Conas a airíonn tú nuair a chloiseann tú caint ar reifreann faoin teorainn?

Ní shásóidh sé an dream atá ag iarraidh dáta do reifreann láithreach, ach beidh tábhacht leis na tuairimí atá le bailiú ag lucht acadúil faoi cheist na teorann

Conas a airíonn tú nuair a chloiseann tú caint ar reifreann faoin teorainn?

Tá teideal fada, amscaí ag an meitheal oibre acadúil ‘The Working Group on Unification Referendums on the Island of Ireland’. Ó chuir reifreann an Bhreatimeachta tine faoin bplé maidir leis an teorainn tá na héilimh ar reifreann ag treisiú go seasta. Má bhí gá leis an gceacht is léir ón bpraiseach a d’eascair as an doiléire agus ‘a rogha féin den Bhreatimeacht ag gach éinne’ gur díth céille amach is amach a bheadh ann reifreann faoin teorainn a rith gan roghanna na vótóirí a bheith beachtaithe roimh ré.

Comhairliúchán poiblí ata idir lámha ag an lucht acadúil ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, Ollscoil Uladh, Coláiste na Tríonóide agus Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Pennsylvania agus Coláiste Ollscoile Londan, UC.

Trí dhuine dhéag atá sa ghrúpa, scoláirí polaitíochta, staire, dlí agus socheolaíochta agus is é an Dochtúir Alan Renwick ó Ollscoil Londan atá i gceannas. Tuairimí na ndaoine i dTuaisceart Éireann go príomha a theastaíonn ón ngrúpa ach fáilteofar roimh thuairimí an phobail sa Phoblacht freisin. Is féidir an ceistneoir a aimsiú anseo.

Deir an grúpa go bhfuil siadsan neamhspleách ar pháirtithe polaitiúla agus rialtais. Ina theannta sin deir siad go bhfuil siad neodrach faoi thoradh reifrinn agus faoi reifreann a rith nó gan é a rith. Dhá charthanacht atá ag maoiniú na hoibre, an Joseph Rowntree Trust agus The British Academy a thugann tacaíocht do thaighde acadúil.

Seo na saghas ceisteanna atá ann. Conas a airíonn tú nuair a chloiseann tú caint ar reifreann? Céard ba mhaith leat? Céard faoi a mbeadh faitíos ort? Ar mhaith leat na roghanna a bheith soiléir roimh an vótáil? Cén t-eolas ba mhaith leat roimh vótáil? Céard a mhaolódh d’fhaitíos nó céard a shásódh do mhianta?

Tá sraith ceisteanna acu faoi conas a rithfí reifreann, iad ag glacadh leis an socrú i gComhaontú Aoine an Chéasta gur reifreann faoi Éire aontaithe a bheadh i gceist agus móramh 50% +1 riachtanach. Teastaíonn freagraí uathu faoi conas ba cheart do Státrúnaí an cinneadh a dhéanamh faoi dháta reifrinn. Ar cheart na reifrinn ar dhá thaobh na teorann a rith an lá céanna? Conas a d’oibreofaí amach pleananna d’Éire aontaithe? An mbeadh ról ag Tionól Saoránach mar shampla faoi cheisteanna sláinte, pinsin agus póilíneachta?

Tá ceisteanna acu faoi céard a tharlódh dá gcinnfí i reifreann go bhfanfadh an tuaisceart san Ríocht Aontaithe. Sa gcás sin ar cheart an gaol idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe a leasú? Cén sórt próiseas leasuithe a bheadh i gceist?

Is í an mheitheal acadúil an ceann is deireanaí den liosta grúpaí atá ag plé reifrinn. Tá ‘Éire Chomhroinnte’ an t-aonad speisialta i Roinn an Taoisigh agus ‘Coimisiún um Éire nua’ an SDLP a fógraíodh le gairid dírithe ar réamhobair fhairsing a dhéanamh sula socrófaí dáta reifrinn. Tá saothar leanúnach idir lámha ag an mbrúghrúpa ‘Todhchaí na hÉireann’, iadsan chomh maith le Sinn Féin ag éileamh plean do reifreann gan mórán moille. Nuair a bhris ar fhoighid Francie Molloy, feisire Shinn Féin i Lár Uladh, faoin moill ar reifreann dúirt sé gur “muc i mála” ab ea Comhaontú Aoine an Chéasta. Rinne an páirtí a bheag den racht agus d’éiligh Tionól Saoránach chun a dhul i ngleic leis an réimse mór ábhar atá le scrúdú.

Táthar ag fanacht le sonraí faoi aonad an Taoisigh agus faoi Choimisiún cheannaire an SDLP, Colum Eastwood. Painéil éagsúla a scrúdóidh gnéithe ar leith, mar shampla comhionannas, eacnamaíocht, sláinte agus an córas rialacháin – atá beartaithe ag Eastwood ach níl na rannpháirtithe ainmnithe fós. Ó tá comhghuaillíocht de shórt idir an SDLP agus Fianna Fáil meastar go mbeidh Coimisiún an SDLP ag féachaint le hionchur a bheith aige i saothar an aonaid i Roinn an Taoisigh. Bhí leagan amach an Fheisire Eastwood ag teacht leis an méid atá ráite ag an Taoiseach Micheál Martin faoin gceist, is é sin gurb é an reifreann féin an chéim dheiridh nuair a bheadh gach rogha soiléir.

Níl mórán cainte i measc an phobail faoin gcomhairliúchán acadúil. Seans nach iontas é sin, tá claonadh frith-intleachtóirí coitianta. Theastódh níos mó poiblíochta chun aird a tharraingt air mar tá seans maith go mbeadh teacht ag an bpróiseas seo ar thuairimí ó dhaoine a d’fhanfadh glan ar na grúpaí eile. Tá nós ag polaiteoirí aontachtacha diúltú aon bhaint a bheith acu leis an dioscúrsa ar reifreann faoin teorainn; feadaíl ag dul thar reilig dar le roinnt. Tá daoine sa phobal aontachtach a dteastaíonn díospóireacht faoin todhchaí uathu áfach, cuid acu imníoch faoin suaitheadh a bhainfeadh Breatimeacht crua as an Ríocht Aontaithe, a thuilleadh meáite de gur cheart d’aontachtaithe a dhul i ngleic leis an dúshlán agus an fód a sheasamh. Tá an déimeagrafaic chomh maith leis an mBreatimeacht ag teacht salach orthu ach tá a smaointe riachtanach chun cúrsa a stiúradh. Deis is ea an comhairliúchán acadúil dóibh an abhainn a fhéachaint sula dtéann siad ina cuilithe.

Fág freagra ar 'Conas a airíonn tú nuair a chloiseann tú caint ar reifreann faoin teorainn?'