Corcaigh ag iarraidh gaisce stairiúil a bhaint amach ach ní dhéanfar beag is fiú do na Gaillimhigh

Tá Corcaigh ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan don tríú bliain as a chéile ach níl orthu ach breathnú siar ar chluiche ceannais na bliana seo caite chun meabhrú a fháil ar chumas na nGaillimheach

Corcaigh ag iarraidh gaisce stairiúil a bhaint amach ach ní dhéanfar beag is fiú do na Gaillimhigh

...
Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa

Craobh Shinsir Camógaíochta na hÉireann
Corcaigh v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 17:15 (Beo ar RTÉ)

Craobh Idirmheánach Camógaíochta na hÉireann
Ciarraí v Uíbh Fhailí – Páirc an Chrócaigh, 15:00 (Beo ar RTÉ)

Príomh-Chraobh Shóisir Camógaíochta na hÉireann
Laois v Ard Mhacha – Páirc an Chrócaigh, 13:00 (Beo ar RTÉ)/

...

Cé gurb iad mná Chorcaí piardaí na camógaíochta agus Craobh Shinsir na hÉireann buaite níos minice ag an gcontae ná mar atá ag aon dream eile, caithfear dul siar go dtí na 1970idí don uair dheireanach ar éirigh leo trí chraobh as a chéile a bhuachan. Tá siad mar rogha láidir na coitiantachta chun an gaisce sin a dhéanamh tráthnóna, áfach, agus iad le casadh ar Ghaillimh arís i gcluiche ceannais na hÉireann.

Na foirne seo a bhí le chéile i gcluiche ceannais na bliana seo caite nuair a bhí Corcaigh arís mar rogha na n-údar ach chuaigh an cluiche go snaidhm an rópa agus gan tada eatarthu sna nóiméid dheireanacha. Ba iad mná ionaid Chorcaí a rinne an t-aicsean dóibh chun bua trí phointe a bhaint amach ar deireadh.

In ainneoin gur chaill siad, tabharfaidh an taispeántas sin misneach d’imreoirí na Gaillimhe agus dúshlán ceart tugtha acu do na Corcaígh. Tá an taithí sin acu agus chomh maith leis sin, bhí roinnt díobh ag imirt in 2021 nuair a bhuaigh Gaillimh ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann, Sarah Healy, Dervla Higgins, Aoife Donohue, Carrie Dolan agus Ailish O’Reilly ina measc.

Tá imreoirí tábhachtacha imithe ó shin i leith, leithéidí an laoich Niamh Kilkenny, Sarah Dervan agus na deirfiúracha McGrath, ach tá ógánaigh ar nós Ciara Hickey, Olwen Rabbitte agus Caoimhe Kelly tagtha chun cinn chun cuid den ualach a iompar.

Tá Niamh Mallon, an sárthosach a d’aistrigh ó chontae an Dúin anuraidh, ag imirt níos fearr i mbliana chomh maith agus 1-17 aimsithe aici ón imirt go dtí seo. Bíonn brú mór uirthise, ar Carrie Dolan agus ar Ailish O’Reilly na scóranna a aimsiú do Ghaillimh agus beidh tuilleadh cúnaimh ag teastáil más leo an beart a dhéanamh tráthnóna.

Tá scrios déanta ag tosaithe Chorcaí ar a slí chun an cluiche ceannais seo a bhaint amach agus 15 cúl aimsithe acu sna cúig chluiche a bhí acu go dtí seo – cé gur tháinig formhór acusan in dhá chluiche in aghaidh Thiobraid Árann agus Luimnigh – ach tá cosaint na foirne chomh cumasach céanna agus taithí na mblianta ag leithéidí Pamela Mackey, Libby Coppinger agus Méabh Cahalane, captaen na foirne. Tá Laura Treacy ag imirt ar fheabhas ar fad sa líne leathchúil agus má choinnítear imreoirí móra na Gaillimhe faoi chois, beidh foireann Chathal Murray i dtrioblóid cheart.

Tá Ashling Thompson fós ag spreagadh na foirne ó lár na páirce agus tá Emma Murphy agus Saoirse McCarthy breá ábalta scóranna a fháil ón líne leatosaithe. Taobh istigh díobhsan, tá triúr tosaithe den scoth, Katrina Mackey, Amy O’Connor agus bean eile ón Dúin, Sorcha McCartan.

Thóg sé tamaillín ar Chorcaigh Port Láirge a chur de dhroim seoil sna babhtaí leathcheannais ach léiríodh cumas na foirne sa dara leath agus a stádas mar rogha na coitiantachta sa gcluiche ceannais tuillte acu. Beidh a fhios acu go maith, áfach, nach féidir beag is fiú a dhéanamh de na Gaillimhigh.

Sa gcluiche ceannais Idirmheánach inniu, chuirfeadh Ciarraí clabhsúr le séasúr dochreidte dá n-éireodh leo an ceann is fearr a fháil ar Uíbh Fhailí. D’fhág bainisteoir agus cóitseálaí na foirne nuair a bhí an tsraith tosaithe ach tá John Madden tagtha isteach agus eisean a thug na foirne chomh fada leis an gcluiche ceannais Idirmheánach den chéad uair riamh i stair an chontae. Dúshlún a bheidh rompu an ceann is fearr a fháil ar Uíbh Fhailí, a bhuaigh Roinn 2A na sraithe níos luaithe i mbliana.

Tá Ard Mhacha sa gcluiche ceannais Sóisir den cheathrú huair ó 2020. Bhuadar craobh na bliana sin ach chailleadar cluichí ceannais in 2021 agus arís in 2022. Beifear ag iarraidh tógáil ar an taithí sin inniu in aghaidh Laoise, a chaill cluiche ceannais na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'Corcaigh ag iarraidh gaisce stairiúil a bhaint amach ach ní dhéanfar beag is fiú do na Gaillimhigh'