Conas mar a chruthaigh na hÉireannaigh atá ag imirt i Sasana i mbliana?

Ar chuid de na hÉireannaigh atá ag saothrú i sraithchomórtais sacair Shasana - go háirithe ar na rungaí is ísle - atá ár gcolúnaí ag díriú an tseachtain seo

Séamus Conneely
Séamus Conneely

Tá a bheag nó a mhór 150 Éireannach ag saothrú a gcoda mar imreoirí gairmiúla sacair i sraithchomórtais Shasana agus na hAlban i láthair na huaire – deich nduine fichead sna Príomhranna, an fuílleach sna ranna faoina mbun sin.

Iad siúd a imríonn i bPríomhroinn Shasana is mó a fhaigheann aird ar ndóigh, cé nach bhfuil ach deichniúr nó mar sin acu a imríonn go rialta. Is suntasach an rud é nach bhfuil oiread agus imreoir amháin as an tír seo ag seaimpíní na sraithe sin, Leicester, ná ag na clubanna atá faoina mbun – Tottenham, Arsenal ná ceachtar de chlubanna Mhanchain.

Go deimhin dá dtógfá Shane Long agus Darren Randolph (a d’imir sé chluiche sraithe do West Ham an séasúr seo) as an áireamh, níl aon Éireannach eile ag ceachtar den 10 bhfoireann atá sa leath uachtarach den Barclays Premiership.

Bhí nead bheag acu i Stoke an séasúr seo caite, triúr an taobh ag Aston Villa agus ag Everton agus beirt ag Norwich, ach ar ndóigh tá Villa agus Norwich ar an mbealach chuig an Championship an séasúr seo chugainn.

Jonny Hayes. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Jonny Hayes. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Ábhar iontais níos mó nach bhfuil aon Éireannach ar fhoireann Cheiltigh Ghlaschú a bhfuil Príomhroinn na hAlban buaite acu don chúigiú huair as a chéile. Tá triúr ag na tánaistí, Aberdeen, ach ’sé Jonny Hayes, a tháinig ar an bpáirc d’Éirinn in aghaidh na hEilbhéise Aoine an Chéasta seo caite, an t-aon duine acu a imríonn go rialta.

De réir mar a théann tú síos na rungaí, méadaíonn líon na bpeileadóirí Éireannacha – 38 sa Championship i Sasana, 35 i Sraith a 1 agus 39 i Sraith a 2.

Is as Camas i gConamara Séamus Conneely atá ag imirt anois le Accrington Stanley, a chuir tús an deireadh seachtaine seo leis na cluichí cáilithe a d’fhéadfadh an t-ardú céime go Sraith a 1 a fhágáil acu.

D’imir an Conghaileach, atá 27 bliain d’aois agus a bhí ar fhoireann Faoi 21 na hÉireann, Peil Ghaelach le Cumann Mhicheál Breathnach i gCois Fharraige sular shocraigh sé a dhílseacht a thabhairt don sacar. Chaith sé tréimhsí i sraitheanna na tíre seo le Muirbheach agus le Gaillimh Aontaithe sula ndeachaigh sé chuig Sheffield United ar feadh bliana in 2012. D’fhill sé ar Ruagairí Shligigh ansin agus i dtús na bliana seo caite shínigh conradh le Accrington Stanley.

Timpeall 20 míle ó thuaidh de Mhanchain atá Accrington agus bhí foireann as an gcathair sin, ina bhfuil 45,000 duine, i Sraith Shasana nuair a bunaíodh sin in 1888. Thiteadar as a chéile 50 bliain ó shin agus níl siad ar ais sna sraithchomórtais náisiúnta anois ach le deich mbliana.

46 cluiche sraithe a d’imir Stanley i mbliana agus bhí Séamus Conneely ar an bpáirc i chuile cheann beo acu sin, mar a bhí sa gcéad chluiche cáilithe in aghaidh Wimbledon aréir. As an 150 imreoir gairmiúil i Sasana agus in Albain, níl sé le rá ach ag beirt de na hÉireannaigh sin gur imir siad i ngach cluiche sraithe ina ndeachaigh a gclub chun páirce an séasúr seo.

Greg Cunningham
Greg Cunningham

Tá Richard Keogh ar dhuine acu sin agus bhí seisean é féin ar an bpáirc inné nuair a d’imir Derby County agus Hull a chéile agus iad ag iarradh fanacht sa rás chuig an bPríomhroinn. Ó thuaidh de Londain a saolaíodh Keogh ach as Ceatharlach a athair. Is é atá ina chaptaen ar Derby agus na déaga cluichí imeartha aige d’fhoireann shinsearach na hÉireann.

Fear ar beag í a cháil an tríú Éireannach a bhfuil sé le rá aige gur imir sé i ngach cluiche sraithe dá chlub thall an séasúr seo. Sin é Paddy Madden a imríonn le Scunthorpe. Níl ach cúigear imreoirí a scóráil níos mó cúl i Sraith 1 an séasúr seo ná Madden (20), ach faraor, don pheileadóir a d’imir le Bohemians tráth, ba sa seachtú háit a chríochnaigh a fhoireann – ar chomhphointí le Barnsley, atá sna cluichí cáilithe, a bhuíochas de dhifríocht cúil.

Luaigh mé ag tús an cholúin nach raibh aon Éireannach ag imirt do churaidh na Príomhroinne, Leicester City, ach ba leo siúd a bhí an Gaillimheach Greg Cunningham ag imirt in 2011 (é ar iasacht as Manchester City) nuair a briseadh a chos in aghaidh Hull.

Buille trom a bhí ann mar ag an am bhí aon chluiche amháin imeartha aige do phríomhfhoireann City agus cé nach raibh sé ach 19 bliain an uair sin bhí cúpla deis faighte aige ar fhoireann na hÉireann – in aghaidh na hAirgintíne agus Lionel Messi in 2010 ar cheann acu.

Nuair a chneasaigh an chnámh, thug Greg aghaidh ar Bristol City, ach níor bhláthaigh sé i gceart nó gur aistrigh sé chuig Preston North End sa Championship ag tús an tséasúir seo.

I lár an tábla a chríochnaigh Preston, ach d’imir Cunningham 43 cluiche sraithe dóibh – bhí sé gortaithe nuair a d’imir siad na trí cinn eile.

An tseachtain seo caite bhronn an lucht leanta an gradam ‘Imreoir na Bliana’ air, mar a rinne a chomh-imreoirí freisin.

Fág freagra ar 'Conas mar a chruthaigh na hÉireannaigh atá ag imirt i Sasana i mbliana?'