An Tiarna a labhair Gaeilge i dTeach na dTiarnaí agus a bhronn corn ar lucht camógaíochta

Tiarna de chuid na Sasanach, a thug cúl dá dhúchas agus a bhí ar an duine ba thúisce a labhair Gaeilge i dTeach na dTiarnaí i Londain a bhronn Corn Ashbourne ar an gCumann Camógaíochta

An Tiarna a labhair Gaeilge i dTeach na dTiarnaí agus a bhronn corn ar lucht camógaíochta

Ní fada anois go mbeidh sé dhá bhliain ó bhásaigh Brídín Uí Mhaolagáin, Trócaire Dé uirthi. Chaith Brídín tamallacha ina hUachtarán ar Chumann Camógaíochta na nGael agus freisin ar Chomhairle Liathróid Láimhe na mBan. Iománaí den scoth ab ea í le linn a hóige agus bhí sí ar fhoirne Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a bhuaigh an phríomhchraobh idir-ollscoileanna cúig huaire – ina captaen i 1958.

De bharr a cuid oibre, tá corn eile a bhronntar sna comórtais sin ainmnithe ina cuimhne anois.

Ba iomaí píosa cainte a rinne mé féin agus Brídín faoin gceann a thuill clú di féin, Comórtas Chorn Ashbourne agus thug mé faoi deara nár thug sí an t-ainm sin riamh air. ‘Corn Mhic Giolla Bhríde’ a bhíodh aici. Ar chúis éicint níor tháinig sé i mo chloigeann aon uair acu fiafraí di cén chúis a bhí leis sin agus ba mór an feall nach ndearnas. Bheadh scéal dúisithe agam atá i bhfad níos suimiúla ná stair na mórchorn eile atá ag an gCumann Lúthchleas Gael – Corn Mhig Uidhir agus Mhic Cárthaigh san áireamh.

Camogie Notes, 1920

Ba Thiarna de chuid na Sasanach, a thug cúl dá dhúchas agus a bhí ar an duine ba thúisce a labhair Gaeilge i dTeach na dTiarnaí i Londain a bhronn an corn céanna ar an gCumann Camógaíochta an chéad lá riamh, ar iarratas ó Chumann na hOllscoile.

Aimsir na Nollag 1868 a saolaíodh William Gibson i mBleá Cliath, an mac ba shine ag Barún Chill Dhéagláin (An Tiarna Ashbourne) a bhí freisin ina Sheansailéir ar Éirinn. D’fhreastail an fear óg ar scoil cháiliúil Harrow, atá suite ar eastát 300 acra i dTuaisceart Londan, ar Choláistí na Tríonóide agus ar Oxford, áit ar iompaigh sé ina Chaitliceach.

Chuir sin oiread de chantal ar a athair nár fhág sé ach £4,500 le huacht aige nuair a bhásaigh sé féin i 1913 – d’fhág sé a dheich n-oiread ag an dara mac a bhí aige a choinnigh leis an bProtastúnachas.

Camogie Notes, 1920

Ach, ós rud é gurbh é ba shine, ní raibh sé de chumhacht aige an teideal Lord Ashbourne a choinneáil ó William a thosaigh ag tabhairt ‘Mac Giolla Bhríde’ air féin as sin amach.

Bhí an Ghaeilge ar a thoil aige faoin tráth sin mar go raibh sé á foghlaim agus é i gColáiste na Tríonóide. Faoin am a raibh sé in Oxford bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge. Bhí an Fhraincis agus an Ghearmáinis ar a thoil aige agus smeadar den Bhreatnais, den Gàidhlig, den Bhriotáinis agus den Pholainnis.

I 1926 d’íoc sé fiacha £1,000 a bhí ar Choiste Gnó an Chonartha, ar choinníoll nach bpoibleofaí sin. Dhá bhliain dár gcionn toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é d’aon ghuth, rud a tharla go féiltiúil go ceann ceithre bliana. Ba mhinic fial ó thaobh airgid freisin é le Scoil Éanna a bhí bunaithe ag Pádraig Mac Piarais.

Francach de bhunadh na n-uasal ab ea an bhean a phós sé, Marianne de Monbrison, a d’iompaigh ina Caitliceach í féin. Ní raibh aon mhuirín orthu agus roinneadar a gcuid ama idir Londain, Bleá Cliath agus Tuaisceart na Fraince.

Ba ghnách leis cóta agus filleadh beag cróchbhuí a chaitheamh, mar aon le clóca fada timpeall a ghuaillí agus é ceangailte de le bróiste mór.

UCG 1922-23

Cúrsaí féinrialtais na hÉireann a bhí faoi chaibidil i dTeach na dTiarnaí i 1918 nuair a d’iompaigh Mac Giolla Bhríde, an Dara Barún Cill Dhéagláin ar an nGaeilge ansiúd.

Ag tagairt do ráitis a bhí déanta ag an bPríomhaire Lloyd George agus ag an Tiarna Sydenham faoi chearta na nÉireannach a bheith ina máistrí orthu féin a bhíothas.

Chuir Ashbourne i leith na beirte gur dhúradar nach mba náisiún iontu féin ab ea Éire siocair nach raibh teanga dá cuid féin inti, faoi mar a bhí ag muintir Quebec i gCeanada nó ag na Breatnaigh.

“That reminded me that a short time ago, when Mr. John Dillon approached the Prime Minister on some point connected with an Irish question and spoke rather roughly to him, the Prime Minister answered that Ireland was not a nation in the sense that Wales was a nation, for Wales had a language whereas Ireland had not. Any assumption of that kind, as he is well aware, was untenable,” a dúirt sé .

D’iompaigh Mac Giolla Bhríde ar theanga na nGael ansin.

“Beidh sé i mo chumas gan ach Gaeilge a labhairt agus mise ag cur i gcéill daoibh ar an gceist seo. Tá Gaeilge againn in Éirinn agus tá an teanga chéanna ag na hAlbanaigh fós. Ba mhaith liom gan focal a rá i dteanga eile ach tá eagla orm nach dtuigfeadh an chuid is mó agaibh mé. Dá dtuigfeadh leanfadh mé leis an scéal ar feadh na hoíche. Ach an fiú sin? Is dóigh liom nach fiú, agus ar son sin labhróidh mé i mBéarla anois.”

Hansard a thugtar ar an gcuntas oifigiúil a choinnítear ar gach a ndeirtear i dTithe na dTeachtaí agus na dTiarnaí agus den chéad uair riamh cláraíodh Gaeilge i leagan na dTiarnaí ar an 27 Meitheamh 1918.

Faoin tráth sin bhí ainm Mhic Giolla Bhríde greanta le seacht mbliana ar an gCorn a ndéanann foirne camógaíochta na nOllscoileanna iomaíocht air. A chairdeas le Úna Ní Fhaicheallaigh, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Chliath a thug faoi ndeara sin. Dlúthchairde ab ea iad agus ba í Úna a d’áitigh air an Corn a sholáthar don chomórtas camógaíochta, an spórt ab ansa léi féin agus ceann a raibh sí ina cheannas ina dhiaidh sin, dála Bhrídín Uí Mhaolagáin.

Cé a bhí chomh hábalta agus go raibh sé in ann cuntas a choinneáil do Hansard ar an óráid i nGaeilge?

Sin scéal do lá eile.

Fág freagra ar 'An Tiarna a labhair Gaeilge i dTeach na dTiarnaí agus a bhronn corn ar lucht camógaíochta'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.