Comórtas seolta le deis a thabhairt do dhaltaí scoile cuimhneamh ‘ar bhuntáiste na Gaeilge’ sa saol oibre

An suíomh saoloibre.ie a reáchtálann an Comórtas Scileanna Gairme AIB le tacaíocht ó AIB agus COGG

Comórtas seolta le deis a thabhairt do dhaltaí scoile cuimhneamh ‘ar bhuntáiste na Gaeilge’ sa saol oibre

Tá comórtas seolta a bhfuil sé mar aidhm aige deis a thabhairt do dhaltaí scoile cuimhneamh “ar bhuntáiste na Gaeilge” sa saol oibre.

An suíomh saoloibre.ie a reáchtálann an Comórtas Scileanna Gairme AIB le tacaíocht ó AIB agus COGG.

Iarrtar ar scoláirí machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair agus iad ar thaithí oibre agus a mhíniú conas a chabhróidh na scileanna sin leo ina gcuid gairmeacha amach anseo.

Deir an lucht eagraithe gur “deis iontach” é an comórtas chomh maith do na scoláirí le “cuimhneamh ar bhuntáiste na Gaeilge sa saol oibre”.

An 20 Aibreán an spriocdháta do dhaltaí le cur isteach ar chomórtas na bliana seo agus i measc na nduaiseanna atá le buachan tá ríomhaire glúine MacBook Air agus ceamara GoPro.

Gheobhaidh scoileanna na ndaltaí a n-éiríonn leo €1000 dá gclár scoile.

Glactar le hiontrálacha scríofa nó físe. Tá gach eolas ar fáil ó saoloibre.ie agus www.cogg.ie

Fág freagra ar 'Comórtas seolta le deis a thabhairt do dhaltaí scoile cuimhneamh ‘ar bhuntáiste na Gaeilge’ sa saol oibre'