Cor eile i scéal phríomhchomórtais iomána agus peile na n-ionad ardoideachais

Fiú agus tús an chéid seo caite tagtha, ní raibh aon leanúnachas leis an imirt a rinneadh ar na Cluichí Gaelacha in Ollscoileanna na hÉireann

Cor eile i scéal phríomhchomórtais iomána agus peile na n-ionad ardoideachais

Foireann Choláiste na hOllscoile, Gaillimh a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir in 1911/12. Ar chúl: Bryan Cusack, Tommy Quinn, Thomas Heneghan, P. Dempsey agus J. Doherty; Sa lár, ó chlé: Dr Thomas Walsh (ina sheasamh), J. Marron (ina sheasamh), Joe Sheehy, Michael Martyn, Michael Keane, John F. MacDermott agus Thomas McGowan; Chun tosaigh, ó chlé: Hubert O'Connor, Conor O'Malley, Joseph F. Donegan, John F. Sheehy, Thomas Flannery, B. Barrett agus Jimmy Collins. Ar iarraidh: J. Doherty agus Thomas Goff. Pic:James Hardiman Library Archives, Ollscoil na Gaillimhe

An t-am seo bliana a bhíonn Craobhacha CLG na nOllscoileanna agus na n-institiúidí tríú leibhéal ar bun. Beidh babhtaí ceannais Chorn Mhic Giolla Bhríde ar bun i bPort Láirge ar an 18-19 Feabhra. Ní fada anois ach an oiread go mbeidh a fhios againn cé a bheas i mbabhtaí ceannais chomórtais Choirn Mhic Giobúin agus Mhic Shigiúir a bheas ar siúl i gCiarraí, iad siúd eagraithe ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan.

Má cheapann tú gur aisteach an rud é gan ionaid faoi leith a bheith luaite le príomhchomórtais iomána agus peile na n-ionad ardoideachais, is cor nua sa leagan amach a bhíonn orthu is cúis leis sin.

Shocaigh an lucht eagair, mar aon lena gcuid urraithe Electric Ireland, go dtabharfaí faoi struchtúr nua i mbliana agus go n-imreofaí babhtaí ceannas agus leathcheannais na gcraobhacha atá luaite thuas agus sna comórtais thánaisteacha, Corn Trench agus Corn Uí Riain, in imeacht cúpla lá, san áit chéanna.

‘Féile na Comhairle Ardoideachais’ is teideal don fhéasta imeartha a bheas ar bun i dTrá Lí agus in áiteacha eile i gCiarraí idir an 13 agus 18 an mhí seo chugainn.

Ar Pháirc Aibhistín de Staic a imreofar cluiche ceannais na peile agus is ar Pháirc Bhreandáin Naofa in Ard Fhearta a shocrófar buaiteoirí Chorn Mhic Giobúin.

Sa leabhar bhreá a scríobh Dónal Mac an Ailín faoi stair na gcomórtas seo, The Cups That Cheered, deir sé go raibh an iománaíocht á himirt go neamhoifigiúil i gColáiste na Tríonóide trí scór go leith bliain sular tháinig Cumann Lúthchleas Gael ar an saol i nDurlas in 1884, tráth a raibh sé imithe i léig san ollscoil a bhí bunaithe le beagnach 300 bliain ag an am sin.

Is í Coláiste Phádraig, Maigh Nuad an dara hinstitiúid ardoideachais is sine (1795). Cé go raibh cead ag na hábhair sagairt ba thúisce a bhí ansiúd liathróid láimhe a imirt, ba chosúil bac a bheith ar an iománaíocht agus ar an bpeil Ghaelach. Faitíos go gcruthódh a leithéid naimhdeas idirdheoise agus idirchúige ba chúis leis sin!

Sa mbliain 1845 a bunaíodh Coláistí Ollscoile na Gaillimhe, Bhéal Feirste agus Chorcaí. Faoi choimirce na banríona a bhíodar agus na ‘Coláistí Aindiaga’ a baisteadh orthu.

Níorbh é sin d’Ollscoil Chaitliceach na hÉireann a bunaíodh in 1854 agus John Henry Newman ina Reachtaire.

Bhí scór bliain eile caite sular thosaigh aon iomaíocht spóirt eatarthu agus an uair sin féin ba rugbaí agus lúthchleasaíocht a bhíodh i gceist.

Fiú sna blianta a lean bunú Chumann Lúthchleas Gael, aighneas agus míshuaimhneas ba mhó a bhain leis an gcaidreamh idir an cumann agus na hollscoileanna. Bhí mar mhian ag an eagraíocht nua a bheith ar an eagras lúthchleasaíochta ba chumhachtaí sa tír, ceann a d’eascair as an náisiúnachas agus as lucht oibre agus as pobail tuaithe na tíre.

Tharraing sin cásanna casta agus achrannacha, go háirithe nuair a bhain sé leis na cleasa lúith. Thacaigh daoine áirithe nár aontaigh le fealsúnacht CLG leis an IAAA [Cumann Lúthchleas Amaitéarach na hÉireann] a bunaíodh in 1885 agus a bhí ceangailte le heagraíocht náisiúnta lúthchleasaíochta na Breataine.

Mhaolaigh an teannas de réir a chéile nuair a tháinig sé sa saol gurbh iad an pheil agus an iománaíocht príomhspórtanna CLG.

Ainneoin sin ar fad níorbh foireann ollscoile an ceann ba thúisce a chuaigh chun páirce i gcomórtais Chumainn Lúthchleas Gael ach foireann as coláiste oiliúna do bhunmhúinteoirí ar Phreispitéirigh a mbunáite.

Na Coimisinéirí Oideachais a bhunaigh an Marlborough Street Training College in 1837. Coláiste neamh-shainchreidmheach, stát-urraithe a bhí ann, ach ós rud é go raibh ionaid oiliúna dá gcuid féin ag an dá mhór-reiligiún eile, ba Phreispitéirigh an chuid ba mhó de na mic léinn i Sráid Mhaoilbhríde.

Sa mbliain 1887 bhí foireann as siúd a raibh Erin’s Hope mar ainm uirthi san iomaíocht ar Chraobh Shinsir Peile Átha Cliath. Bhí Coláiste Phádraig Droim Conrach oscailte mar choláiste oiliúna faoin am sin agus tá seans ann go mb’fhéidir go raibh roinnt mac léinn as siúd ag imirt d’Erin’s Hope.

Rud atá cinnte is ea gur choinnigh Coláiste Phádraig ainm na foirne nuair a dúnadh Sráid Mhaoilbhríde i 1922 agus gur bhuaigh siad Craobhacha an Chontae trí huaire ó shin.

Fiú agus tús an chéid seo caite tagtha, ní raibh aon leanúnachas leis an imirt a rinneadh ar na Cluichí Gaelacha in Ollscoileanna na hÉireann. Cuir i gcás, níor cláraíodh aon fhoireann peile in Ollscoil Chorcaí go dtí 1907, aon fhoireann iomána ansiúd go dtí 1910, an bhliain chéanna ar bunaíodh cumainn sna hollscoileanna eile.

Chuidigh Acht Ollscoileanna Éireann 1908 go mór leis an dul chun cinn a rinne an dá chluiche sna heagraíochtaí lenar bhain sin. Chuir an t-acht deireadh leis an Ollscolaíocht Ríoga anseo, Ina áit bunaíodh Ollscoil Náisiúnta na hÉireann a raibh na cinn i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh faoina stiúir.

Bhí tábhacht nach beag leis an bhfocal ‘Náisiúnta’ ina dteidil mar gur laghdaigh sé an col a bhí acu siúd a bhí ar son an phoblachtachais, agus go háirithe ag cliarlathas na hEaglaise Caitlicí, leis an seanréimeas.

Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir den chéad uair riamh. Pic: ‘The Cups That Cheered’

Céimí de chuid na hOllscoile i gCorcaigh ab ea an tAth. Edwin (Tom) Fitzgibbon as Dún Guairne a d’fhill mar léachtóir ar an áit tar éis tamall a chaitheamh ag baint céim dochtúireachta amach sa Lováin. Ba é a toghadh mar uachtarán ar chumann iomána Ollscoil Chorcaí nuair a cláraíodh sin i 1910. Iománaí den scoth ab ea é féin le linn a óige agus ón am ar ceapadh mar uachtarán chaith sé 25 bliain ag obair go dícheallach ar son an chomórtais, atá ainmnithe ina onóir, agus a mbaineann leis.

Ar an lámh eile is beag a cheapfá ó chúlra George Sigerson gur ina chuimhne siúd a bheadh príomhchraobh peile na n-institiúidí tríú leibhéal ainmnithe. Ba as an Srath Bán ó dhúchas dó, ach ba i bPáras a fuair sé a chuid scolaíochta, áit ar bhain sé an chéad áit ina rang sa Laidin, sa nGréigis, sa nGearmáinis agus sa líníocht.

Ba é séiplíneach Napoleon III a leag an fleasc aitheantais anuas ar a chloigeann ag searmanas na dtorthaí.

Chláraigh sé in Ollscoil na Gaillimhe in 1855 ach buaileadh tinn é. D’aistrigh sé as sin go hOllscoil Chorcaí, áit ar chuir sé suim sa nGaeilge, teanga a d’fhoghlaim sé ansin den chéad uair. Bhain sé cáilíochtaí amach mar dhochtúir leighis agus mar mháinlia sular fhill sé ar Pháras le cur lena chuid cáilíochtaí – bhí Sigmund Freud ar ollscoil leis.

File agus ealaíontóir freisin ab ea George Sigerson agus ba mhinic tuairimí frithBhriotanacha ag teacht óna pheann, rud nár thaitin seans lena chuid fostóirí agus é ina léachtóir bitheolaíochta in Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Níl aon fhianaise ann go raibh suim dá laghad ag George Sigerson sa bpeil Ghaelach, ach d’fhág a bhá leis an nGaelachas go mba é a chuir an corn ar fáil don chraobh peile idir-ollscoileanna nuair a imríodh sin den chéad uair i séasúr 1910-1911. An bhliain dár gcionn a thosaigh an iomaíocht ar Chorn Mhic Giobúin.

Ar fhaitíos go gcuirfí i mo leith go raibh mé ag déanamh neamhshuim do Chorn Mhic Giolla Bhríde agus do na mná, thug mé an stair a bhaineann leis sin tamall siar.

Fág freagra ar 'Cor eile i scéal phríomhchomórtais iomána agus peile na n-ionad ardoideachais'