Comórtas Peile na Gaeltachta: Na himreoirí, na foirne agus na scóranna is fearr

'Foireann an Chomórtais'. Na himreoirí is fearr. An scór is fearr. An reálta is mó a raibh tóir ag lucht na bhféiníní air. Seo rogha ár gcolúnaí.

Cé nár tháinig críoch cheart le Comórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo thuas in Ard an Rátha, bhí sárpheil fós le feiceáil le linn an deiridh seachtaine. Seo cuid de na himreoirí agus na cuimhní a chuaigh i bhfeidhm ar Tuairisc.ie.

Imreoir na deireadh seachtaine (Fir)

Allianz Football League Division 1 16/3/2013 Donegal Dermot Molloy Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Dermot ‘Brick’ Molloy ag imirt le Dn na nGall. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Dermot ‘Brick’ Molloy (Naomh Conaill) – Mar a tharlaíonn go minic ag Comórtas Peile na Gaeltachta, ní raibh cuid de na himreoirí is fearr atá ag na clubanna ar fáil mar gheall go bhfuil siad gafa le foireann an chontae. D’ imir cuid de pheileadóirí Dhún na nGall ar an Satharn, ar nós Anthony Thompson (Naomh Conaill) agus Mark agus Eoin McHugh (Cill Chartha), ach ní raibh cead acu imirt ar an Domhnach agus ní bheadh an gradam seo tuillte acu tar éis aon chluiche amháin.

Fear amháin a bhí i mbarr a mhaitheasa dá chluichí uile ná Dermot ‘Brick’ Molloy. Tar éis dhó bonn Uile Éireann a bhuachan i 2012, is i mbliana a d’fhág sé foireann an chontae  agus bhí a chumas le feiceáil i rith na deireadh seachtaine. Cé go raibh imreoirí ar Naomh Conaill a d’oibrigh níos déine ná é, seans maith nach mbeadh áit bainte amach acu sa chluiche ceannais dá uireasa.

Caithfear imreoirí eile a raibh deireadh seachtaine den scoth acu a lua anseo, peileadóirí ar nós Stephen McBrearty (Cill Chartha), Aodán Ó Curraoin (An Spidéal) agus Colm Ó Braonnáin (Oileáin Árainn).

Imreoir na deireadh seachtaine (Mná)

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, ag bronnadh gradam laoch na himeartha ar Shannon N Chéidigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, ag bronnadh gradam laoch na himeartha ar Shannon N Chéidigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Shannon Ní Chéidigh (Maigh Cuilinn) – Cé go bhfuil Geraldine McLoughlin (An Tearmainn) agus Katy Herron (Gleann Fhinne) i measc na bpeileadóirí is fearr sa tír, is é an trua nach raibh ach cluiche amháin i gcomórtas sinsear na mban acu chun go bhféadfaidís a gcumas a thaispeáint. Mar sin, caithfear aitheantas a thabhairt d’imreoir a raibh ról lárnach aici dá foireann i rith na deireadh seachtaine.

Bhí sé deacair cuid de thorthaí chailiní Mhaigh Cuilinn a chreidiúint thar an deireadh seachtaine agus chuidigh Shannon Ní Chéidigh leo 19-27 san iomlán a aimsiú sa dá chluiche a bhí acu, ar an Satharn agus ar an Domhnach. Cuireadh scrúdú ceart orthu sa chluiche ceannais in aghaidh Naomh Conaill agus theastaigh sárthaispeantas eile ó Ní Chéidigh, a scóráil 1-4 ar an Luan, chun an taoide a chasadh agus an cluiche a bhuachan dóibh.

Scór na deireadh seachtaine

Imreoir an Spidéil, Aodán Ó Curraoin (ar chlé) ag imirt i gcoinne Chill Chartha. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Imreoir an Spidéil, Aodán Ó Curraoin (ar chlé) ag imirt i gcoinne Chill Chartha. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Aodán Ó Curraoin (An Spidéal) v Cill tSéadhna – Is mór an peaca é nach raibh ceamaraí TG4 ag taifeadadh ar an Satharn mar chaill an lucht féachana amach ar ceann de na scóranna is fearr atá feicthe ag Comórtas Peile na Gaeltachta le roinnt blianta anuas.

Bhí an Spidéal i bhfad chun cinn faoin am a tháinig an cúl ach níor bhain sé sin óna áilleacht. Chuaigh na Gaillimhigh ar an bhfrithionsaí  agus thug an leathchúlaí Brian Connelly uaidh pas breá 30m isteach i lámha Uí Churraoin. Agus fear an Spidéil ag déanamh ar an gcúl, tháinig báideoir Chill tSéadhna amach chun é a stopadh ach, cé go raibh an uillinn géar, d’éirigh leis an gCurraoineach an liathróid a ardú os cionn a chloiginn le corr na coise agus í a chur isteach san eangach.

An amhlaidh gur tharla sé sin?

Na Dúnaibh agus Clann na nGael san iomaíocht ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Na Dúnaibh agus Clann na nGael san iomaíocht ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí fadhb ann i gcluiche leathcheannais sóisear na bhfear ar an Domhnach nuair a chas Na Dúnaibh agus Clann na nGael ar a chéile. Caitheann an dá fhoireann na dathanna céanna, glas agus buí, ach ní raibh aon athrú feistis ag ceachtar foireann. Is léir nár cheap ceachtar acu go mbeadh sé de mhí-ádh orthu casadh ar fhoireanh a raibh na dathanna céanna acu ach dá ndéanfaidís beagán staidéir ar an gclár, d’fheicfidís go raibh geansaithe glasa ag sé cinn den 11 foireann a bhí sa chraobh sóisear.

Ar deireadh, bhí ar Na Dúnaibh a gcuid geansaithe a iompú taobh tuathail amach, rud nár thaithin rómhaith le tráchtairí Raidío Na Gaeltachta, nach raibh in ann na himreoirí a aithint nuair nach raibh na huimhreacha le feiceáil.

Réalta na deireadh seachtaine taobh amuigh den pháirc imeartha

Republic of Ireland Squad Training, Gannon Park, Malahide 1/6/2015Seamus ColemanMandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Bhí imreoir na hÉireann, Séamus Coleman, i láthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cé go raibh daoine ar nós Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl, agus Joe McHugh, TD i láthair ag Páirc an Phiarsaigh in Ard an Rátha don deireadh seachtaine, níl aon dabht ach gurb é an duine is mó a raibh tóir air ag lucht na ‘selfies’  ná imreoir sacair na hÉireann, Séamus Coleman.

Bhí fear Everton ag traenáil le foireann Martin O’Neill maidin Dé Luain agus, gan ach achar gearr le taisteal aige ón bhfód dúchais sna Ceallaí Beaga, thug sé cuairt ar an ollphubal oíche Dé Domhnaigh. Ní fios cén meas a bhí aige ar chaighdeán na peile don deireadh seachtaine ach bhí cuma breá sásta air agus é ag sú isteach a raibh de shiamsaíocht ag baint leis an ócáid.

Foireann na deireadh seachtaineFoireann na Blianna

 

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta: Na himreoirí, na foirne agus na scóranna is fearr'