CONRADH NA GAEILGE: ‘Caithfidh Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh roimh Nollaig’

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéala gur ritheadh an reachtaíocht don Ghaeilge i dTeach na dTeachtaí inné ach deir siad go gcaithfidh Rialtas na Breataine gníomh a dhéanamh láithreach chun feidhm a thabhairt di

CONRADH NA GAEILGE: ‘Caithfidh Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh roimh Nollaig’

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfaighfear léargas ar thiomantas Rialtas na Breataine i dtaobh na reachtaíochta teanga ó thuaidh nuair a thagann sé chuig ceapadh an Choimisinéara Gaeilge nua.

Chuir an eagraíocht teanga fáilte roimh an scéala gur ritheadh an reachtaíocht don Ghaeilge i dTeach na dTeachtaí inné ach deir siad go gcaithfidh Rialtas na Breataine anois na beartais atá inti a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir toisc nach bhfuil Feidhmeannas Stormont ag feidhmiú.

Faoin Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann), beidh sé de chumhacht ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfear na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích.

Deir Conradh na Gaeilge gur gá Oifig an Choimisinéara Gaeilge a bhunú agus Coimisinéir a cheapadh sular féidir feidhm a thabhairt d’aon ní eile sa reachtaíocht. Tá an eagraíocht ag iarraidh ar Oifig Thuaisceart Éireann an oifig a bhunú agus an coimisinéir a cheapadh gan mhoill.

“I bhfolús atáimid mar nach bhfuil aon Fheidhmeannais anseo ó thuaidh agus mar sin táimid ag éileamh go díreach ar Rúnaí Stáit na Breataine feidhmiú na reachtaíochta seo a thosú láithreach agus an obair chuí a dhéanamh leis an Bhille iomlán a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

“Is iad bunú Oifig an Choimisinéara Gaeilge agus ceapadh an Choimisinéara na chéad chéimeanna atá riachtanach chun gur féidir linn bogadh ar aghaidh leis na codanna eile. Caithfidh an dá rud sin tarlú láithreach. Amharcfaidh pobal na Gaeilge ar chur i gcrích na gcéimeanna sin mar scrúdú litmis ar thoil Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge. Tá Rialtas na Breataine i ndiaidh cumhachtaí úra a thabhairt daofa féin chun gur féidir leo an reachtaíocht seo a fheidhmiú. Ón chéad lá, agus muid gan aon fheidhmeannas, titeann sé orthusan na cumhachtaí áirithe sin a úsáid. Gan an gníomh láithreach sin, ní fiú faic í an reachtaíocht seo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag brú go láidir go n-achtófar an reachtaíocht roimh an Nollaig. Caithfidh an Rí Séarlas III a lámh a chur léi chun sin a dhéanamh.

Tabharfaidh an reachtaíocht stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair agus tá beirt Choimisinéirí Teanga, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais le ceapadh, chomh maith le hoifig cultúir agus féiniúlachta a bhunú.

‘Lá stairiúil, lá sonais’ – reachtaíocht teanga nua don Tuaisceart rite in Westminster

Meastar go mbeidh cúpla mí ann sula mbeifí in ann an reachtaíocht a chur i bhfeidhm ó thuaidh ach tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go dtarlódh sin “fíor-luath san athbhliain”.

“Tá pobal na Gaeilge ag troid ar son na gceart seo le blianta fada agus chuige sin, tá sé stairiúil go mbeidh aitheantas oifigiúil maidir le stádas na Gaeilge anseo den chéad uair,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin. “Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do na gníomhaithe agus na ceannródaithe pobail sin a throid go dúthrachtach ar son cearta teanga i gcaitheamh na mblianta.”

Dúirt Melvin nach raibh ceann scríbe sroichte go fóill ag lucht na teanga ó thuaidh, áfach, agus go raibh tuilleadh oibre le déanamh.

“Léirigh an taithí phianmhar a bhí againn le Rialtas na Breataine go dáta nár cheart dúinn talamh slán a dhéanamh d’aon chuid den obair seo fós – níl muid ann fós. Go dtí go bhfeiceann muid achtú agus cur i bhfeidhm iomlán an bhille seo, leanfaidh muid orainn leis an fheachtas mhór ar son cearta teanga.”

Agus an bille rite in Westminster inné, dúirt Aire Stáit an Tuaiscirt, Steve Baker, gur chóir gur “lá sonais” a bheadh ann dóibh siúd a oibríonn ar son na Gaeilge. Dúirt sé chomh maith go raibh súil aige go ndéanfaí an teanga a dhípholaitiú sa Tuaisceart.

Níor glacadh le haon leasú suntasach ar an mbille le linn an phlé inné, rud a chuir as go mór do pholaiteoirí an DUP.

Cháin ceannaire an pháirtí, Jeffrey Donaldson, cur chuige an Rialtais maidir leis an reachtaíocht agus é ráite aige go ndearnadh neamhaird ar ábhair imní na nAontachtach.

Ghoill sé go mór air, a dúirt Donaldson, gur ritheadh an reachtaíocht roimh an toghchán atá ar na bacáin i dTuaisceart Éireann. Dúirt sé gur thug Príomh-Aoire an Rialtais le fios an tseachtain seo caite nach bpléifí an reachtaíocht teanga agus féiniúlachta go dtí go mbeadh toghchán Stormont thart.

Dúirt Donaldson gur léir go raibh Oifig Thuaisceart Éireann ag feidhmiú faoi threoir Shinn Féin.

“Measaim gur iarracht shoiléir atá anseo ó Oifig Thuaisceart Éireann freastal ar an bhun-éileamh a rinne Sinn Féin chun go mbeadh Sinn Féin in ann a fhógairt [aimsir an toghcháin] céard a bhí bainte amach acu,” a dúirt Donaldson.

“Deirim seo go neamhbhalbh leis an Aire, má ritear an bille seo gan leasú, beidh orainn filleadh ar an cheist seo mar is dlúthchuid í den Ré Nua Cur Chuige Nua …Níl muid chun glacadh le sop in áit na scuaibe.”

Dúirt Donaldson gur thug an DUP suntas don “deifir” a léirigh an Rialtas an reachtaíocht seo a thabhairt chun críche roimh an toghchán ó thuaidh.

“Measaim gur údar mór díomá atá ansin mar ba chóir go mbeadh an Rialtas níos stuama faoina leithéid a dhéanamh. Ba cheart don Rialtas a bheith stuama agus é ag dul i ngleic leis na ceisteanna seo.”

Dúirt Gavin Robinson ón DUP go raibh “dochar mór” déanta ag rith na reachtaíochta don obair a rinneadh roimh an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua chun na páirtithe i dTuaisceart Éireann a thabhairt le chéile.

Bhain na leasuithe a mhol feisirí an DUP den chuid is mó le comhstádas a fháil do Choimisinéir na hUltaise agus le srian a chur le cumhachtaí na gcoimisinéirí.

Chuir an SDLP, páirt an Alliance agus páirtí an Lucht Oibre fáilte roimh rith an bhille inné.

Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, gur “céim thábhachtach” a bhí inti, cé nach é seo an t-acht don Ghaeilge a bhí á lorg ag lucht na teanga ó thuaidh. Dúirt sé gur aithin an reachtaíocht go raibh an Ghaeilge ina dlúthchuid d’fhéiniúlacht go leor den phobal i dTuaisceart Éireann agus gur mithid sin a aithint sa dlí.

Dúirt sé gur mór an trua gur thóg sé chomh fada an pointe seo a bhaint amach agus gurb é an t-aon bhealach chun bogadh ar aghaidh ná glacadh le féiniúlacht daoine eile agus an fhéiniúlacht sin a cheiliúradh.

Fág freagra ar 'CONRADH NA GAEILGE: ‘Caithfidh Rialtas na Breataine Coimisinéir Teanga a cheapadh roimh Nollaig’'

  • Am Teanga Bheo

    Teanga Eorpach nach hea fós ?
    ?