhrú cheana féin

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ceatharlach v Cill Chainnigh – Páirc Uí Chuilinn, 3.00pm

Thug foireann Cheatharlach neart le déanamh d’iománaithe na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite agus cé gur éirigh le Gaillimh teacht slán ar deireadh, beidh Colm Bonnar an-sásta leis an taispeántas a thug a fhoireann uathu.

Tá dúshlán mór eile rompu tráthnóna agus Cill Chainnigh ag teacht chuig Páirc Uí Chuilinn. Is annamh a ligeann na Cait na maidí le sruth i gcoinne na bhfoirne laga agus tá a fhios acu nach féidir talamh slán a dhéanamh de chluiche an lae inniu.

Thóg sé tamaillín ar Chill Chainnigh dúiseacht i gcoinne Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite, ach nuair a chuir siad chuige i gceart bhí siad róláidir dá gcéilí comhraic. Tá go leor gortuithe fós ag cur as d’fhoireann Cody ach beidh siad rómhaith do Cheatharlach tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Áth Cliath v Loch Garman – Páirc Parnell, 3.00pm

Is cluiche thar a bheith tábhachtach é seo d’Áth Cliath toisc gur chaill siad in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin an deireadh seachtaine seo caite. Má chailleann siad arís, beidh sé thar a bheith deacair acu teacht amach as craobh Laighean.

Bhí foireann Mattie Kenny cumasach go maith sa chéad leath in aghaidh Chill Chainnigh ach ní raibh aon fhreagra acu ar neart na gCat sa dara leath.

Ar a laghad is buntáiste é d’Áth Cliath go bhfuil cluiche imeartha acu cheana féin sa chraobh. Níor imir Loch Garman ar chor ar bith an deireadh seachtaine seo caite agus ní fios go fóill cén chuma atá orthu.

Chas na foirne seo ar a chéile ag an bpointe céanna anuraidh agus ba iad buachaillí Davy Fitzgerald a thug an lá leo i bPáirc Loch Garman, 0-22 in aghaidh 2-14. Beidh Áth Cliath ag imirt sa bhaile an uair seo agus bua ag teastáil go géar uathu. D’fhéadfadh gurb iadsan a bheidh ag ceiliúradh inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

John O’Dwyer (Tiobraid Árann) agus Darragh Fitzgibbon (Corcaigh). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tiobraid Árann v Port Láirge – Staid Semple, 2.00pm ( Beo ar RTÉ)

Chuir Liam Sheedy iontas ar go leor daoine nuair a roghnaigh sé an-chuid de sheanfhondúirí Thiobraid Árann don chluiche in aghaidh Chorcaí sa chéad bhabhta. Bhí an ceart ag Sheedy áfach agus bhí leithéidí Brendan Maher, Pádraic Maher agus John O’Dwyer ar fheabhas i bPáirc Uí Chaoimh.

Tá muinín anois ag fir Thiobraid Árann agus nuair a chuirtear an mhuinín sin leis an gcumas iomána atá acu, bíonn sé deacair iad a stopadh.

Agus na cluichí ag teacht go tiubh te tapa i gcraobh na Mumhan, ní fios an mbeidh Sheedy in ann cloí leis na seanfhondúirí i ngach cluiche ach má bhíonn an bua acu tráthnóna, d’fhéadfadh an bainisteoir deis a thabhairt do na himreoirí óga sna cluichí atá le teacht.

Cé gur imir foireann Phort Láirge a gcéad chluiche craoibhe sa bhaile ó 2003 an deireadh seachtaine seo caite, ní dhearna sé aon mhaitheas dóibh. Rinne na Déisigh teacht aniar ag deireadh na himeartha i gcoinne chontae an Chláir ach chaill siad le haon phointe amháin agus tá orthu anois dul go dtí Durlas agus tuisle a bhaint as na Tiobraid Árannaigh, rud ar fusa é a rá ná a dhéanamh.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Luimneach v Corcaigh – Páirc na nGael, 4.00pm (Beo ar RTÉ)

Is é an cluiche idir Luimneach agus Corcaigh i bPáirc na nGael cluiche mór an deireadh seachtaine agus seaimpíní na Mumhan 2018 ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann.

Ní den chéad uair é, ach bhí Corcaigh ag brath an iomarca ar Patrick Horgan in aghaidh Thiobraid Árann an tseachtain seo caite agus is cinnte go gcaithfidh cosaint na foirne a bheith níos láidre tráthnóna.

Tá ábhar spreagtha ag Corcaigh áfach agus iad ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar Luimneach tar éis dóibh cliseadh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Bhí foireann John Meyler sé phointe chun tosaigh agus an t-am beagnach caite ach tháinig Luimneach ar ais chun an cluiche a bhuachan in am breise.

Tá Luimneach imithe ó neart go neart ó shin. Bhuaigh siad cluiche ceannais na hÉireann ina dhiaidh sin agus ba iad a bhuaigh Roinn 1 na sraithe i rith an earraigh.

Bhuaigh Corcaigh orthu sa chluiche sraithe idir na foirne mí Feabhra ach beidh cluiche an lae inniu i bhfad níos crua.

Ní bhreathnaíonn sé go bhfuil mórán laigí i bhfoireann seo Luimnigh. Beidh slua mór ag tacú leo tráthnóna agus déarfá go mbeidh siad in ann ag Corcaigh.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Fág freagra ar 'Corcaigh, Port Láirge agus Áth Cliath faoi bhrú cheana féin'