Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 ag teacht go ceann scríbe

Cúig mhí i ndiaidh na mbabhtaí leathcheannais, imreofar cluichí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha amárach agus Cill Chartha agus Oileáin Árann ag iarraidh na craobhacha a bhuaigh siad anuraidh a thabhairt leo an athuair

Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 ag teacht go ceann scríbe
Imreoir Chill Chartha, Mark McHugh i rith chluiche ceannais 2014. Pictiúr le Seán Ó Mainnín
Imreoir Chill Chartha, Mark McHugh i rith chluiche ceannais 2014. Pictiúr le Seán Ó Mainnín

Tar éis dóibh a bheith curtha ar athló ar feadh cúig mhí, imreofar cluichí ceannais Comórtais Peile na Gaeltachta amárach in Ard an Rátha.

Naomh Conaill agus Cill Chartha a bheidh á fhéachaint le chéile sa chluiche sinsear agus tabharfaidh Oileáin Árainn  aghaidh ar Na Dúnaibh sa chluiche ceannais sóisear. Bhí ar na heagraithe na cluichí a chur siar ag tús an tsamhraidh tar éis don pháirc a bheith fágtha ina greallach ag báisteach aisteach thar oíche.

Agus craobhacha na Gaillimhe agus Dhún na nGall anois tagtha chun deiridh, tugadh an deis don lucht eagraithe na foirne a thabhairt ar ais chuig Ard an Rátha chun clabhsúr a chur ar chomórtas na bliana seo.

Is é an cluiche sinsear a tharraingeoidh aird mhuintir na háite agus Naomh Conaill agus curaidh 2014 Cill Chartha ag casadh lena chéile. Nuair a thosaigh an comórtas, ba iad an dá fhoireann seo a bhí luaite mar na cinn is láidre agus bhí daoine ag súil go mór leis an gcoimhlint sula ndearna an aimsir praiseach de chúrsaí.

I bhfianaise na coimhlinte idir na foirne seo le déanaí, níl mórán spreagadh ag teastáil uathu óir níl sé ach cúpla seachtain ó thug siad aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais chraobh Dhún na nGall.

Beidh Cill Chartha ag iarraidh díoltas a bhaint amach mar gheall ar an méid a tharla sa chluiche sin. Rinne fir na nGleannta scrios orthu, 4-10 i gcoinne 0-10, sa chluiche leathcheannais agus bhuaigh siad ansin Corn Dochtúra Mhic Uidhir an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh Naomh Adhamhnáin.

gurb iontach an gaisce é sin do Naomh Conaill, cruthaíonn sé fadhbanna dóibh don chluiche amárach. Agus iad anois mar churaidh Dhún na nGall, beidh Naomh Conaill ag imirt seaimpíní Thír Eoghain, Trí Leac, i gcluiche ceathrú ceannais Uladh an tseachtain seo chugainn agus má siad ag iarraidh díriú isteach ar an gcomórtas sin, seans go gcaithfidh siad scíth a thabhairt do chuid dá gcuid imreoirí amárach.

Os a choinne sin, bheifeá ag súil go mbeadh Cill Chartha ag déanamh a ndíchill an comórtas a bhuachan. Beidh díomá orthu nár éirigh leo i gcraobh Dhún na nGall agus thabharfadh craobh Chomórtas Peile na Gaeltachta sólás éigin dóibh. Dar ndóigh, is comórtas é a thaitníonn leo agus é buaite sé huaire acu go dtí seo.

Fiú mura mbeadh ach duine nó beirt fágtha ar lár ag Naomh Conaill, tá an tallann ag Cill Chartha chun leas a bhaint as sin agus leitheidí muintir McHugh agus muintir McBreartys acu.

I gcomórtas na sóisear, bhí Oileáin Árann i mbarr a maitheasa agus iad sa tóir ar an gcraobh don dara bliain as a chéile. Bhí buanna móra acu i gcoinne Móindearg agus Na Gaeil Óga sular chuir chur an bháisteach stop leis an scrios a bhí á dhéanamh acu. Ba iad rogha na coitiantachta chun an chraobh a thabhairt leo arís i 2015.

raibh na Dúnaibh i bhfad taobh thiar díobh an deireadh seachtaine sin, áfach, agus bhí bua maith acu ar Chlann na nGael sa chluiche leathcheannais. Bhí an ceann is fearr faighte acu ar Laochra Loch Laoi agus Ard an Rátha sna babhtaí roimhe sin agus beidh ar Oileáin Árann súil ghéar a choinneáil ar Lorcan O’Connor, an t-iarimreoir mionúr idirchontae.

Sular thit an bháisteach an Luan úd, bhí deireadh seachtaine iontach ann in Ard an Rátha ó thaobh an aicsin ar an bpáirc agus na háiseanna a cuireadh ar fáil. Toisc na deacrachtaí uile a bhí ann ó shin, tá breá peile agus seal gréine tuillte ag an lucht eagaraithe chun slua a mhealladh.

Roghanna Tuairisc.ie: Cill Chartha agus Oileáin Árainn

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 ag teacht go ceann scríbe'