Contaetha Gaeltachta ag bun agus barr an tábla ó thaobh vacsaínithe

Ba é Dún na nGall an t-aon chontae Gaeltachta ina raibh snáthaid amháin faighte ag níos lú ná 90% de dhaoine fásta an chontae

Contaetha Gaeltachta ag bun agus barr an tábla ó thaobh vacsaínithe

Contae Gaeltachta an contae is fearr agus contae Gaeltachta an dara contae is measa ó thaobh líon na ndaoine a bhfuil snáthaid faighte acu.

Is é Port Láirge an contae ina bhfuil an líon is mó daoine os cionn ocht mbliana déag d’aois vacsaínithe, de réir staitisticí nua ón HSE. Bhí ar a laghad dáileog amháin den vacsaín faighte ag 98.5% de na daoine fásta sna Déise ar an 22 Lúnasa, níos mó ná aon chontae eile sa stát.

Léirigh na figiúirí, a cuireadh ar fáil don Irish Independent, go raibh Dún na nGall ar an dara contae is measa ó thaobh líon na ndaoine a bhí vacsaínithe. Ní raibh snáthaid amháin den vacsaín faighte ach ag 83.5% de na daoine fásta i nDún na nGall.

Is i gcontae Mhuineacháin atá an líon is lú daoine fásta vacsaínithe agus an chéad snáthaid faighte ag 81.9% de dhaoine fásta an chontae.

Is iad Muineachán agus Dún na nGall an dá chontae is mó atá buailte ag cásanna den Covid-19 le roinnt seachtainí anuas.

Ráta 1,159 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist i nDún na nGall le coicís anuas, beagnach trí huaire níos airde ná an ráta scaipthe i bPort Láirge sa tréimhse chéanna – 431.

Tá sé tugtha le fios ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé i gceist acu feachtas feasachta a reáchtáil sna contaetha sin ina bhfuil na rátaí is ísle vacsaínithe. Contaetha gar den teorainn le Tuaisceart Éireann iad cuid mhaith díobh.

Bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag breis is 90% de na daoine fásta sna contaetha Gaeltachta eile ar fad. Figiúr 94.8% a bhí i gceist i Maigh Eo, 94.1% i gCorcaigh, 93.8% i gCorcaigh, 91.4% i gCiarraí agus 90.5% i gcontae na Mí.

Bhí Baile Átha Cliath ar an gceathrú contae inarbh ísle líon na ndaoine a bhí vacsaínithe de réir na staitisticí nua agus an chéad snáthaid faighte ag 87.3% de dhaoine fásta an chontae.

Is í Éire an dara tír is fearr san Aontas Eorpach ó thaobh líon na ndaoine a bhfuil snáthaid faighte acu. Níl ráta níos airde ach i Málta.

% na ndaoine fásta a bhfuil vacsaín faighte acu

Port Láirge – 98.5
Ceatharlach – 97.7
Tiobraid Árann – 96.2
Loch Garman – 96.1
Sligeach – 95.8
Cill Mhantáin – 95.5
Maigh Eo – 94.8
Luimneach – 94.5
Corcaigh – 94.1
Gaillimh – 93.8
An Clár – 93.7
Ros Comáin – 93.4
Liatroim – 92.9
Cill Dara – 92.4
An Iarmhí – 92.1
Ciarraí – 91.4
An Mhí – 90.5
An Lú – 89.9
Cill Chainnigh – 89.9
Uíbh Fhailí – 89.6
An Cabhán – 88.6
An Longfort – 88.5
Baile Átha Cliath – 87.3
Laois – 85.8
Dún na nGall – 83.5
Muineachán – 81.9

Fág freagra ar 'Contaetha Gaeltachta ag bun agus barr an tábla ó thaobh vacsaínithe'