Connachtaigh ag súil le teacht aniar

I ndiaidh do na Connachtaigh greadadh ceart a fháil in Exeter an deireadh seachtaine seo caite, beidh fir Pat Lam ag imirt as baile arís tráthnóna Dé hAoine.

Conor Finn 25/10/2014
Conor Finn ó Chonnacht ag tabhairt na cosa leis ó Ian Whitten ó na Exeter Chiefs ©INPHO/Phil Mingo

Bhuail mé le Gavin Duffy, iarchaptaen na gConnachtach, ar mo bhealach isteach go Staid Thuamhan Dé hAoine seo caite. Rinne muid tamall cainte agus mhínigh sé dom gur ag spreagadh lucht gnó le hurraíocht a dhéanamh ar an bhfoireann cúige a bhíonn sé anois seachas a bheith ag imirt.

“Airím uaim cinnte na laethanta móra Eorpacha, go háirithe cluichí mar seo,” arsa Duffy liom agus é ag tagairt don chluiche idir Mumhain agus Saracens.

Ach má tá a shaol mar imreoir thart, níl aiféala ar bith air nach gá dó an traenáil chrua a dhéanamh níos mó.

“Maidir le Connachta, tá cúrsaí go maith faoi láthair. Feictear go bhfuil glúin nua imreoirí tar éis teacht chun cinn agus tá ag éirí leo. Agus is fusa, dá bharr, mo chuidse oibre agus mé ag iarraidh urraíocht a mhealladh chuig an gclub. Aithnítear go bhfuil táirge maith againn.”

Cabhraíonn sé, ar ndóigh, nach bhfuil cluiche baile caillte ag na Connachtaigh ó cuireadh tús leis an séasúr dhá mhí ó shin.

Agus ní haon dochar é ach oiread go bhfuil seisear Connachtach roghnaithe ag Joe Schmidt ar an mórphainéal imreoirí don tsraith cluichí idirnáisiúnta a imreofar le linn mhí na Samhna.

I ndiaidh do na Connachtaigh greadadh ceart a fháil in Exeter an deireadh seachtaine seo caite, beidh fir Pat Lam ag imirt as baile arís tráthnóna Dé hAoine.

Cluiche sraithe atá i gceist an iarraidh seo agus é sin i gcoinne Ospreys, foireann atá ar bharr an Pro 12 faoi láthair.

Trí oiread úd atá scóráilte ag fir Ospreys sa tsraith ná mar atá scaoilte isteach acu agus d’éirigh leo scóranna móra a chur suas i gcoinne leithéidí Dhún Éideann (62-13) agus Treviso (44-13) le cúpla seachtain anuas.

Anuas air sin, chaill na Connachtaigh an dá chluiche a d’imir siad in aghaidh Ospreys an séasúr seo caite.

Ní hé nach bhfuil Ospreys gan locht áfach.

Thug Naoimh Northampton léasadh dóibh i gCorn na gCuradh Eorpach Dé Sathairn seo caite (34-6). Agus é á réiteach féin don chluiche in aghaidh na gConnachtach Dé hAoine, beidh ar Steve Tandy, príomhchóitseálaí Ospreys, déanamh d’uireasa naoi n-imreoir céadrogha dá chuid.

Ina measc siúd, áirítear an bheirt leathchúlaithe Rhys Webb agus Dan Biggar mar aon leis na tosaithe Alun Wyn Jones, captaen na foirne, agus Justin Tipuric. “Tabharfar deis do chuid de na himreoirí óga a gcumas a thaispeáint agus muide imithe le linn chluichí idirnáisiunta an fhómhair,” arsa Jones. “Rachaidh sé sin chun tairbhe don fhoireann amach anseo.”

A mhalairt de scéal atá i gceist i gcás na gConnachtach.

Ní scaoilfidh Pat Lam leis an seisear atá ainmnithe ar scuad na hÉireann go dtí Dé Máirt na seachtaine seo chugainn.

Lena chois sin, tá an cúlaí láir Dave McSharry agus an cliathánaí Matt Healy tagtha chucu féin i ndiaidh mionghortaithe agus iad réidh le himirt má roghnaítear iad.

Thabharfadh sé an-uchtach don chúige ar fad dá n-éireodh leis na Connachtaigh an bua a fháil ar Ospreys.

Is fusa fós a bheidh obair Gavin Duffy má bhuann.

Fág freagra ar 'Connachtaigh ag súil le teacht aniar'