Comórtas Uí Chonaire fógartha do scríbhneoirí óga na Gaeilge

Tá Comórtas Uí Chonaire, comórtas scríbhneoireachta le haghaidh scríbhneoirí óga, fógartha ar maidin ag Conradh na Gaeilge

An Comhairleoir Frank Fahy, Méara na Gaillimhe, le Siobhán Ní Dhufaigh agus Kelly Ní Mhoráin, Conradh na Gaeilge, Gaillimh, ag ócáid sheolta Chomórtas Uí Chonaire. Is comórtas gearrscéalaíochta atá i gceist leis an gcomórtas nua, do scríbhneoirí faoi bhun 25 bliain d'aois, atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chomóradh ar Phádraig Ó Conaire agus ar fhís litríochta bhaill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt an-mhór in Éirí Amach na Cásca. Gach eolas ar fáil: www.arasnangael.ie
Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, le Siobhán Ní Dhufaigh agus Kelly Ní Mhoráin, Conradh na Gaeilge, Gaillimh, ag ócáid sheolta Chomórtas Uí Chonaire

Beidh €1,000 le buachan i gcomórtas nua scríbhneoireachta do dhaoine óga a d’fhógair Conradh na Gaeilge inniu. Bronnfar €400 ar an té a thiocfaidh sa dara háit agus €250 ar an té a thiocfaidh sa tríú háit.

Tá Comórtas Uí Chonaire, comórtas scríbhneoireachta le haghaidh scríbhneoirí óga, fógartha ar maidin ag Conradh na Gaeilge mar chuid den chomóradh ar Éirí Amach na Cásca. Tá an Conradh ag súil go spreagfar scríbhneoirí óga le dul i mbun pinn agus go gcuirfear ábhar léitheoireachta comhaimseartha ar fáil do dhéagóirí.

I gcuimhne ar Phádraig Ó Conaire, an scríbhneoir Gaillimheach mór le rá, atá an comórtas á eagrú mar chomóradh ar an bhfís litríochta a bhí ag baill an Chonartha a ghlac páirt san Éirí Amach i 1916.

Beifear ag súil le gearrscéalta a bheadh feilteach do dhéagóirí idir 15 agus 18 bliana d’aois ach beidh cead ag scríbhneoirí faoi bhun 25 bliain d’aois cur isteach ar an gcomórtas.

“Mheas muid, agus muid ag tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar 1916, go raibh sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar fhís chultúrtha na glúine sin agus dul i mbun gnímh a chuirfeadh le feidhm phraiticiúil a thabhairt don fhís sin.

“Mar a thuig baill Chonradh na Gaeilge an ama sin, tá tábhacht faoi leith leis an bhféiniúlacht a chruthaítear trí do litríocht féin agus tá gá sa lá atá inniu ann an litríocht sin a spreagadh san aos óg, idir scríbhneoireacht agus léitheoireacht,” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Contae na Gaillimhe.

Tá Comórtas Uí Chonaire á eagrú ag an gCoiste Contae faoi phatrúnacht chlann Uí Chonaire. Dúirt Mac Fhlannchadha go bhfuil “ríméad” ar an gConradh go bhfuil clann Uí Chonaire mar phatrúin ar an gcomórtas agus go dtugann sé an deis don Chonradh aird a tharraingt ar “shaothar ceannródaíoch” Pheadair Uí Chonaire.

Is é an 15 Nollaig 2015 dáta sprice an chomórtais. Ní mór iontrálacha a chur isteach roimh 5.00in ar an lá sin.

Fág freagra ar 'Comórtas Uí Chonaire fógartha do scríbhneoirí óga na Gaeilge'